English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Réidh le hAcmhainní



ABCs

Is tionscnamh ceantarbhunaithe um chosc agus luath-idirghabháil é an Clár Óige Ceantarbhunaithe (Area Based Childhood programme, ABC) a dhíríonn ar infheistíocht in idirghabhálacha atá bunaithe ar fhianaise chun torthaí do leanaí agus do theaghlaigh in Éirinn a fheabhsú. Cuirtear an Clár ar fáil i dtrí cheantar déag atá faoi mhíbhuntáiste ar fud na tíre.

I measc na dtionscadal ABC ar aistrithe tá:

  • Clúdaíonn an clár Tús An-Mhaith (Flying Start) de chuid Genesis trí idirthréimhse; Ag Ullmhú don Tuismitheoireacht, Ag Ullmhú don Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige agus Ag Ullmhú don Scoil Mhór. Is féidir teacht orthu seo.
  • Tá naisc ag Tús Ceart (Start Right) i Luimneach le dhá acmhainn aistrithe, Pacáiste Acmhainní um Aistrithe Teaghlaigh agus doiciméad Ambitions for Transitions ar féidir teacht anseo.

Aistear

Is é Aistear an creat curaclaim do leanaí ó bhreith go sé bliana d’aois in Éirinn. Soláthraíonn sé faisnéis do dhaoine fásta chun cabhrú leo pleanáil agus eispéiris foghlama thaitneamhacha dhúshlánacha a sholáthar, ionas gur féidir le gach leanbh fás agus forbairt mar fhoghlaimeoirí inniúla muiníneacha i gcaidrimh ghrámhara le daoine eile. Déanann Aistear cur síos ar na cineálacha foghlama (meonta, luachanna agus dearcthaí, scileanna, eolas agus tuiscint) atá tábhachtach do leanaí ina luathbhlianta, agus tugann sé smaointe agus moltaí maidir le conas a d’fhéadfaí an fhoghlaim seo a chothú.

Tuilleadh sonraí anseo.


Barnardos

Is é misean Barnardos seirbhísí a sholáthar agus oibriú le teaghlaigh, pobail, agus lenár gcomhpháirtithe chun saol leanaí leochaileacha a dtéann eispéiris dhochracha óige i bhfeidhm orthu a athrú. Seo thíos roinnt acmhainní úsáideacha:


Tús Níos Fearr (Better Start)

Is tionscnamh Forbartha Cáilíochta é ‘Tús Níos Fearr’ de chuid na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA), ag comhoibriú le hAonad Beartas Oideachais Luathbhlianta na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES) agus oibríonn sé chun cur chuige comhtháite a bhunú maidir le cáilíocht ar fud na hearnála um fhoghlaim agus cúram na luath-óige in Éirinn. Tá Pobal ina óstach ar ‘Tús Níos Fearr’ thar ceann na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Féachaint ar fhíseán 'Aggie Goes to School.'


Coistí Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga (Children and Young People’s Services Committees, CYPSC)

Coinníonn suíomh gréasáin náisiúnta CYPSC faisnéis áitiúil de réir contae maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do leanaí, do dhaoine óga agus do theaghlaigh. Tá Leathanach Acmhainní Áitiúla ag gach CYPSC ina soláthraíonn siad faisnéis nó naisc chuig faisnéis faoi sholáthar seirbhíse sa chontae sin. Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar gach CYPSC áitiúil trí chuairt a thabhairt ar leathanach CYPSC Do Chontae agus ag roghnú cén contae ar mhaith leat cuairt a thabhairt air. Nó is naisc iad na leathanaigh Acmhainní Áitiúla seo go léir anseo.(Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil.)


(Luath-Óige Éireann)(Early Childhood Ireland, ECI)

Is í Luath-Óige Éireann an eagraíocht is mó san earnáil um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige. Déanann ECI ionadaíocht ar 3,800 soláthróir foghlama agus cúraim na luath-óige, a thacaíonn le níos mó ná 100,000 leanbh agus a dteaghlaigh trí sholáthar réamhscoile, iarscoile agus cúram lae iomlán ar fud na tíre. Cuimsíonn obair ECI feabhsú cáilíochta, foilseacháin, abhcóideacht, oiliúint, tacaíocht ghnó & faisnéis d’earnáil a fhostaíonn níos mó ná 30,000 duine inniu.

Sa tsraith phodchraoltaí seo, féachann ECI ar conas do bhealach a dhéanamh tríd an aistriú agus trí na hathruithe ón naíonra go dtí an bhunscoil, lena chinntiú go bhfuil na leanaí agus a dteaghlaigh suaimhneach agus tógtha faoin gcéim nua seo ina saolta.

In eagrán 1, tá an Dr. Derek Grant ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ag caint faoi conas is féidir cabhrú leis na róil, na hathruithe agus an caidreamh a bhaineann leis an aistriú chuig an Scoil Mhór. Féach ar an bpodchraoladh (i mBéarla amháin, ár leithscéal): anseo

In eagrán 2 den tsraith seo faoi na haistrithe, feictear Kathleen Cash agus Lorraine Cash ó Tír na nÓg, Co. Chill Dara, a bhuaigh an Gradam Náisiúnta um Aistrithe do Leanaí de chuid Luath-Óige Éireann (ECI), ag déanamh cur síos ar a gcur chuige i leith na haistrithe i ndáiríre. Féach ar an bpodchraoladh (i mBéarla amháin, ár leithscéal) anseo

Sa tríú agus clár deiridh sa sraith podchraoltaí ó Luath-Óige Éireann maidir le hAistrithe beidh Milica Atanackovic agus Fiona Kelleher ag caint faoi thionscadal TRAP, a tháinig deireadh leis go gairid ó shin. Beidh siad ag caint faoi fhorbairt an chláir agus na hábhair a tháinig as an tionscadal de chuid an AE ó chomhpháirtíocht idir an Chróit, an Íoslainn agus an tSualainn. Is féidir leat féachaint ar an bPodchraoladh anseo


Éire Shláintiúil

Is tionscnamh rialtas-treoraithe é Éire Shláintiúil atá dírithe ar shláinte agus fholláine gach duine in Éireann a fheabhsú.

Téigh go www.gov.ie/together chun comhairle fholláine chuí a fháil.


Safefood


Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí (NPC)

D'fhorbair an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí - Bunbhrainse sraith acmhainní saor in aisce chun tacú le tuismitheoirí tacú lena gcuid leanaí trína gcuid oideachais luath-óige agus ina dhiaidh sin. Is féidir leat tuilleadh acmhainní a fháil lena n-áirítear foilseacháin agus clár foghlama ar líne ar ár suíomh gréasáin. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil.)


Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (TESS)

Tá trí shnáithe ag TESS eadhon an tSeirbhís Leasa Oideachais (EWS) reachtúil agus an dá sheirbhís tacaíochta scoile - an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (HSCL) agus an Clár Críochnaithe Scolaíochta (SCP). Oibríonn na trí shnáithe TESS le chéile i gcomhar le scoileanna, teaghlaigh agus seirbhísí ábhartha eile chun na torthaí oideachais is fearr a bhaint amach do leanaí agus do dhaoine óga.


NCCA

Comhlacht reachtúil de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna is ea an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).


An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE)

Cuireadh an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) ar bun chun feabhas a chur le seachadadh seirbhísí oideachais do dhaoine le riachtanais speisialta oideachais a eascraíonn as míchumais le béim ar leith ar leanaí. Bunaíodh an Chomhairle ar dtús mar chomhlacht reachtúil neamhspleách le hordú ón Aire Oideachais agus Eolaíochta i mí na Nollag 2003.

Cuirtear seirbhís áitiúil ar fáil trí líonra náisiúnta Eagraithe Riachtanas Oideachais Speisialta (Special Educational Needs Organiser (SENO) a idirghníomhaíonn le tuismitheoirí agus le scoileanna agus a dhéanann idirchaidreamh le HSE chun acmhainní a sholáthar chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais

speisialta oideachais acu.


Gaeloideachas

Is eagraíocht náisiúnta, deonach é Gaeloideachas atá ag tacaíocht na forbartha ar oideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Soláthraíonn Gaeloideachas comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine gur mhian leo oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fail dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí agus abhcóideacht do dhaoine atá ag obair san earnáil.

Cúpla acmhainn úsáideach atá thíos