Buaileann an tAire O’Gorman leis an gcéad ghrúpa tuismitheoirí atá ag súil leis an mBeart Beag don Bhabaí ón gCéad 5
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 8 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• As seo amach, ag tosú inniu, tabharfar cuireadh do thuismitheoirí atá ag súil in Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath agus in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge páirt a ghlacadh.
Bhuail Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, leis an gcéad ghrúpa de thuismitheoirí atá ag súil in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge chun páirt a ghlacadh sa Tionscnamh Píolótach de chuid an Chéad 5, an Beart Beag don Bhabaí.
Seachadfar an Beart Beag don Bhabaí chuig tithe 500 teaghlach rannpháirteacha ag am dá rogha féin sna míonna amach romhainn. Iarrfar ar thuismitheoirí atá ag súil agus a bheidh rannpháirteach sa tionscnamh a dtuairimí agus a dtaithí ar an mBeart Beag don Bhabaí, agus ar a bhfuil ann, a roinnt ina dhiaidh sin, agus beidh sé sin mar bhonn eolais d’fhorbairt moltaí le haghaidh rolladh amach náisiúnta níos leithne.
Beidh raon míreanna úsáideacha i mBeart Beag don Bhabaí ón gCéad 5, lena n-áirítear míreanna súgartha chun an chumarsáid agus an dlúthchaidreamh luath a spreagadh, earraí tí chun cabhrú leis an bhfolcadh sábháilte agus an codladh sábháilte, chomh maith le raon míreanna eile chun tacú le tuismitheoirí nua i ndiaidh na breithe. Leis an mbronntanas fáilteach seo ón Stát le haghaidh naíonán nuabheirthe, dá theaghlach, déantar an tráth suntasach agus speisialta seo i saol na dtuismitheoirí a aithint.
Agus é ag tagairt don chor cinniúnach spreagúil seo a bheith bainte amach sa Tionscnamh seo, dúirt an tAire O’Gorman:
“Tá sé iontach a bheith i bPort Láirge inniu chun bualadh leis an gcéad ghrúpa tuismitheoirí ionchasacha a ghlacfaidh páirt sa tionscnamh seo agus a fháil amach uathu, go pearsanta, faoin luach a bheidh i gceist ag na cineálacha tacaíochta a chuirfidh an Beart Beag don Bhabaí seo ar fáil dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcéad chúpla seachtain agus míonna speisialta i saol a linbh.
Táim ag súil le cloisteáil ó na tuismitheoirí go léir a bheidh ag glacadh páirte sa tionscnamh seo maidir lena tuairimí agus na heispéiris a bhíonn acu. Beidh an t-aiseolas sin ríthábhachtach chun moltaí a fhorbairt le haghaidh an rolladh amach níos leithne”.