Ceadaíonn an Rialtas moltaí a bhunaíonn Oifig mar gheall ar thochailt ag suíomh na hInstitiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim a mhaoirsiú
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 27 Iúil 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cheadaigh an Rialtas moladh inniu ón Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., chun Oifig neamhspleách a bhunú agus idirghabháil a threorú ag suíomh na seaninstitiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim, contae na Gaillimhe. Beidh tochailt, aisghabháil, anailís, sainaithint (más féidir) agus imtheorannú arís de choirp na bpáistí aimsithe ag an suíomh i gceist leis an idirghabháil. Leanann an moladh chun Oifige an Stiúrthóra Idirghabhála Údaraithe a bhunú ó shíniú i ndlí den Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 níos luaithe sa mhí seo.
Ligeann an tAcht, a sholáthraíonn bunús reachtaíochta bunaidh don idirghabháil, don Rialtas, ar Ordú, idirghabháil a threorú ag suíomh éigin ar tharla adhlacthaí neamhoiriúnacha soiléire de dhaoine a fuair bás in institiúidí cónaithe. D‘fhéadfadh an Rialtas ordú a dhéanamh nuair a bhaintear amach na critéir atá leagtha amach sa reachtaíocht. Dhearbhaigh an Rialtas inniu go bhfuil siad sásta go raibh na critéir bainte amach maidir le Tuaim.
Leagfar dréacht den Ordú Rialtais ag iarraidh ar an Aire idirghabháil a dhéanamh, chomh maith le ráiteas de na cúiseanna a rinneadh an tOrdú, amach roimh an dá Theach den Oireachtas le haghaidh réiteach. Má cheadaíonn na Tithe í nuair a fhilleann siad san Fhómhar, bunófar an Oifig i dTuaim agus ceapfar Stiúrthóir.
Ag caint inniu dúirt an tAire:
“Cheadaigh an Rialtas inniu mo mholadh d’idirghabháil ag suíomh na seaninstitiúide Máthair agus Leanbh i dTuaim faoin Acht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 agus leagfar dréacht den Ordú ag treorú idirghabhála roimh Thithe an Oireachtais le haghaidh ceadú.
“Is iad seo na céimeanna deireanacha ag teastáil chun Stiúrthóra a cheapadh agus an tochailt i dTuaim a thosú. Tá am fada caite ag na teaghlaigh a mbaineann sé seo leo agus fiú daoine na hÉireann ag fanacht dó seo. Má cheadaíonn na Tithe é seo ceapfaidh mé Stiúrthóir san Fhómhar tosófar an tochailt chomh luath agus is féidir.”
Thug an tAire an Rialtas uasdátú ar an dul chun cinn cuimsitheach atá déanta go forleathan chun an Phlean Gníomhaíochta do Mharthanóirí agus Seanchónaitheoirí de na hInstitiúidí Máthair agus Leanbh a raibh foilsithe i mí na Samhna seo caite a chur i bhfeidhm. Luaigh sé go raibh 8 as na 22 gníomhartha críochnaithe, agus go raibh obair mhaith déanta ar na cinn eile.
NÓTAÍ DO NA HEAGARTHÓIRÍ
Tugann an tAcht um Adhlacthaí Institiúideacha 2022 cumhacht:
- don Rialtas, ar Ordú, idirghabháil a threorú ag an suíomh agus ceapachán an Stiúrthóra chun a bheith i gceannas d’Oifig agus an idirghabháil a bhainistiú a cheadú. Ba chóir go mbeadh dréacht den Ordú Rialtais leagtha amach roimh na Tithe den Oireachtas le haghaidh ceadú sula ndéanfar an t-Ordú.
- d’Eagraíocht den Bhord Comhairleach chun comhairle agus treoraíocht a thabhairt don Stiúrthóir agus é/í ag déanamh a bhfeidhmeanna. Déanfaidh duine éigin le saineolas cróinéara cathaoirleacht ar an mBord Comhairleach agus beidh baill le saineolas eolaíochta agus seanchónaitheoirí nó baill teaghlaigh de dhaoine básaithe a chreideadh go raibh siad curtha ag an suíomh.
- Bunús dlíthiúil le haghaidh cur chuige céimnithe céim ar chéim d’idirghabháil leis na céimeanna seo a leanas ina measc:
o Tochailt den suíomh
o Aisghabháil de chorp duine
o Anailís den chorp i ndiaidh aisghabhála
o Sainaithint den chorp trí AND meaitseáil teaghlaigh (más féidir)
- Filleadh an choirp go dtí ball teaghlaigh nó imtheorannú arís den chorp ar aon líne le mianta na clainne.
Déanfar na céimeanna seo a leanas le caighdeán fóiréinseach in aon líne le caighdeáin idirnáisiúnta agus dea-chleachtas.
- Soláthraíonn an reachtaíocht do chearta sealadacha de rochtain an talaimh a bheidh an idirghabháil ar siúl, le hoibleagáid de chúiteamh réasúnta a sholáthar agus an talamh a athbhunú go dtí a bhail agus úsáid bhunaidh nuair atá sé críochnaithe.
- Mar fhreagra ar mholtaí Iniúchta Réamhreachtaíochta agus tuairimí léirithe ag ionadaí teaghlaigh maidir leis an Scéim Ghinearálta, rinne an tAire O’Gorman cúpla athrú suntasacha roimh fhoilsitheoireacht an Bhille. San áireamh anseo ná srian ar dhlínse an chróinéara a bhaint; é a sholáthar go mbeidh ról an Stiúrthóra níos láidre agus an bhunaíocht de Bhord Comhairleach.
- Shínigh an tUachtarán an tAcht ar an 13ú d’Iúil agus tosaíodh é in iomlán ar Ordú Aire le héifeacht ón 15ú d’Iúil.