Glac Páirt
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 8 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 24 Bealtaine 2021
Réamhrá
Úsáidfidh an feachtas Amach Os Ard na scéalta dearfacha a chuireann sibh ar fáil lena léiriú go bhfuil daoine óga LGBTI+ sofheicthe, go mbaineann luach leo agus go bhfuil siad á gcuimsiú i ngach earnáil den tsochaí. Roinnfear na scéalta ar an suíomh gréasáin seo, ar na meáin shóisialta agus ag imeacht ceiliúrtha a reáchtálfar in Eanáir 2021.
Táimid ag iarraidh ar dhaoine óga LGBTI+, na daoine atá ag obair leo agus a gcairde, scéalta a chur ar fáil dúinn ionas gur féidir linn aird a tharraingt ar agus ceiliúradh a dhéanamh ar na bealaí dearfacha, cruthaitheacha agus nuálacha ina bhfuil meas á léiriú do na daoine óga seo, go bhfuil sofheicthe agus go bhfuil siad á gcuimsiú.
Is féidir leat cineálacha éagsúla meáin a chur ar fáil: físeán, íomhá agus téacs.
Beimid ag iarraidh ar dhaoine aighneachtaí a sheoladh tríd an bhFoirm Google seo.
Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois, ní féidir linn glacadh le d’iarratas ach amháin má tá toiliú tugtha ag do thuismitheoir nó caomhnóir, sa rannóg toilithe d’Fhoirm Google.
Saghsanna Iarratais
Físeán
Más mian leat físeán gníomhaíochta beo nó beoite a sheoladh ar aghaidh, caithfidh tú é a uaslódáil go dtí YouTube.com nó Vimeo.com. Is féidir an nasc leis an bhfíseán seo a sheoladh ar aghaidh ansin tríd an Fhoirm Thaiscthe. Ní féidir linn glacadh le comhaid físeáin.
Íomhá
Más mian leat íomhá a sheoladh ar aghaidh, d’fhéadfadh grianghraf a glacadh ar ghuthán nó ceamara digiteach, de dhuine, grúpa daoine, áit nó rud a bheith i gceist leis seo. Is féidir le híomhá nó grianghraf scanta de shaothar ealaíne, dealbhóireacht nó múrphictiúr a bheith ann. Caithfidh tú an íomhá a sheoladh ar aghaidh tríd an Fhoirm Thaiscthe.
Téacs
Más mian leat téacs a sheoladh ar aghaidh, is féidir le haiste, dán, alt nó téacs i ndialann a bheith i gceist leis seo. Caithfidh tú an téacs a sheoladh ar aghaidh tríd an Fhoirm Thaiscthe.
Más mian leat féachaint ar shamplaí de na cineálacha físeáin, íomhánna nó téacs is féidir leat a chur ar fáil, cliceáil anseo.
Más mian leat féachaint ar noda agus cleasa a chabhróidh leat an méid tairbhe agus is féidir a bhaint as an smaoineamh atá agat cliceáil anseo.
Treoir maidir le hAighneachtaí
Tá scéalta dearfacha á lorg againn a dhéanann ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+ i measc na n-earnálacha go léir den tsochaí.
Teastaíonn aighneachtaí uainn a dhéanann ceiliúradh ar dhaoine óga LGBTI+ a bheith infheicthe, ar luach a bheith a léiriú orthu agus a bheith curtha san áireamh ina bpobail agus ina n-eagraíochtaí.
Teastaíonn uainn a chloisteáil:
- ó dhaoine óga LGBTI+ faoi conas a bhraitheann siad sábháilte, san áireamh agus go bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh ina scoileanna nó coláistí, grúpaí ealaíon nó cultúrtha, foirne nó ionaid spóirt, clubanna óige nó grúpaí óige
- conas atá tacaíocht á tabhairt do ghrúpaí mionlaigh laistigh den phobal LGBTI+ chun go mbraitheann siad go bhfeictear iad, go bhfuil siad sábháilte agus san áireamh agus go léirítear luach orthu
- conas atá dlúthpháirtíocht agus tacaíocht á léiriú ag comhlachtaí óige, spóirt, ealaíon nó oideachais LGBTI+ do ghrúpaí LGBTI+ go háitiúil agus go hidirnáisiúnta
Teastaíonn uainn chun gach earnáil den tsochaí a thabhairt san áireamh atá ag maireachtáil agus a bhfuil croíchuspóirí na Straitéise Óige Náisiúnta LGBTI+ á gcomhlíonadh acu chun timpeallacht shábháilte, thacúil agus ionchuimsitheach a chruthú do dhaoine óga LGBTI+.
- Oideachas: Timpeallacht níos tacúla agus ionchuimsithí a chruthú do dhaoine óga LGBTI+ i suíomhanna oideachais fhoirmiúil
- Seirbhísí don Ógra: Gach seirbhís don ógra a dhéanamh níos ionchuimsithí do dhaoine óga LGBTI+ agus seirbhísí inrochtana LGBTI+ don ógra a sholáthar go náisiúnta
- Fostaíocht: Deiseanna comhionanna fostaíochta agus timpeallacht oibre chuimsitheach a chinntiú do dhaoine óga LGBTI+
- Cultúr agus Spórt: Timpeallacht níos tacúla agus níos ionchuimsithí a sholáthar a spreagann ionadaíocht agus rannpháirtíocht dhearfach LGBTI+ sa chultúr, sa tsochaí agus sa spórt, agus a laghdaíonn an stiogma LGBTI+
- Tacaíocht do Thuismitheoirí agus Teaghlaigh: Tacaíochtaí a leathnú agus a fhorbairt do thuismitheoirí agus teaghlaigh dhaoine óga LGBTI+
- Tionscnaimh Dhea-Chleachtais agus Oiliúna: Bearta a sholáthar i measc soláthraithe seirbhíse chun feabhas a chur ar a dtuiscint ar, agus a gcumas chun idirchaidreamh a dhéanamh le, daoine óga LGBTI+
- Daoine Óga Trasinscneacha: Timpeallacht ionchuimsitheach fhisiciúil a sholáthar do dhaoine óga trasinscneacha agus idirghnéasacha
- Daoine Óga LGBTI+ i nGrúpa Mionlaigh: Timpeallacht ionchuimsitheach a sholáthar do dhaoine óga in eitneacht mhionlaigh LGBTI+ agus do dhaoine óga a ndéantar difear trasnach dóibh