English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seo Linn ag Súgradh - Smaointe



ImagineNation

Tá an leabhar ImagineNation lán le gníomhaíochtaí, puzail, dánta agus gearrscéalta ó chuid de na scríbhneoirí agus maisitheoirí leabhar do pháistí is fearr in Éirinn, a chuirfidh dlús faoin gcruthaitheacht. Cruthaithe ag Leabhair Pháistí Éireann i gcomhpháirt le An Post. Roinn do chruthaitheacht le daoine eile tríd an haischlib #ImagineNation.


An Club Leabhar Any-Book

An Club Leabhar Any-Book - Bealach chun an leadrán a sheachaint trí aon leabhar atá agat sa teach a léamh. Ba é Leabhair Pháistí Éireann a chruthaigh an Club Leabhar seo le tacaíocht ó Fhondúireacht Smurfit Kappa.


Roinn Scéal

Roinn Scéal - Anois ó tharla go leor ball teaghlaigh, seantuismitheoirí go háirithe, a bheith ag streachailt leis an saol mar go bhfuil siad scartha ón muintir féin, d’fhéadfadh teaghlaigh a bheith ag léamh le chéile fad is atá siad scartha óna chéile trí scéal a roinnt lena chéile. Físeán cabhrach atá cruthaithe ag Leabhair Pháistí Éireann agus Family Friendly HQ atá lán le noda den chéad scoth. Roinn d’eispéiris féin le daoine eile tríd an haischlib #shareastory.


Bright Sparks Creative Bursts

Gníomhaíochtaí cruthaitheacha gearra atá i gceist le Bright Sparks Creative Bursts ar féidir leat iad a dhéanamh sa bhaile le do leanaí. Caith tamall i dteannta an údair dhuaisbhuaitigh do leanaí, Sarah Webb, i mbun roinnt cluichí agus leideanna scríbhneoireachta - scaoil le do shamhlaíocht!


NovelTeens

Is ag Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) atá NovelTeens, forbartha, sraith saor in aisce ar líne de mháistir-ranganna gearra cruthaitheacha do dhéagóirí le hÚdair Éireannacha Leabhar d’Aosaigh Óga.


Am Scéalaíochta an Earraigh

Féach ar scéalta agus ar léitheoireacht leabhar curtha ar fáil ag údair Éireannacha agus ag foireann leabharlainne anseo.


In My Element: Lightbox

Is sraith gníomhaíochtaí é In My Element le haghaidh leanaí, tuismitheoirí, agus daoine ar spéis leo filíocht ar féidir leo tairbhe a bhaint as sa bhaile.

Seo acmhainní iontacha ónár gcairde in Play Scotland:

Messy Play Book 1

Messy Play Book 1

Messy Play Book 2

Loose Parts

Experimental Play