English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cabhraíonn 'Súgradh Ionchuimsitheach' chun réamhscoil inrochtana a chur ar fáil do gach leanbh | Tá os cionn €3 milliún d'infheistíocht ag cur le hacmhainní i níos mó ná 6,000 seomraí réamhscoile

Tá níos mó ná 6,000 pacáiste 'Súgradh Ionchuimsitheach' á dháileadh saor in aisce ar réamhscoileanna ar fud na tíre.

Tá an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone ag deimhniú go bhfuil na pacáistí á ndáileadh faoi láthair faoin Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM) atá ann chun go mbeidh réamhscoil inrochtana le fáil ag gach leanbh.

Ceapadh na pacáistí chun go mbeadh saol na leanaí i réamhscoileanna níos fearr agus chun súgradh ionchuimsitheach a chur chun cinn.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Zappone:

"Cuireann Súgradh Ionchuimsitheach go mór leis an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht.

"Le linn na seachtainí atá amach romhainn, déanfar na hacmhainní sin, a bhfuil infheistíocht de níos mó ná €3 milliún ag baint leo, a sholáthar do gach réamhscoil ina bhfuil an clár ECCE le fáil.

"Cuireann na hacmhainní sin leis an réimse acmhainní atá le fáil cheana féin agus déanfar réamhscoil a fheabhsú do gach leanbh dá bharr.

"Tá na hacmhainní roghnaithe mar gheall ar an luach súgartha ionchuimsithigh atá acu, mar gheall ar na deiseanna neamhiata a bhaineann leo, agus, thar aon ní eile, mar baineann leanaí óga taitneamh astu.

"Forbraíodh treoir ghearr réamhléiritheach agus cuirfear ar fáil é mar aon leis na hacmhainní. Léiríodh foireann d'fhíseáin ghearra chun a chur in iúl cuid de na buntáistí atá ag na hacmhainní seo chomh maith le cuid de na húsáidí is féidir a bhaint astu. Tá siad le feiceáil ar shuíomh gréasáin AIM (www.aim.gov.ie)."

CRÍOCH