English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal i gcoitinne



Réamhrá

Cé gur ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí atá an phríomhfhreagracht aire a thabhairt dá leanaí agus iad a chosaint, bíonn tacaíocht bhreise ag teastáil uaireanta chun leanaí a choinneáil slán.

Mar bhaill den phobal, táimid go léir freagrach as leanaí agus daoine óga a choinneáil slán. Tá sé tábhachtach go mbeidh a fhios ag teaghlaigh, ag pobail, agus ag gairmithe cad ba chóir a dhéanamh chun tacaíocht a fháil agus chun leanaí a chosaint ó mhí-úsáid agus ó fhaillí.


Tuismitheoirí agus caomhnóirí

Uaireanta, d’fhéadfaí go bhfuil tacaíocht bhreise agus cúnamh ag teastáil ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí sa bhaile, chun cabhrú leo deacrachtaí a shárú agus a bheith cinnte go bhfuil a leanaí sábháilte. Má tá tú buartha, mar thuismitheoir/mar chaomhnóir, go bhfuil mí-úsáid á déanamh ar leanbh, ní mór duit fios a bheith agat conas an mhí-úsáid a aithint agus conas í a thuairisciú.

Tá tuilleadh eolais faoi Thús Áite do Leanaí le haghaidh tuismitheoirí agus caomhnóirí ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).

Is féidir leat tuilleadh a fháil amach freisin faoi Sheirbhísí Tacaíochta do theaghlaigh agus do dhaoine aonair anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


An pobal i gcoitinne

Cé gurb é ról na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí a leanaí a chosaint, tá dualgas cúraim ar an tsochaí freisin maidir le leanaí agus le daoine óga. Ba chóir go mbeidh gach duine aireach go bhféadfaí go bhfuil mí-úsáid á déanamh ar leanaí a bhfuil teagmháil acu leo, nó faillí á déanamh iontu, nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


Cad iad na cineálacha mí-úsáide atá ann agus conas is féidir liom iad a aithint?

Tá an fhreagracht ar gach duine leanaí a choinneáil chomh slán agus is féidir. Is féidir linn é seo a dhéanamh trí fhoghlaim faoi na cineálacha mí-úsáide atá ann agus conas iad a aithint.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).


Imní a thuairisciú

Má tá tú buartha go ndearnadh mí-úsáid ar leanbh nó ar dhuine óg, nó go ndearnadh faillí iontu, nó má tá tú buartha go bhfuil a leithéid ag tarlú faoi láthair nó go bhféadfaidís a bheith i mbaol, ba chóir duit dul i dteagmháil le rannóg oibre shóisialta de chuid Tusla.

Tá tuilleadh eolais faoi conas tuairisc a dhéanamh le Tusla ar fáil anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge de na hacmhainní seo ar fáil).

I gcás éigeandála, má dhealraíonn sé go bhfuil contúirt láithreach agus thromaí ann do leanbh nó do dhuine óg, téigh i dteagmháil leis an nGarda Síochána.