Ainmníonn an tAire O'Gorman Cathaoirleach nua ar Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 4 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- IarChoimisinéir Leanaí Thuaisceart Éireann, Koulla Yiasouma, le teacht i gcomharbacht air mar Chathaoirleach i mí an Mheithimh.
D'fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, inniu go bhfuil sé ar intinn aige Koulla Yiasouma Uasal a cheapadh mar Chathaoirleach ar Bhord Bainistíochta Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh. Tiocfaidh Yiasouma i gcomharbacht ar an Ollamh Ursula Kilkelly a dtiocfaidh deireadh lena téarma mar Chathaoirleach an mhí seo.
Is ceannaire seanbhunaithe é Koulla Yiasouma i réimse chearta leanaí agus cheartais óige. Bhí sí ina Coimisinéir um Leanaí agus Daoine Óga i dTuaisceart Éireann idir 2015 agus 2023. Roimhe sin, bhí sí ina Stiúrthóir ar Include Youth, eagraíocht neamhspleách bunaithe ar chearta a bhí ag obair le daoine óga a raibh baint acu leis na córais ceartais choiriúil agus cúraim i dTuaisceart Éireann.
Agus an ceapachán á fhógairt aige, dúirt an tAire O'Gorman:
"Tá an-áthas orm Koulla Yiasouma a ainmniú mar Chathaoirleach Ainmnithe ar Bhord Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh. Tabharfaidh Ms. Yiasouma saibhreas taithí agus cumas straitéiseach don ról seo. Faoina ceannaireacht, beidh Baile an Oibricigh in ann leanúint lena fhorbairt chun cúram leanbhlárnach ar ardchaighdeán, cearta-bhunaithe, a sholáthar, agus ag an am céanna tacú lena dhaoine óga aghaidh a thabhairt ar a n-iompar ciontaithe agus filleadh go rathúil ar an tsochaí."
Dúirt an tAire freisin:
"Ba mhaith liom an deis seo a thapú freisin chun ómós a thabhairt don Chathaoirleach atá ag dul as oifig, an tOllamh Ursula Kilkelly. Tá an tOllamh Kilkelly ina Chathaoirleach ar Bhaile an Oibricigh ó 2015. Le linn na tréimhse sin, rinne sí maoirseacht ar chlaochlú an champais, ó thaobh nuachóiriú na n-áiseanna de, agus glacadh le creat um chearta leanaí a rialaíonn gach gné d'oibriú an champais anois. Ní raibh aon pháirt bheag ag tiomantas pearsanta ollmhór an Ollaimh Kilkelly dá cuid oibre mar Chathaoirleach chun na feabhsuithe seo a bhaint amach i mBaile an Oibricigh."
Ag freagairt do bheith ainmnithe mar Chathaoirleach Ainmnithe, dúirt Yiasouma:
"Is onóir é teacht i gcomharbacht ar an Ollamh Kilkelly mar Chathaoirleach ar Bhaile an Oibricigh. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an Stiúrthóir agus leis an mBord chun leanúint leis an obair atá tosaithe acu lena chinntiú go mbainfear amach cearta leanaí i mBaile an Oibricigh."
Roghnaíodh Koulla Yiasouma mar Chathaoirleach nua ar Bhaile an Oibricigh tar éis próiseas iomaíoch oscailte arna bhainistiú ag Seirbhís um Cheapacháin na mBord Stáit thar ceann na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Mar Chathaoirleach Ainmnithe, casfaidh Yiasouma Uasal leis an gComhchoiste Oireachtais um Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíochta agus Óige, agus deimhneofar a ceapachán mar Chathaoirleach ina dhiaidh sin.
NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ
Beathaisnéis Koulla Yiasouma
Cháiligh Koulla mar oibrí sóisialta i 1987, ag obair mar oifigeach promhaidh ar dtús sula ndeachaigh sí le NI Women's Aid i 1994 chun a Líne Chabhrach 24 uair an chloig a bhainistiú. Ar feadh na 17 mbliana go dtí 2015 bhí sí ina Stiúrthóir ar Include Youth, eagraíocht atá bunaithe ar chearta agus a bhí ag obair le daoine óga a raibh baint acu leis na córais ceartais choiriúil agus chúraim. Rinne sí ionadaíocht thar ceann na heagraíochta agus daoine óga ar roinnt comhlachtaí straitéiseacha.
Chríochnaigh Koulla an téarma 8 mbliana le déanaí mar Choimisinéir TÉ do Leanaí agus do Dhaoine Óga, áit ar cheap an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire í chun cearta agus leas leanaí a chosaint. Faoina ceannaireacht, d'oibrigh NICCY ar roinnt saincheisteanna lena n-áirítear meabhairshláinte, liostaí feithimh, riachtanais speisialta oideachais, ceartas óige, dúshaothrú agus cosaint leanaí.
Eolas faoi Bhaile an Oibricigh
Is é Baile an Oibricigh lárionad náisiúnta na hÉireann um choinneáil, cúram agus oideachas daoine óga faoi bhun 18 mbliana d'aois a atreoraíonn na cúirteanna ar orduithe coinneála nó athchuir. Bunaithe faoi Acht na Leanaí 2001, cuireann an Campas cúram aonair ar fáil do dhaoine óga trí chur chuige comhtháite ilghairmiúil a chuireann ar chumas daoine óga aghaidh a thabhairt ar a n-iompar ciontaithe agus filleadh go rathúil ar a dteaghlaigh. Suite in aice le Lusca i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, cuireann Baile an Oibricigh cúram ar fáil do 46 duine óg ar a mhéad (suas le 40 buachaill agus suas le 6 chailín).
Tá Bord Bainistíochta de 13 duine ceaptha ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige i mBaile an Oibricigh. Seo a leanas ballraíocht reatha an Bhoird:
An tOllamh Ursula Kilkelly | Cathaoirleach ag dul as oifig (téann an téarma in éag an 31 Bealtaine 2023) |
Craig Mulligan | Ball Foirne |
Laoise Manners | Ball Foirne |
Brian Arnold | Ionadaí do dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar |
Dymphna Sherry | Ionadaí do dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar |
Jennifer Gargan | Ceapadh í tar éis phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí |
Bernadette Costello | Ceapadh í tar éis phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí |
John McDaid | Ceapadh é tar éis phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí |
Elizabeth Davey | Ceapadh í tar éis phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí |
Martin Quigley | Ceapadh é tar éis phróiseas na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí |
Úna Ní Dhubhghaill | Ainmní DCEDIY |
Liz O’Neill | Ainmní na Roinne Oideachais |
William O’Rourke | Ainmní Tusla |
Ceapfar an Cathaoirleach nua ar feadh téarma ceithre bliana le héifeacht ón 1 Meitheamh 2023. Tá gach ceapachán ar Bhord Bhaile an Oibricigh faoi réir ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Is é an táille atá iníoctha leis an gCathaoirleach ná €8,978 in aghaidh na bliana. De réir an chleachtais sheanbhunaithe, tugtar an rogha do chomhaltaí de Bhoird Stáit a cháilíonn le haghaidh íocaíochta táillí den sórt sin a tharscaoileadh ar bhonn lánroghnach. Níl státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí atá ag fónamh i dteideal táille a fháil.
Cuirtear maoiniú ar fáil do Bhaile an Oibricigh trí Vóta na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige. Is é €28.544m an leithdháileadh do 2023, agus leithdháiltear €249,000 breise faoi Chuntais Dhíomhaoine do thionscadail forbartha ar leith. Ag deireadh mhí na Nollag 2022, b'ionann an líon iomlán foirne agus 251 (231.5 Coibhéis Lánaimseartha).
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Bhaile an Oibricigh, tabhair cuairt ar www.oberstown.com/