€700,000 breise de mhaoiniú ag an Aire O’Gorman do sheirbhísí comhairleoireachta, síciteiripe agus teiripeacha do leanaí
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 12 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, d’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, leithdháileadh de €700,000 de mhaoiniú ó na Cuntais Dhíomhaoine ar 37 eagraíocht pobail agus dheonacha. Leis an maoiniú breise seo, cuirfear leis na seirbhísí comhairleoireachta, síciteiripe agus teiripeacha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch i bpobail ar fud na hÉireann. Cabhróidh sé le haghaidh a thabhairt ar an riachtanas nach bhfuiltear á bhfreastal agus laghdófar na liostaí feithimh do sheirbhísí comhairleoireachta pobalbhunaithe dá bharr.
Tá sé mar aidhm ag an gciste um comhairleoireacht agus síciteiripe agus cineálacha teiripe eile (teiripe shúgartha, drámaíochta, ealaíne agus cruthaitheach, an tacaíocht méala) a mhéadú do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta/eacnamaíoch agus nach féidir leo rochtain a fháil ar na seirbhísí sin gan tacaíocht.
Dúirt an tAire Ó Gormáin:
“Tá lúcháir orm €700,000 de mhaoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine a chur ar fáil do Tusla chun cur leis an obair atá déanta acu cheana féin ag tacú le leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh, go háirithe i ndiaidh na paindéime covid, tráth a bhfuil méadú mór ar líon na dteaghlach á thuairisciú ag seirbhísí pobalbhunaithe atá ag lorg tacaíochta do leanaí agus do dhaoine óga.
“Cabhróidh an beart seo le haghaidh a thabhairt ar fheabhas a chur ar inrochtaineacht agus infhaighteacht comhairleoireachta, síciteiripe, agus seirbhísí teiripe do leanaí agus daoine óga faoi mhíbhuntáiste ar fud na tíre.
“Is féidir le bearta Coiscthe agus Luath-Idirghabhála amhail an chomhairleoireacht, an tsíciteiripe agus tacaíochtaí teiripeacha feabhas a chur ar cháilíocht shaol leanaí sa bhaile chomh maith le caidrimh teaghlaigh, agus an ghnóthachtáil oideachais a mhéadú agus tacú leis an dea-mheabhairshláinte”.
Tá liosta de na heagraíochtaí agus mionsonraí faoi na leithdháiltí maoinithe le fáil anseo.
Nóta d'Eagarthóirí
Faoin mbeart seo, in 2023, tá €700,000 leithdháilte ar eagraíochtaí pobail agus deonacha, ar soláthraithe seirbhíse iad faoi láthair faoi chlár maoinithe Chomhairleoireachta Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh Tusla, chun seirbhísí comhairleoireachta/síciteiripe/teiripeacha a mhéadú do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta/eacnamaíoch i bpobail i ngach cearn den tír, in Éirinn. Tá conarthaí reatha ag na seirbhísí seo le Tusla agus comhlíonann siad rialachas, comhlíonadh agus treoirlínte Thús Áite do Leanaí dá réir.
Le Maoiniú Comhairleoireachta Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh Tusla cuireadh tacaíocht ar fáil do 224 eagraíocht san earnáil phobail agus dheonach in 2021 (figiúirí is déanaí) chun comhairleoireacht/síciteiripe pobalbhunaithe ar chostas íseal agus cineálacha teiripe eile a sholáthar lena n-áirítear an teiripe shúgartha, drámaíochta, ealaíne agus chruthaitheach.