English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Bille um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 rite ag an Oireachtas

Chríochnaigh an Bille um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 inné (6 Iúil 2022) a chéim dheireanach i dTithe an Oireachtais go rathúil agus cuirfear faoi bhráid an Uachtaráin Ó hUiginn anois é lena bhreithniú agus lena shíniú.

Soláthróidh an píosa reachtaíochta ríthábhachtach seo bonn dleathach do thochailt fhóiréinseach ar scála iomlán, d’aisghabháil agus d’anailís ar iarsmaí na leanaí ag suíomh na hiar-Institiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim. Cumasóidh sé clár aitheantais bunaithe ar DNA chun cabhrú le ceisteanna a fhreagairt a d’fhéadfadh a bheith ag teaghlaigh faoina ngaolta, agus cinnteoidh sé go ndeonófar adhlacadh le dínit ar deireadh thiar do na leanaí atá ann.

Ag labhairt dó faoi rith na reachtaíochta, dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’Gorman:

“Ceadóidh an Bille um Adhlacthaí Institiúideacha dúinn, faoi dheireadh, adhlacadh dínit agus measúil a thabhairt do na leanaí a adhaíodh i dTuaim. Tá an Rialtas tiomanta do thochailt fhóiréinseach lánscála ar an suíomh agus tá an reachtaíocht seo riachtanach chun é sin a sheachadadh.

“Is é mo dhóchas ó chroí go dtabharfaidh sé seo sólás agus clabhsúr de shaghas éigin ar deireadh do na teaghlaigh agus na marthanóirí ar chuir an cás uafásach seo isteach go mór orthu.

“Bhuail mé le go leor marthanóirí agus baill teaghlaigh agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a bhflaithiúlacht as a gcuid ama a roinnt agus as an méid a chuir siad le forbairt na reachtaíochta seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Catherine Corless as a cuid oibre gan stad agus a tiomantas do na leanaí a adhlactar i dTuaim.”

Faoi réir achtú na reachtaíochta, tá sé beartaithe ag an Aire O’ Gorman í a thosú láithreach. Lorgóidh sé cead ón Rialtas ansin chun Ordú a dhéanamh faoin reachtaíocht a bhunaíonn Oifig an Stiúrthóra um Idirghabhálacha Údaraithe i dTuaim. Leagfar an dréacht-Ordú faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais. Nuair a bheidh sé ceadaithe, bunófar Oifig an Stiúrthóra um Idirghabhálacha Údaraithe i dTuaim agus ceapfar Stiúrthóir d’fhonn tosú ar thochailt ar shuíomh Thuama go luath an bhliain seo chugainn.

CRÍOCH