English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Atosú an chláir réamhscolaíochta á chur siar go dtí an 11 Eanáir, ar aon dul le hathoscailt bunscoileanna agus meánscoileanna

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman TD, tar éis dul i gcomhairle leis an earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí, go gcuirfear atosú an chláir réamhscolaíochta ar athló go dtí an 11 Eanáir.

D’fhógair an Rialtas roimhe seo go dtabharfaí isteach srianta iomlána Leibhéal 5 COVID-19 an 30 Nollaig. Faoi na srianta seo agus de réir an Phlean maidir le Maireachtáil le COVID-19, fógraíodh go leanfaidh seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus scoileanna ag feidhmiú i Leibhéal 5 agus go meastar go bhfuil siad riachtanach, le seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí ag athoscailt tar éis shaoire na Nollag mar is gnách agus scoileanna ag athoscailt ag dáta beagán níos déanaí an 11 Eanáir.

An 31 Nollaig, bhuail an tAire O'Gorman leis an nGrúpa Comhairleach um Luathfhoghlaim agus Chúram Leanaí COVID-19 chun an t-ábhar seo a phlé. Roinn ionadaithe ón nGrúpa Comhairleach a n-imní faoi atosú iomlán na luathfhoghlama agus chúraim leanaí ó thús mhí Eanáir. Agus é ag glacadh leis an ngá le luathfhoghlaim agus cúram leanaí a choinneáil do ghrúpaí tosaíochta, d’iarr an Grúpa Comhairleach go ndéanfaí an clár réamhscoile (ECCE) a ailíniú le hathoscailt na scoileanna an 11 Eanáir.

D'aontaigh an tAire lena chomhghleacaithe Comh-Aireachta gur féidir an clár réamhscoile a atosú ag dáta beagán níos déanaí an 11 Eanáir 2021. Seachadann breis agus 4, 000 seirbhís ar fud na tíre an clár réamhscoile ECCE ar fud na tíre agus soláthraíonn sé dhá bhliain réamhscolaíochta arna maoiniú ag an Stát do gach leanbh sa chohórt aoise incháilithe. Tá os cionn 100,000 leanbh cláraithe ar an gclár seo faoi láthair.

Trí fhilleadh na leanaí seo ar an gclár réamhscolaíochta a chur siar, laghdófar meascadh sóisialta, rud a chabhróidh le leathadh COVID-19 a chosc sa tréimhse tar éis na Nollag. Atosóidh an clár réamhscoile anois an 11 Eanáir, ar aon dul le hathoscailt na scoileanna. Cuirfidh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige maoiniú ar fáil do sholáthraithe don chlár réamhscolaíochta don tseachtain an 4 go dtí an 8 Eanáir.

Faoi shrianta iomlána Leibhéal 5 COVID-19, is féidir le seirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí, lena n-áirítear feighlithe leanaí a sholáthraíonn seirbhísí seachas an clár réamhscolaíochta, nó sa bhreis air, leanúint ar aghaidh ag feidhmiú. Soláthraíonn na seirbhísí seo seirbhís riachtanach a thacaíonn le tuismitheoirí dul i mbun oibre.

Tá an tAire ag iarraidh ar na seirbhísí seo, ar gnóthais phríobháideacha iad, athoscailt mar a bhí beartaithe ón 4 Eanáir chun cúram leanaí a sholáthar, go háirithe do ghrúpaí tosaíochta. Cuirfidh an Roinn treoir ar fáil do sheirbhísí maidir le conas tosaíocht a thabhairt don éileamh ar áiteanna ina gcuid seirbhísí, má tá siad gann i bhfoireann agus mura bhfuil siad in ann athoscailt le líon iomlán foirne don tseachtain an 4 go dtí an 8 Eanáir.