Atosú an chláir réamhscoile curtha ar athló agus seirbhísí cúraim leanaí le fanacht ar oscailt do leanaí oibrithe riachtanacha agus do leanaí leochaileacha amháin, go dtí an 1 Feabhra
- Foilsithe: 6 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tar éis formheas a fháil ón gComh-Aireacht tráthnóna inniu (an 6 Eanáir) chun bearta breise a thabhairt isteach faoi shrianta iomlána leibhéal 5, dheimhnigh an tAire Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O'Gorman, TD an méid seo a leanas:
- Tá atosú chlár réamhscoile ECCE curtha siar go dtí an 1 Feabhra.
- Fanfaidh seirbhísí cúraim leanaí eile ar oscailt do leanaí oibrithe riachtanacha agus do leanaí leochaileacha amháin.
- Is féidir le feighlithe leanaí leanúint de chúram a sholáthar do leanaí oibrithe riachtanacha agus leanaí leochaileacha.
- Is féidir le teaghlach oibrí riachtanach, nach bhfuil socrú cúraim leanaí acu cheana, bolgán a chruthú le teaghlach eile chun cúram leanaí a sholáthar.
Tá maoiniú an Rialtais, lena n-áirítear an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (EWSS) chomh maith le scéimeanna Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí, ar fáil do na seirbhísí seo d’fhonn ligean dóibh cúram a sholáthar do leanaí oibrithe riachtanacha agus do leanaí leochaileacha.
I bhfianaise na dtacaíochtaí fairsinge airgeadais atá ar fáil don earnáil, tá an tAire O’Gorman ag iarraidh ar sholáthraithe íocaíocht táillí a chur ar sos, nó táillí a íocadh roimh ré a thabhairt ar ais, i gcás tuismitheoirí nach oibrithe riachtanacha iad agus dá bhrí sin nach féidir leo rochtain a fháil ar sheirbhísí idir 11 - 31 Eanáir.
Ag labhairt dó tráthnóna inniu, dúirt an tAire O'Gorman:
“Glacadh cinneadh an lae inniu tar éis breithniú cúramach a dhéanamh chun cabhrú le gluaiseachtaí sa phobal a laghdú agus dul i ngleic le leathadh Covid.
“Is í comhairle NPHET go bhfuil seirbhísí cúraim leanaí sábháilte do leanaí agus don fhoireann araon. Chun an ceann is fearr a fháil ar an víreas seo, áfach, caithfimid gluaiseacht a laghdú, agus is é sin an fáth gur shocraigh an Chomh-Aireacht nach mbeidh cúram leanaí oscailte ach d’oibrithe riachtanacha agus do leanaí leochaileacha amháin.
“Tá an Rialtas ag leanúint ar aghaidh le maoiniú suntasach a chur san earnáil cúraim leanaí, go háirithe tríd an EWSS. I bhfianaise an leibhéil tacaíochta Stáit seo, iarraim go n-aisíocfadh seirbhísí táillí na dtuismitheoirí sin nach féidir leo seirbhísí a rochtain nó go dtabharfaí creidmheas mar mhalairt ar na táillí.
“Ba mhaith liom ómós a thabhairt do sholáthraithe cúraim leanaí, gairmithe cúraim leanaí, tuismitheoirí, baill foirne agus leanaí. Is tréimhse dheacair éiginnte í seo, agus is mór againn na híobairtí atá á ndéanamh acu."
Bhuail an tAire O'Gorman leis an nGrúpa Comhairleach COVID-19 um Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí níos luaithe tráthnóna chun ionadaithe earnála a chur ar an eolas faoin ábhar seo. Beidh a Roinn ag eisiúint treorach don earnáil agus do thuismitheoirí amárach.
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá liosta na seirbhísí riachtanacha leagtha amach sa Phlean maidir le maireachtáil le COVID-19. Is féidir an liosta a fháil anseo. (Ár leithscéal nach bhfuil leagan Gaeilge ar fáil).
Cuirfidh an Roinn soiléiriú breise ar fáil amárach i sraith nuashonraithe Ceisteanna Coitianta a eiseofar chuig an earnáil, chomh maith le Ceisteanna Coitianta a fhoilsiú do thuismitheoirí.