English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Leanaí a bhfuil Riachtanais Bhreise acu



Réamhrá

Má tá do leanbh faoi mhíchumas nó má shíleann tú go bhfuil, b’fhéidir go gcabhródh na hacmhainní thíos leat.


Réamhscoil

An tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM)

Is samhail tacaíochtaí é AIM atá deartha lena chinntiú gur féidir le leanaí faoi mhíchumas rochtain a fháil ar an gclár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE), clár réamhscoile uilíoch dhá bhliain atá ar fáil do gach leanbh laistigh den aoisraon incháilithe. Is samhail leanbhláraithe é AIM, a sholáthraíonn leibhéil de thacaíocht fhorchéimnitheach bunaithe ar riachtanais an linbh agus an tsuímh réamhscoile. Tá tuilleadh eolais le fáil ag aim.gov.ie.


An Clár um Sheirbhísí do Leanaí agus Daoine Óga Faoi Mhíchumas a Chur Chun Cinn

Tá sé mar aidhm leis an gClár um Sheirbhísí do Leanaí agus Daoine Óga Faoi Mhíchumas a Chur Chun Cinn (PDS) an bealach a bhfuil seirbhísí á soláthar ar fud na tíre a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil sé cothromasach agus comhsheasmhach le haghaidh gach duine. Tá eolas tábhachtach le fáil ar leathanach gréasáin PDS maidir le céard ba cheart duit a dhéanamh má shíleann tú go bhfuil do leanbh faoi mhíchumas nó más mian leat níos mó a fhoghlaim faoi seirbhísí do leanaí faoi mhíchumas agus seirbhísí a aimsiú i do cheantar féin.


Tacaíochtaí Uathachais

Soláthraíonn Cumas Uathachais na hÉireann raon eolais agus seirbhísí do theaghlaigh.

Is carthanas uathachais é AsIAm a sholáthraíonn eolas, comhairle agus tacaíocht abhcóideachta.


Leanaí le neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde (ADHD)

Is tionscadal pobalbhunaithe é an Tionscnamh um Athrú Saoil a chruthaíonn tuiscint níos fearr ar ADHD agus a sholáthraíonn clár idirghabhála do theaghlaigh le leanaí (3-7) a bhfuil a n-iompar comhsheasmhach le ADHD.

Soláthraíonn ADHD Ireland eolas cothrom le dáta, acmhainní agus deiseanna líonraithe do dhaoine a bhfuil ADHD orthu, tuismitheoirí leanaí le ADHD agus na gairmithe a bhíonn ag freastal orthu.


Acmhainní do thuismitheoirí leanaí faoi mhíchumas intleachta

Soláthraíonn Blossom Ireland oiliúint bunaithe ar scileanna do dhaoine óga faoi mhíchumas intleachta atá 14 bhliain d’aois agus níos sine a chuirfidh ar a gcumas ullmhú don saol mar dhuine fásta. Áirítear anseo tacaíocht, abhcóideacht agus faisnéis shaincheaptha don duine óg agus dá t(h)eaghlach i rith tréimhsí tábhachtacha athraithe dá saol.