English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ag infheistiú i gCearta an Linbh, Comhionannas Inscne agus Athrú Aeráide mar fhócas ag ionadaíocht bhuan na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe

An tAire Zappone le labhairt ag Fóram Polaitiúil Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe (HLPF)

Labhróidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dochtúir Katherine Zappone, ag Fóram Polaitiúil Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe (HLPF) le linn ionadaíocht bhuan chuig na Náisiúin Aontaithe, ag tosnú Luan (15ú Iúil).

Labhróidh an tAire Zappone le cruinniú painéil de Tuarascáil Monatóireachta ar Oideachas na hÉireann agus Domhanda ag Misean Buan na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe. Pléifidh an tAire Zappone bearta a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn chun soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú.

Agus í ag comóradh an 30ú Cuimhneachán den Choinbhinsiún ar Chearta an Linbh i mbliana, freastlóidh an tAire Zappone ar an eachtra, “Ná Fág aon Leanbh Lastiar: Ag Comhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí infheistiú i gCearta an Linbh” ag an HLPF. Aibhseoidh an tAire conas atá Éire ag cur i bhfeidhm na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGs) le béim ar infheistiú i gcearta an linbh mar phríomhluasaire le haghaidh dul chun cinn.

Ar Máirt (16ú Iúil), tabharfaidh an tAire Zappone an t-aitheasc “Ról na hÓige agus an tSochaí Shibhialta i nGníomhú ar son na hAeráide”, dialóg idirghlúine roimh Cruinniú Mullaigh Aeráide don Óige de chuid na Náisiún Aontaithe ag tarlú i Meán Fómhair. Aibhseoidh an tAire an tábhacht maidir leis an riachtanas do rannpháirtíocht cheart idir cheannairí agus an óige maidir le gníomhú ar son na haeráide.

Labhróidh an tAire Zappone freisin ag an gCruinniú Ardleibhéil Iomlánach, “Comóradh ar an 25ú Cuimhneachán den Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Dhaonra agus Forbairt”. Díreoidh an tAire Zappone ar Pholasaí na hÉireann le haghaidh Forbairt Idirnáisiúnta “Domhan Níos Fearr” agus Comhionannas Inscne.

Dúirt an tAire Zappone:

“Tá sé i measc mo thionscnaíochtaí mar Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige chun cinntiú go bhfuil deiseanna cothroma ag gach leanbh agus duine óg in Éirinn, fireann nó baineann, chun bláthú agus a bpoitéinseal iomlán a bhaint amach i ngach gné dá saolta. Tá comhionannas inscne curtha againn i gcroílár ár bpolasaí nua i gcóir forbairt idirnáisiúnta, Domhan Níos Fearr. Tá an polasaí tiomnaithe maidir le tacaíocht na hÉireann a mhéadú do chláracha bainteach go díreach le comhionannas inscne a bhaint amach.

“Tá cur chuige comhtháite idir an earnáil oideachais, tionsclaíocht agus fostóirí, an córas polaitíochta agus an tsochaí sibhialta riachtanach chun fáil réidh le haon chonstaicí atá fós ann a chuireann srian le rannpháirtíocht ban óga san ionad oibre agus réimsí eile den tsochaí. Ba cheart go seasfadh institiúidí oideachais agus ionaid oibre don chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsitheacht i gcónaí. Má ligimid do mhná a bheith imeallaithe ó fhás poist amach anseo, ní hamháin go ndéanfaidh sé díobháil do chomhionannas inscne inár sochaí ach caillfidh ár n-eacnamaíocht amach ar a gcumas, scileanna agus eolas.”

Casfaidh an tAire Zappone le Natalia Kanem freisin, Stiúrthóir Feidhmiúcháin UN FPA maraon le hAmbasadóir Geraldine Byrne Nason.

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí:

Cuimseoidh an ionadaíocht roinnt eilimintí.

Luan 15ú Iúil

Aitheasc an Aire Zappone ag HLPF “Ná Fág aon Leanbh Lastiar: Ag Comhlíonadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí infheistiú i gCearta an Linbh”. Eachtra comhóstáilte ag Gána, an Indinéis agus Vítneam i gcomhpháirt le UNICEF, Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, Plan International, Save the Children, SOS Children’s Villages International, World Vision agus ChildFund Alliance.

Glacfaidh an tAire Zappone páirt san Eachtra bunaithe ar an Tuarascáil Monatóireachta ar Oideachas Domhanda ag Misean Buan na hÉireann chuig na Náisiún Aontaithe. Mar chuid den eachtra, láinseálfar an Tuarascáil Monatóireachta ar Oideachas Domhanda Thar Tiomantais: An caoi a chuireann tíortha an tuarascáil ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i bhfeidhm. Éascóidh an eachtra plé maidir le ról na hóige agus rialtais i gcur i bhfeidhm SDG 4 agus soláthróidh sé deis chun na cleachtais is fearr atá ag tarlú i mballstáit éagsúla a aibhsiú. Pléifidh an tAire Zappone na bearta curtha i ngníomh in Éirinn chun soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú.

Freastlóidh an tAire Zappone ar an Eachtra Cuimhneacháin 100 bliain ILO ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe. Faoi láthair tá Éire ag comhurraíocht taispeántas ILO ag a comóradh céad bliain. Tá sliocht sa taispeántas ón Uachtarán Uí hUigínn agus aibhsíonn sé ról an Éireannaigh Edward Phelan i mbunú agus blianta luaithe an ILO. Tá Éire ag comhóstáil an fháiltithe chun tús a chur leis an taispeántas.

Máirt 16ú Iúil

Freastlóidh an tAire Zappone ar an HLPF (Eachtra Thaobhach Éireannach): Gníomhú ar son na hAeráide – Ról na hÓige agus an tSochaí Shibhialta maidir le hAthrú Aeráide a bhaint amach. Beidh Éire agus na hOileáin Marshall ag comhthreorú sruth oibre ullmhúcháin ar an ábhar “Rannpháirtíocht Óige agus Slógadh Poiblí” do Chruinniú Mulllaigh ar Ghníomhú ar son na hAeráide de chuid Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe 2019 a bheidh ar siúl i Nua Eabhrac ar 23 Meán Fómhair.

Labhróidh an tAire Zappone ag an gCruinniú Iomlánach Ardleibhéil, “Comóradh ar an 25ú Cuimhneachán den Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Dhaonra agus Forbairt”.

Díreoidh an tAire Zappone ar Bheartas na hÉireann le haghaidh Forbairt Idirnáisiúnta “Domhan Níos Fearr”

Céadaoin 17ú Iúil

Cruinniú le Natalia Kanem, Stiúrthóir Feidhmiúcháin UN FPA