English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II 2024-2028

Tá Pobal an Lucht Siúil agus an Pobal Romach i measc na ngrúpaí is mó a ndéantar imeallú orthu inár sochaí.

Tá sé mar aidhm ag an Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II dul i ngleic leis an imeallú sin.

An aidhm atá ag na Gníomhartha faoin Straitéis ná dul i ngleic le dearcthaí agus aghaidh a thabhairt ar an éagothroime a bhfuil an dá phobal ag déileáil léi:

• dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an idirdhealú de chineál ar bith;

• a chinntiú go seachadtar seirbhísí poiblí ar bhealach atá oiriúnach ó thaobh cultúir de;

• a chur ar chumas Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh lánpháirt a ghlacadh i ngach gné den saol sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch;

• fáil ar lóistín a fheabhsú;

• tacú leis an tsláinte agus leis an bhfolláine;

• an dul chun cinn tríd an oideachas a chinntiú;

• deiseanna a chruthú san oiliúint agus san fhostaíocht; agus

• fáinne fí na bochtaineachta idirghlúine a bhriseadh.

Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II 2024-2028
Amharc amharc
Straitéis Náisiúnta um Ionchuimsiú Phobal an Lucht Siúil agus an Phobail Romaigh II - Plean Gníomhaíochta 2024–2026
Amharc amharc