Athruithe maidir le Cóiríocht le haghaidh Daoine ar a dTeitheadh ón gCogadh san Úcráin
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 13 Márta 2024
- An t-eolas is déanaí: 28 Márta 2025
Tá tús curtha le reachtaíocht nua chun cur chuige athbhreithnithe a thabhairt i bhfeidhm maidir le tacú le daoine nuathagtha ón Úcráin. Tá sé seo ag teacht sna sála ar chinneadh an Rialtais i mí na Nollag agus ar rith na reachtaíochta ábhartha an tseachtain seo caite.
De bhun an chur chuige athbhreithnithe, ón Déardaoin beag seo, an 14 Márta, freastalófar ar dhuine ar bith ar a t(h)eitheadh ón gcogadh san Úcráin, a chláraíonn le haghaidh cosanta sealadaí agus atá ag lorg cóiríochta Stáit ar feadh 90 lá ar a mhéad. Cuirfear bia, níochán, seirbhísí eile agus tacaíochtaí imeasctha ar fáil dóibh i Lárionaid Chóiríochta Ainmnithe.
Ní bheidh gnáthíocaíochtaí leasa shóisialaigh ar fáil a thuilleadh do dhuine agus cónaí air/uirthi i Lárionaid Chóiríochta Ainmnithe. Beidh sé/sí i dteideal liúntais sheachtainiúil laghdaithe €38.80 in aghaidh an duine fhásta agus €29.80 in aghaidh an linbh i dtaca le costais laethúla, agus cónaí air/uirthi i Lárionaid Chóiríochta Ainmnithe. Ní dhéanann na hathruithe seo difear do theidlíocht ar Shochar Linbh.
Nuair a fhágann sé/sí an Lárionad Cóiríochta Ainmnithe, nó má dhéanann sé/sí a c(h)uid socraithe cóiríochta féin ar theacht isteach dó/di, beidh sé/sí i dteideal iarratas a dhéanamh ar an ngnáthchúnamh leasa shóisialaigh atá ar fáil do shaoránaigh de chuid na hÉireann, faoi réir na gcoinníollacha incháilitheachta.
Tá na hathruithe seo á ndéanamh ag an rialtas chun leanúint ar aghaidh ag comhlíonadh riachtanais na Treorach um Chosaint Shealadach, agus le bheith níos ailínithe le Ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Ní dhéanfaidh na hathruithe seo difear do dhaoine ón Úcráin a tháinig go hÉirinn sular tháinig an polasaí seo i bhfeidhm agus atá cláraithe cheana féin le haghaidh cosanta sealadaí.
Táthar tar éis sé lárionad cóiríochta a aithint chun cóiríocht 90 lá a thabhairt do dhaoine nuathagtha ón Úcráin. Is iad seo a leanas na chéad cúig Lárionad Cóiríochta Ainmnithe le bheith dearbhaithe de bhun na reachtaíochta nua:
• Bóthar Bhaile Uí Ógáin, Cathair Bhaile Átha Cliath (toilleadh: 392)
• An Sráidbhaile, Co. Laoise (toilleadh: 950)
• Fernbank, Cathair Luimnigh (toilleadh: 250)
• Baile Phúinse, Co. Chill Dara (toilleadh: 378)
• Sráid Ghearailt Uí Ghríofa, Cathair Chorcaí (toilleadh: 107).
Beidh béim ag na tacaíochtaí sna hionaid ainmnithe ar chúrsaí maireachtála agus ar chúrsaí oibre in Éirinn agus na roghanna maidir le cóiríocht a aimsiú go neamhspleách. Fógrófar na hionaid eile agus iad tugtha chun críche.
Níl an t-athrú seo infheidhme maidir le daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta in Éirinn á lorg acu, is le haghaidh daoine ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin a dhéanann iarratas ar chosaint shealadach anseo amháin atá sé. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.gov.ie/Ukraine.
Nótaí don eagarthóir:
Bunús dlí - Leasaíodh Alt 60(10) den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015, lena bhforáiltear do theidlíochtaí na ndaoine ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh, le halt 11 den Acht um Leas Sóisialach agus um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2024, a tionscnaíodh ar an 12 Márta 2024 leis an Ordú um Leas Sóisialach agus um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) (Caibidil 2 de Chuid 4) (Tosach Feidhme) 2024 (I.R. Uimh.95 de 2024).