Réidh don Scoil
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 15 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2025
- Tacaigh le Scileanna Neamhspleáchais do Pháiste trí
- An Chéad 5 Scileanna Neamhspleáchais do Linbh
- An Chéad 5 Cárta Poist le hAghaidh Aistrithe
- Tacaigh le Folláine Mhothúchánach do Pháiste trí
- Eolas a Chomhroinnt le Múinteoir do Pháiste
- Stuif faoin Scoil:
- Caidreamh a Thógáil le Múinteoir do Pháiste
- Imní COVID-19
Seo mar is féidir leat tacú le turas do pháiste ar scoil:
Tacaigh le Scileanna Neamhspleáchais do Pháiste trí
- Gléasadh neamhspleách a spreagadh agus a chleachtadh. Lig do leanaí iad féin a ghléasadh agus a mbróga agus a gcóta féin a chur orthu;
- Ithe neamhspleách a spreagadh agus a chleachtadh. Faigh cabhair le socrú áite agus sceanra a leagan amach agus spreag leanaí chun glanadh suas nuair a bhíonn siad críochnaithe ag ithe. Ba chóir do leanaí a gcuid deochanna féin a dhoirteadh agus im a chur ar a dtósta féin srl;
- Dul chuig an leithreas a spreagadh agus a chleachtadh. Ba chóir do leanaí an leithreas a úsáid go neamhspleách nuair is féidir, áit a n-úsáideann siad an leithreas, a ndéanann siad an leithreasa shruthlú agus a níonn siad agus a dtriomaíonn siad a lámha;
- Iarracht a dhéanamh gan aon tasc a dhéanamh ar féidir leis an bpáiste a dhéanamh dóibh féin fiú má thógann sé beagán ama;
- Iad a spreagadh chun cabhrú leat le poist timpeall an tí. I measc na bpost maith do leanaí 4 agus 5 bliana d’aois tá; a leaba a dhíriú ar maidin, iad féin a ghléasadh agus a gcuid fiacla a scuabadh, an cith a úsáid go neamhspleách, an tábla a ghlanadh tar éis béile, a gcuid éadaí a chur i gciseán níocháin agus a gcuid níocháin a thabhairt chuig an meaisín níocháin, níocháin a fhilleadh, an miasniteoir a fholmhú, bréagáin a ghlanadh suas nuair a bhíonn siad críochnaithe ag súgradh agus ag cabhrú lasmuigh;
- Forbraíonn gach leanbh ar luas difriúil. Labhair leo faoi na rudaí a bhfuil tú ag obair orthu le chéile. Lig dóibh na roghanna a dhéanamh agus na scileanna ar mhaith leo oibriú orthu a chleachtadh.
An Chéad 5 Scileanna Neamhspleáchais do Linbh
An Chéad 5 Cárta Poist le hAghaidh Aistrithe
Tacaigh le Folláine Mhothúchánach do Pháiste trí
- Do pháiste a spreagadh le súgradh laistigh agus lasmuigh den bhaile an oiread agus is féidir;
- Má tá do leanbh i bhfostú agus é ag déanamh rud éigin, lig dóibh leanúint ar aghaidh ag déanamh iarrachta, mar tógann sé seo a mbuanseasmhacht agus a muinín. Is féidir leat rud éigin mar seo a rá; “Feicim go bhfuil tú i ndáiríre ag iarraidh é sin a chríochnú, maith thú as iarracht chomh mór sin a dhéanamh”;
- Labhair faoi mhothúcháin do pháiste agus déan iad a ainmniú le cuidiú leo a gcuid mothúchán a rialáil agus déileáil le mothúcháin éagsúla. Cuidíonn caint faoi agus ainmniú mothúchán le leanaí déileáil leis na mothúcháin éagsúla atá acu. Cuidigh leo a gcuid mothúchán a ainmniú má bhíonn deacrachtaí acu iad a chur in iúl. Bealach cabhrach is ea scéalta pictiúr a léamh faoi mhothúcháin chun cabhrú le do pháiste na rudaí a d’fhéadfadh a bheith á mothú acu ina gcorp a ainmniú, an chaoi a bhfuil siad ag smaoineamh agus ag mothú. Beidh go leor leabhar le moladh sa leabharlann áitiúil;
- Oibrigh ar chineáltas, labhair faoi bheith cineálta agus léirigh cineáltas dóibh. Is féidir leo cleachtadh a dhéanamh ar a siblíní;
- Socraigh labhairt ar an bhfón le duine lárnach réamhscoile nó ceannaire réamhscoile do pháiste chun am do linbh sa réamhscoil a phlé agus má tá aon chomhairle acu a bhaineann go sonrach le do leanbh maidir le haistriú go bunscoil;
- Pléigh an méid atá ar eolas ag do pháiste faoin mbunscoil, cén chaoi a bhfuil súil acu leis, cad é atá siad ag tnúth leis, nó, cad a d’fhéadfaidís a bheith neirbhíseach faoi? Cuir ar a suaimhneas iad maidir le haon eagla. Beidh tionchar ag an mbealach a léiríonn daoine fásta bheith trína chéile nó buartha ar do leanbh. Feicfidh leanaí an t-iompar seo agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar aige orthu. Cuimhnigh labhairt go dearfach faoin athrú agus d’ábhar buartha nó imní féin a bhainistiú;
- Tabhair cuairt ar an mbunscoil le breathnú ar an bhfoirgneamh/ar an gclós súgartha agus labhair faoi conas a rachaidh do pháiste ar scoil gach lá;
- Taispeáin grianghraif den éide scoile do do pháiste agus inis dóibh faoi leanaí eile a bhfuil aithne acu orthu a fhreastalaíonn ar an scoil cheana féin. B’fhéidir go bhfuil aithne agat ar chuid dá gcairde réamhscoile, a bheidh ag dul chuig an mbunscoil chéanna, agus go bhfhéadfá socrú a dhéanamh bualadh le chéile sa pháirc i rith an tsamhraidh?;
- Bíodh do pháiste páirteach i spás súgartha bunscoile a bhunú i rith an tsamhraidh lena n-áirítear a mbosca lóin, mála scoile, páipéar agus criáin/pinn luaidhe, leabhair srl;
- Má tá do pháiste an-chorraithe faoi smaoineamh na scoile, ná coinnigh ort ag caint faoi ar feadh tamaill, ach coinnigh ag obair ar dheiseanna súgartha agus neamhspleáchais.
Má bhí tionchar díreach ag COVID-19 ar do leanbh bí an-chúramach faoi chomhráite a bheith agat le daoine fásta eile os comhair do linbh a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis imní nó trína chéile. Ba chóir do thuismitheoirí a iarraidh ar bhaill eile den teaghlach gan labhairt faoi ábhair áirithe os comhair leanaí freisin.
Eolas a Chomhroinnt le Múinteoir do Pháiste
Tá teimpléad aistrithe speisialta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar féidir le tuismitheoirí a chomhlánú agus a roinnt le múinteoir a linbh. Is féidir leat teimpléad aistrithe ‘Mo Scéal’ a fheiceáil anseo.
Féadfaidh do sheirbhís um fhoghlaim agus cúram luath-óige pacáiste aistrithe a chur chugat a chuimsíonn an teimpléad seo agus cárta do do pháiste le pictiúr díobh féin a tharraingt dá múinteoir. B’fhéidir gur mhaith leat an teimpléad a líonadh agus é a roinnt leis an múinteoir nuair a thosóidh an scoil. Mura bhfaigheann tú pacáiste is féidir leat glaoch ar do Choiste Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúil agus seolfaidh siad ceann chugat. Tá a gcuid sonraí teagmhála anseo.
Stuif faoin Scoil:
Más é seo an chéad uair a fhreastalóidh leanbh i do theaghlach ar scoil, seo roinnt leideanna úsáideacha. Déanfaidh scoileanna cumarsáid dhíreach le teaghlaigh faoi na riachtanais don scoil sin.
Éide (más infheidhme):
Beidh teagmháil déanta ag an scoil chun tú a chur ar an eolas faoi éide agus faoin áit ar féidir iad a cheannach. Is gnách go mbíonn dhá chuid d’éide bunscoile, éide atá comhdhéanta de bhríste /pilirín, léine agus geansaí agus culaith reatha scoile le t-léine.
Inseoidh múinteoir do pháiste duit cén lá ar chóir do leanaí a gculaith reatha a chaitheamh nó d’fhéadfadh an scoil a bheith solúbtha ina leith.
Cuidíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (Back to School Clothing and Footwear Allowance, BTSCFA) leo siúd atá i ngátar airgeadais costas éide agus coisbhirt a íoc do leanaí atá ag dul ar scoil.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Leabhair Scoile:
Seans go bhfaighfidh tú liosta leabhar agus is féidir leat na leabhair a cheannach ar líne nó i siopa leabhar áitiúil. Is féidir na leabhair a chlúdach agus ainm do pháiste a chur orthu.
Tá scéim cíosa leabhar ag roinnt scoileanna. Tugann na scéimeanna seo téacsleabhair ar iasacht do leanaí agus gearrann siad táille cíosa. Is le Bord Bainistíochta na scoile na leabhair agus tugtar amach ar cíos iad gach bliain do dhaltaí.
Tá an costas a bhaineann leis na leabhair a fháil ar cíos ón scoil i bhfad níos ísle ná na leabhair a cheannach i siopa leabhar.
Mála Scoile agus Cás Pinn Luaidhe:
Beidh mála scoile, cás pinn luaidhe agus bosca lóin agus buidéal uisce ag teastáil ó gach leanbh agus a n-ainm orthu. Ba chóir go mbeadh leanaí in ann a mboscaí lóin féin agus buidéil uisce a oscailt. Seiceáil an mála scoile gach tráthnóna. Féadfaidh múinteoirí nótaí a sheoladh abhaile i málaí scoile na leanaí. Féadfaidh roinnt scoileanna cumarsáid a dhéanamh trí aip nó ríomhphost a úsáid.
Cairde a Dhéanamh:
Tugann tosú na scoile an dúshlán agus an deis cairde nua a dhéanamh do leanaí agus do thuismitheoirí. Bíonn sé seo níos éasca do roinnt daoine fásta agus leanaí ná do dhaoine eile. Is féidir le tuismitheoirí cabhrú trí bheith oscailte agus cairdiúil le tuismitheoirí agus le leanaí eile. De réir mar a shocraíonn leanaí isteach, is féidir leat na cairdis sin a spreagadh trí choinní súgartha a eagrú, nuair is féidir sin, le tuismitheoirí eile. Is foinse iontach comhairle agus faisnéise faoin scoil iad tuismitheoirí le leanaí níos sine. Féach an bhféadfadh bealach a bheith ann do thuismitheoirí sa rang cumarsáid a dhéanamh as seo amach mar ghrúpa ‘WhatsApp’ ranga.
Caidreamh a Thógáil le Múinteoir do Pháiste
Roimh COVID-19, bheifeá ag bualadh leis an múinteoir agus tú ag fágáil do pháiste isteach ina rang. Ní bheidh sé seo indéanta faoi láthair agus tá scoileanna ag smaoineamh ar bhealaí nua chun cumarsáid a dhéanamh le teaghlaigh. Beidh sé deacair ar mhúinteoirí comhráite fada a bheith acu ag an am seo ach is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo agus iarraidh am a shocrú le caint leo má tá aon imní ort. D’fhéadfadh sé go mbeadh an caidreamh le do scoil níos foirmiúla ná an réamhscoil agus is mó seans go mbeidh méid an ghrúpa níos mó. Bí cairdiúil agus oscailte leis an múinteoir. Déan liosta de na rudaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait a rá. Ná bíodh eagla ort ceisteanna a chur faoin lá scoile agus ábhar an churaclaim. Ní bheidh múinteoir do pháiste ach ró-shásta iad a fhreagairt.
Tá bileog ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ar an gcaoi a n-oibríonn scoileanna agus na poist éagsúla i scoil ar nós ról an phríomhoide agus Bord Bainistíochta na scoile. Is féidir leat féachaint air anseo.(Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil.)
Gaelscoileanna:
Freastalaíonn os cionn 53,000 leanbh in Éirinn ar ghaelscoileanna. Is é an tsamhail oideachais a chuirtear chun cinn laistigh de Ghaelscoileanna ná an tumoideachas, áit a bhfaigheann daltaí a gcuid oideachais - laistigh agus lasmuigh den seomra ranga trí mheánna Gaeilge. Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise agus tacaíochtaí a fheiceáil anseo
Scoileanna DEIS:
Is scoileanna DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna) iad roinnt bunscoileanna in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag na scoileanna seo deiseanna níos fearr a chruthú do leanaí i bpobail atá i mbaol míbhuntáiste agus eisiaimh shóisialta.
Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (Tusla Education Support Service, TESS)
Tá freagracht oibríochta ar TESS as an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (Home School Community Liaison Scheme, HSCL). Is múinteoirí iad na Comhordaitheoirí Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail a thugann cuairt ar thuismitheoirí agus a thacaíonn leo, d’fhonn torthaí oideachais do leanaí a fheabhsú. Oibríonn Comhordaitheoirí HSCL go dlúth le comhghleacaithe ón dá shnáithe eile de TESS; an Clár Críochnaithe Scoile (School Completion Programme, SCP) agus an tSeirbhís Leasa Oideachais (Educational Welfare Service, EWS) d’fhonn seirbhís chomhtháite a sholáthar do leanaí agus do theaghlaigh i Scoileanna DEIS.
Imní COVID-19
In aimsir na héiginnteachta seo, beidh scoileanna ag obair go crua le treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun an chomhairle sláinte poiblí a chur i ngníomh. Féadfaidh tú tacú le do scoil trí chloí le haon treoracha a d’fhéadfá a fháil. Má tá imní nó fadhbanna sláinte ar leith ag do leanbh ba chóir duit iad seo a phlé leis an scoil sula dtosaíonn sé. Tá an chomhairle sláinte poiblí is déanaí ó HSE ar fáil anseo