Capital Grant Funding for Play and Recreation 2018 ga
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 22 Márta 2018
- An t-eolas is déanaí: 23 Lúnasa 2019
Inniu, d'fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone, maoiniú le haghaidh áiseanna súgartha agus caithimh aimsire do leanaí ar fud na hÉireann. Is é cuspóir na Scéime ná tacaíocht a thabhairt d'áiseanna súgartha agus caithimh aimsire, idir áiseanna nua agus na cinn atá ann cheana, do leanaí agus dhaoine óga. Déanfar áiseanna agus trealamh nua a chur ar fáil, agus beidh béim ar úsáid a bhaint as dearadh nuálach agus ar úsáid spásanna súgartha neamhthraidisiúnta nó athchóiriú a dhéanamh ar áiseanna súgartha atá ann cheana. Ceann de na critéir faoin scéim seo ná go mbeidh teacht ag gach leanbh ar an áit súgartha.
Is féidir le hÚdaráis Áitiúla leas a bhaint as maoiniú suas le €20,000 i gcomhair tionscadal faoin Scéim Deontais Caipitil le haghaidh Súgartha agus Caithimh Aimsire. Is é luach iomlán na Scéime ná €250,000.
"Tá lúcháir ar mo Roinn a fhógairt go mbeimid ag maoiniú tionscadal súgartha agus caithimh aimsire timpeall na hÉireann", arsa Aire Zappone. "Leanann mo Roinn ar aghaidh ag obair go dlúth leis an nGréasán Súgartha agus Caithimh Aimsire de chuid na nÚdarás Áitiúil."
"Is féidir teacht ar tuilleadh eolais maidir leis an maoiniú ó na hÚdaráis Áitiúla.. Tacófar le hiarratais rathúla ar bhonn 50/50 leis an Rialtas agus an tÚdarás Áitiúil ag cur cistí comhfhreagracha ar fáil.”
"In 2017, rinne mo Roinn 24 contae a sholáthar agus ba é €15,000 an luach is mó agus ba é €5,000 an luach is lú.”
CRÍOCH