English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Athbhrandáil agus seoladh láithreán gréasáin Chomhairle na nÓg (Comhairle Áitiúil na nÓg)

Fáiltíonn an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige inniu roimh sheoladh bhrandáil agus láithreán gréasáin nua Chomhairle na nÓg (Comhairle Áitiúil na nÓg), a forbraíodh i gcomhar leis an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta. Comhlíonann sé sin príomhghníomhaíocht i bPlean Forbartha Cúig Bliana Chomhairle na nÓg chun branda na Comhairle a athbhreithniú agus a athsheoladh, chun a fís, a misean agus a luachanna a chur in iúl, agus chun a próifíl phoiblí a fheabhsú.

Cruthaíodh an bhrandáil nua do Chomhairle na nÓg tar éis próiseas comhairliúcháin le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear daoine óga. Coinnítear ainm na Comhairle agus forbraíodh brandáil spreagúil nua. Cuireadh trí phríomhúsáideoir san áireamh agus an láithreán gréasáin á dhearadh.

• Baill Chomhairle na nÓg,

• daoine óga a bhfuil suim acu a bheith páirteach sa Chomhairle,

• lucht déanta beartas a bhfuil fonn orthu leanaí agus daoine óga a chur san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta.

Chuir an tAire O’Gorman fáilte roimh an mbrandáil nua agus dúirt sé,

“Tá an bhrandáil nua spreagúil, tarraingteach agus cumhachtach agus is fíorléiriú í ar bhaill óga Chomhairle na nÓg”.

Ó 2002 i leith, tá Comhairle na nÓg (comhairlí áitiúla na n-óg) ag tabhairt guth do dhaoine óga maidir le beartais agus seirbhísí áitiúla a fhorbairt i ngach ceann de na 31 Údarás Áitiúil, le tacaíocht ón RLCMLÓ agus ón Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta. Bíonn daoine óga idir 12-17 mbliana d’aois ina mbaill dá gComhairle na nÓg áitiúil trína scoileanna, eagraíochtaí óige agus grúpaí pobail. Chomh maith le bheith mar struchtúr aitheanta náisiúnta do rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i gcinnteoireacht i ngach ceann de na 31 údarás áitiúil, tugann Comhairle na nÓg guth do dhaoine óga i gcinnteoireacht go náisiúnta trí Dháil na nÓg (Parlaimint Náisiúnta na nÓg), Seanad na nÓg (Seanad na nÓg) Tionól Náisiúnta Óige na hÉireann agus comhairliúcháin Rialtais ar bheartas náisiúnta.

Lean an tAire O’Gorman ar aghaidh ag rá

“Is uirlis luachmhar é an láithreán gréasáin, ní hamháin do dhaoine óga ar spéis leo páirt a ghlacadh i gComhairle na nÓg, ach do lucht déanta beartas agus do lucht déanta cinntí ar mian leo dul i dteagmháil le daoine óga le linn a bpróiseas déanta beartas. Cabhróidh an láithreán gréasáin sin le léiriú a thabhairt ar an rannchuidiú dearfach atá déanta ag baill Chomhairle na nÓg i mbeartas poiblí agus beidh sé ina phríomhphointe faisnéise agus teagmhála dóibh siúd ar fad a bhfuil suim acu i rannpháirtíocht na n-óg.”


Nótaí don Eagarthóir

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi rannpháirtíocht na n-óg, téigh i dteagmháil leis an Oifig Náisiúnta Rannpháirtíochta ag info@youthparticipation.ie

Nasc chuig láithreán gréasáin Chomhairle na nÓg - www.comhairlenanog.ie