English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Seo Linn ag Súgradh Teaghlaigh


Cé go bhfuil go leor smaointe thart le haghaidh aoisghrúpaí difriúla seo roinnt smaointe ar féidir leis an teaghlach sult a bhaint astu le chéile:

  • Oíche ag na scannáin, pioc scannán le chéile agus déan grán rósta.
  • Imirt cluiche fichille, dúradán, murlán nó cártaí.
  • Bain triail as cluiche boird – bíonn an-spraoi ag baint leo!
  • Céard faoi mata damhsa nó cluiche wii a imirt.
  • Leadóg bhoird, haca aeir, leadóg, caitheamh saighead, púl nó snúcar.
  • Oíche sócúlachta le masc aghaidhe, cosa ar maos agus suathaireacht lámh.
  • Má tá ‘cluichire’ sa teach - imir é le chéile. Bíonn an-spóirt ag déagóirí ag féachaint ar a dtuismitheoirí ar chluichí ríomhairí!
  • Téigí amach – imir peil, friosbaí, seachain, an muicín sa lár nó sáinnithe sa láib nó tráthnóna siúlóide. Beidh iontas ort faoin méid spraoi a bheidh agaibh!
  • Roinn cuid de na seanchluichí traidisiúnta leis an gclann – bualadh an cholbha, dhá liathróid, ciceáil an canna, ag léim le rópa...
  • Picnic, déan béile le chéile, nó BBQ! Codail faoin spéir!
  • Caith tamall ag spraoi cluichí traidisiúnta cosúil le táiplis, ficheall, cluichí cártaí, cluichí cláir etc.
  • Cinntigh gur am teaghlaigh é am béile agus tabhair deis do gach duine cabhrú leis an ullmhúchán.
  • Má tá an aimsir go deas téigh amach sa ghairdín. Bíodh picnic agaibh ag am lóin.
  • B’fhéidir fiú go mbeadh an t-am agat an gairdín a nuamhaisiú agus go mbeadh deis ag an gclann ar fad cabhrú leat. Is cineál teiripe é garraíodóireacht agus péinteáil do thuismitheoirí agus do leanaí. D’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag an dúlra ar do mheabhairshláinte féin agus ar mheabhairshláinte do theaghlaigh.
  • An Teaghlach is Aclaí in Éirinn má dhéanann siad beagán traenála! D’fhéadfá cúrsa bacainní a chruthaigh taobh istigh nó taobh amuigh nó cúrsa Saineolaí Aclaíochta éigin a leanúint ar YouTube. Is bealach iontach é aclaíocht a dhéanamh i dteannta a chéile chun an intinn agus an corp a choinneáil sláintiúil. Má bhíonn leanaí i mbun gníomhaíochta fisiciúla is féidir cabhrú lena gcumas aird a thabhairt ar a gcuid oibre agus díriú ar an obair scoile i rith an lae.
  • Má tá spás agat, déan iarracht an oiread cluichí agus is féidir a imirt taobh amuigh beag beann ar an aimsir. Bain taitneamh as an dúlra agus as an aimsir. I measc na gcluichí ar féidir leis an gclann taitneamh a bhaint astu amuigh faoin aer tá friosbaí, leadóg, peil.

Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den fhíseán agus de na hacmhainní seo a leanas ar fáil.

At home together with the 4 M's
Amharc amharc
Like a tree
Amharc amharc
Matilda and Theo: Looking after our lost and found things in the time of Coronavirus
Amharc amharc
Bertrand the Bored and the Imagination Jar
Amharc amharc
Things to look forward to after the Coronavirus
Amharc amharc
Understanding Coronavirus for Kids
Amharc amharc

Inspioráid Cócaireachta

Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní sa mhír seo ar fáil.

Cipíní Cáca

Béilí nach gcosnóidh an iomarca agus a bhfaighidh an clann ar fad blas orthu

Más spéis leat oidis shimplí agus shláintiúla, is féidir leat Daniel Davey Health and Wellness a leanúint

Get Kids Cooking le Jamie Oliver

Inspioráid Bácála


Céadfach


Closleabhair/Clos-scéalta

Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní sa mhír seo ar fáil.

Scéalaíocht 'No David'

Multilingual May – scéal atá á insint i Spáinnis agus i mBéarla

Story Online

Elevenses


Am Scáileáin le linn na hÉigeandála

Seo é an méid a deir an Cumann Súgartha Idirnáisiúnta faoi am scáileáin:

Bíonn formhór teaghlaigh ag iarraidh cothromaíocht a bhaint amach idir an méid ama a chaitear ar scáileáin agus am a bheith ann le haghaidh cineálacha eile súgartha agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear am don teaghlach le chéile.

Má tá rochtain agat ar scáileáin sa bhaile i rith phaindéim an choróinvíris, is bealach iontach iad do do pháiste:

  • a bheith i dteagmháil le cairde, leis an scoil, le grúpaí sóisialta agus le gaolta
  • eispéiris, imní agus smaointe a roinnt
  • píosa spraoi a bheith aige agus sult a bhaint as an saol
  • a bheith ag gabháil do chluiche ar a ndíríonn sé a aird ar fad
  • a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha
  • faisnéis, nuacht agus comhairle a rochtain.

Ar ndóigh thuigfeá go scaoilfí le cuid de na gnáthrialacha sa ghéarchéim reatha. Ach níl sé go maith ag páiste an lá ar fad a chaitheamh ar an scáileán, cé go dtugann sé deiseanna agus eispéiris thábhachtacha do do pháiste freisin.

Mar shampla, b’fhéidir go mbeadh deacracht ag do pháiste dul a chodladh, nó d’fhéadfaidís cailleadh amach ar ghníomhaíochtaí eile.

Seo roinnt bealaí chun cabhrú le do pháiste an dá thrá a fhreastal:

  • Taispeáin dó go dtuigeann tú agus go bhfuil suim agat ann. Abair leis go dtuigeann tú nach bhfuil scáileáin go maith nó go dona ar fad, nach bhfuil sé dubh agus bán. D’fhéadfá triail a bhaint as roinnt dá chuid cluichí a imirt, nó iarr air múineadh duit faoi na haipeanna is maith leis.
  • Lean ag bogadh thart. Spreag do pháiste chun sosanna rialta a ghlacadh, seachas a bheith ina shuí nó ina luí siar ar feadh tréimhse rófhada. Is féidir siúl timpeall, agus réaltléimeanna nó brúnna aníos a dhéanamh chun an ráta croí a mhéadú.
  • Téigh amach faoin aer. Más féidir é, spreag é chun roinnt aclaíochta a dhéanamh faoin aer.
  • Féach amach an fhuinneog. Tá sé go maith ag súile do pháiste féachaint nó fócasú ar rud éigin eile trí fhéachaint ar fhíor na spéire nó ar fhoirgnimh i bhfad uaidh.
  • Ná bíodh aon scáileán os comhair do pháiste ag am béile. Beidh deis agaibh labhairt le chéile agus sásamh a bhaint as an mbéile.
  • Déan iarracht scáileáin a sheachaint sula dtéann do pháiste a chodladh. Beidh sé níos éasca dá bharr sin ag do pháiste titim ina chodladh, agus éirí ar maidin.
  • Déan pleananna le chéile. Pléigh le do pháiste cén t-achar a cheapann sé féin atá sé ceart go leor scáileán a úsáid gach lá. Iarr air plean a dhéanamh, agus fiafraigh dó cad a chuideodh leis cloí leis an bplean.
  • Cuimhnigh. B’fhéidir gur mhaith le páiste níos sine a bheith ag déanamh rudaí a rinne sé nuair a bhí sé níos óige nó a bheith ag súgradh le seanbhréagáin a thaitin go mór leis. Is féidir leis sin cabhrú leis mothú slán sábháilte.

Roinnt comhairle do dhaoine fásta:

  • Déan iarracht gan a bheith ag seiceáil nuashonruithe ar an bpaindéim coróinvíris arís is arís. Déan iarracht cinneadh coinsiasach a dhéanamh chun fógraí a mhúchadh nó a bhalbhú. Agus déan iarracht gan an nuacht a sheiceáil ach díreach cúpla uair sa lá.

Naíonáin agus páistí an-óg

Is maith le naíonáin scáileáin. Go mór mhór má bhíonn na daoine timpeall orthu ar scáileáin. Ach ní ó scáileán a thagann na rudaí is tábhachtaí a theastaíonn ó naíonáin agus ó pháistí an-óg dá bhforbairt. Is iad na rudaí is tábhachtaí ná teagmháil le daoine eile agus an teaghlach a bheith ag caint, ag baint barróga dá chéile, ag gabháil fhionn agus ag súgradh leo.

Feicfidh tú thíos moladh na hEagraíochta Domhanda Sláinte do naíonáin agus do pháistí an-óg:

(i mBéarla amháin, ár leithscéal)