Toircheas agus Tuismitheoirí Nua
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Réamhrá
Tá sé tábhachtach ar mhaithe leat féin agus do naíonán go mbíonn do stíl mhaireachtála sláintiúil i rith do thoirchis. D’fhéadadh go mbeadh go leor ceisteanna á gcur agat i rith na tréimhse seo freisin. Anseo thíos gheobhaidh tú acmhainní a chabhróidh leat ullmhú do bhabaí a bheith agat.
Tuismitheoirí atá ag súil le babaí
Tá eolas agus treoir maidir le toircheas forbartha ag FSS atá le fáil ag HSE/mychild.ie.
Cabhraíonn ranganna réamhbhreithe leat ullmhú don tinneas clainne, breith agus a bheith i do thuismitheoir. Tá eolas úsáideach agus acmhainní ar líne le fáil ag HSE/antenatalclasses. Tá eolas agus comhairle maidir le toircheas agus COVID-19 le fáil ag HSE/COVID-19 and pregnancy.
Tá sé tábhachtach a bheith airdeallach air agus go mbeadh cóir leighis ar fáil d’fhadhbanna meabhairshláinte chomh maith le fadhbanna leis an tsláinte fhisiciúil i rith toirchis. Tá eolas maidir le cúrsaí meabhairshláinte i rith toirchis agus an Clár Náisiúnta um Sheirbhísí Meabhairshláinte Imbhreithe Speisialaithe le fáil ag HSE.ie.
Tá breis is tríocha gearrfhíseán ar fáil, atá forbartha ag Aonad Sláinte an Lucht Siúil in FSS, do Mhná Torracha den Lucht Siúil, ar fáil anseo.
Tuismitheoirí nua
Breith a chlárú
Tá tuilleadh eolais maidir le conas breith a chlárú le fáil ag gov.ie/registerabirth.
Cárta Cuairte Dochtúra do leanaí faoi 6 bhliain d’aois
Is féidir le gach leanbh atá faoi 6 bhliain d’aois atá ina c(h)ónaí in Éirinn cárta cuairte Dochtúra a fháil. Tá tuilleadh eolais le fáil ag HSE.ie/under 6 GP Card.
Sochar linbh
Is íocaíocht mhíosúil é an Sochar Linbh a íoctar le tuismitheoirí nó caomhnóirí leanaí atá faoi 16 bhliain d’aois, nó 18 mbliana d’aois má tá siad ag tabhairt faoi chúrsaí oideachais lánaimseartha. Nuair a chláraítear breith linbh, cuirfidh DEASP tús le héileamh sochair duit agus seolfar foirm chugat ionas gur féidir an próiseas a chur i gcrích. Tá tuilleadh eolais le fáil ag Gov.ie.
Na hathruithe a tharlaíonn nuair a saolaítear babaí
Tá comhairle agus tacaíocht chuimsitheach do thuismitheoirí leanaí óga le fáil ó mychild.ie.
Toirchis neamhphleanáilte
Is líne Shaorghlao FSS é My Options (1800 828 010) a sholáthraíonn faisnéis agus comhairleoireacht saor in aisce agus rúnda do dhaoine atá ag déileáil le toirchis neamhphleanáilte. Tá tuilleadh eolais le fáil ag HSE.ie/MyOptions.