English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tacaíocht agus Comhairle



Introduction

Parenting can be the most rewarding, yet sometimes challenging, experience.

This section provides links to evidenced-based parenting information, advice and courses that you can access online.


Helplines for Parents

Parentline

Parentline is a free confidential helpline that offers parents support, information and guidance on all aspects of being a parent. More information available at Parentline.ie.

Pre-Court Information for Family Law Users

Attending court for the first time is stressful and confusing. Court.ie has information available can help you prepare.

There is also a YouTube video for How to Prepare For Your Family Law Hearing and one for Attending Family Law Court.

Líne Thacaíochta ISPCC

Soláthraíonn Líne Thacaíochta ISPCC seirbhís rúnda ríomhphoist agus éisteachta teileafóin, agus tugtar eolas, comhairle agus tacaíocht mhothúchánach do dhaoine aonair a bhfuil riachtanais acu a bhaineann le caidreamh teaghlaigh nó tuismitheoireacht, agus do dhaoine a bhféadfadh imní a bheith orthu maidir lena leanaí. Tá tuilleadh eolais le fáil ag ISPCC.ie.ie

One Family

Is é Askonefamily ainm na líne cabhrach do dhaoine atá i mbun tuismitheoireachta aonair, tuismitheoireachta roinnte nó tuismitheoirí atá ag scaradh óna chéile. Tá tuilleadh eolais le fáil ag onefamily.ie.

Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí

Tá líne chabhrach rúnda bunaithe ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus beidh a gcuid oibrithe in ann aon cheist atá agat maidir le hoideachas bunscoile nó luathbhlianta do linbh a fhreagairt. Tá tuilleadh eolais le fáil ag NPC.ie.


Tacaíochtaí áitiúla do thuismitheoirí

Ionaid Acmhainní do Theaghlaigh

Tairgeann Ionaid Acmhainní do Theaghlaigh raon seirbhísí tacaíochta tuismitheoireachta do ghrúpaí agus do dhaoine aonair. I láthair na huaire, tá tacaíocht phraiticiúil á tairiscint do theaghlaigh ina gceantar áitiúil agus tá gairmithe cáilithe ar fáil le daoine ar an teileafón agus trí fhíschomhrá. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait agus chun eolas a aimsiú maidir le d’Ionad Acmhainní Teaghlaigh áitiúil cliceáil anseo.

Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga (CYPSC)

Pleanálann agus comhordaíonn Coistí Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga (CYPSC) seirbhísí do leanaí agus do dhaoine óga atá idir 0 – 24 bliain d’aois ina gceantar geografach. Tá eolairí ar líne ag roinnt CYSPC ina bhfuil eolas le fáil faoi na seirbhísí atá ag tacú le tuismitheoirí agus teaghlaigh ina gceantar faoi láthair.


Cúrsaí tuismitheoireachta

Tairgeann Parenting24seven ó Tusla eolas cabhrach maidir leis na hacmhainní is oiriúnaí do leanaí agus do theaghlaigh ag aoiseanna agus céimeanna difriúla. Tá roinnt modúl forbartha ag Tusla a bhfuil sé mar aidhm leo do nasc le do leanbh a fheabhsú, ar a dtugtar Relationships are Key. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Relationships are Key.

Tá raon cúrsaí tuismitheoireachta ar líne le fáil trí Leabharlanna Éireann. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Leabharlanna Éireann.


Sláinte agus Folláine

Bia Sláintiúil

Soláthraíonn an feachtas START ó safefood, FSS agus Éire na Sláinte, eolas agus leideanna chun tacú le teaghlaigh agus chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann le bia sláintiúil a ithe, aclaíocht agus dea-nósanna codlata a bhunú. Tá tuilleadh eolais le fáil ag safefood.ie/START.

Tá sé mar aidhm le “Treoirlínte Bia Shláintiúil do leanaí idir 1-4 bhliain d’aois” Éire na Sláinte cabhrú le tuismitheoirí dea-nósanna maidir le bia sláintiúil a ithe a bhunú. Tá físeán Youtube ina bhfuil comhairle le fáil, ar fáil anseo. Tá tuilleadh eolais maidir leis na treoirlínte bia shláintiúil le fáil anseo.

Tá tuilleadh eolais maidir le bia sláintiúil a ithe le fáil ag Item was unpublished or removed

Folláine

Tá comhairle maidir le folláine do thuismitheoirí agus leanaí óga le fáil ag mychild.ie.

Tá raon acmhainní ag Barnardos chun tacú le tuismitheoirí agus a dteaghlaigh aire a thabhairt don Chroí, Corp agus Anam. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Barnardos.ie.

Tá roinnt leideanna curtha i dtoll a chéile ag Rothaíocht Éireann maidir le cabhrú le do leanbh a bheith ag rothaíocht. Tá tuilleadh eolais agus físeáin ar fáil ó Rothaíocht Éireann.


Súgradh

Tá roinnt acmhainní súgartha ar fáil d’aoisghrúpaí difriúla.

Seo Linn ag Súgradh in Éirinn

Is tionscnamh de chuid an Rialtais é Seo Linn ag Súgradh in Éirinn atá dírithe ar leanaí ar fud na hÉireann a chur ag súgradh i rith éigeandáil COVID-19. Tá tuilleadh eolais le fáil ag gov.ie/letsplayireland

Naíonáin agus leanaí óga

Tá raon leideanna agus straitéisí ag An Chéad 5 chun tacú le folláine leanaí. Tá tuilleadh eolais le fáil ag first5.gov.ie.

Bileoga leideanna do naíonáin agus leanaí óga i 7 dteanga

Tá bileoga leideanna maidir le súgradh do naíonáin agus leanaí óga le fáil i 7 dteanga.

Clúdaítear na haoisraonta seo a leanas:

0 - 18 mhí

12 mhí - 3 bliana

2.5 - 6 bhliain

Tá tuilleadh eolais le fáil ó An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).


Sábháilteacht

Sábháilteacht sa bhaile

Tá treoir chuimsitheach maidir le sábháilteacht leanaí sa bhaile ar fáil ó FSS. Tá tuilleadh eolais le fáil ag HSE.ie/Sábháilteacht.

Má shíleann tú go bhfuil do leanbh nimhithe, glaoigh ar an Líne Eolais Phoiblí Nimheanna ag an uimhir 01 809 2166. Tá leideanna maidir le cosc nimhithe le fáil ón Ionad Eolais Náisiúnta Nimheanna freisin.

Sábháilteacht ar líne

Tá comhairle phraiticiúil do thuismitheoirí maidir le sábháilteacht ar líne le fáil ar Mhol Tuismitheoirí Webwise. Ar an Mol Tuismitheoirí tá sainchomhairle le fáil ó ghairmithe, eolas maidir le príobháideachas agus rialúchán tuismitheoirí, cibearbhulaíocht, aipeanna a bhfuil tóir orthu agus mar sin de. Tá tuilleadh eolais le fáil ar Mhol Tuismitheoirí Webwise.

Tá treoir dhigiteach tuismitheoireachta curtha i dtoll a chéile ag Comhairle na hEorpa ina bhfuil treoir le fáil maidir le leanaí a chosaint ar líne ó theacht i dtír gnéasach agus drochúsáid ghnéasach. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Tuismitheoireacht sa Ré Dhigiteach.