English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Tionscnamh Náisiúnta Síolta Aistear

Bunaíodh an Tionscnamh Náisiúnta Síolta Aistear (TNSA) in 2016 chun tacú le rolladh amach comhordaithe Síolta agus Aistear, na creataí náisiúnta cáilíochta agus curaclaim don Earnáil um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige.

Déantar an tionscnamh a sheachadadh trí chur chuige idirghníomhaireachta a chuimsíonn an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ), an Roinn Oideachais (RO), Tús Níos Fearr - Forbairt Cáilíochta Luathbhlianta Náisiúnta, an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí (CCLanna) agus Eagraíochtaí Náisiúnta Deonacha um Chúram Leanaí (ENDCLanna).

Tacaíonn beirt Oifigeach Forbartha náisiúnta le hobair an tionscnaimh, Oifigeach Forbartha Síolta agus Oifigeach Forbartha Aistear. Tá grúpa forbartha acmhainní freagrach as ábhair FGL a fhorbairt chun tacú le cur i bhfeidhm Síolta agus Aistear.

Soláthraíonn eagraíochtaí tacaíochta Tús Níos Fearr, CCLanna agus ENDCLanna raon tacaíochtaí FGL, oiliúna agus meantóireachta do shuímh um Fhoghlaim agus Cúram na Luath-Óige chun tacú le cur i bhfeidhm Síolta agus Aistear. Áirítear leis na tacaíochtaí seo rochtain ar cheardlanna tosaigh agus feasachta chun tacú le cur amach agus tuiscint ar na Creataí náisiúnta, a sheachadtar trí CCLanna. Cuireann TNSA clár FGL Aistear agus Súgradh ar fáil freisin a chuimsíonn cúig cheardlann aonair agus dhá sheisiún tacaíochta ar an láthair, a sheachadann Speisialtóirí Luathbhlianta um Fhorbairt Cáilíochta Tús Níos Fearr. Le tuilleadh eolais a fháil ar Aistear agus Súgradh, seol ríomhphost le do thoil chuig nsai@betterstart.ie .

Má tá aon cheist agat nó má tá tuilleadh eolais uait faoin TNSA déan teagmháil le do thoil le qualitydevelopment@equality.gov.ie .