English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire O'Gorman maoiniú agus tacaíocht do 370 Grúpa Tuismitheoirí is Leanaí trasna na tíre

Tá áthas ar Roderic O'Gorman, tAire Leanaí, Míchumais, Comhionannais, Lánpháirtíochta agus Óige, fógra a dhéanamh inniu go bhfuil maoiniú faighte ag 370 Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí trasna na tíre faoin Tionscnamh um Dheontais Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2023.

D'éirigh le Roderic O'Gorman maoiniú de €250,000 chun na grúpaí seo a chistiú sa bhliain 2023 agus i ndiaidh a lán suim ó Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí ar bhonn náisiúnta, d'ardaigh an tAire an maoiniú le €100,000 sa bhreis chun teacht leis an éileamh.

Oibríonn Coistí Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí go díreach le Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí chun deontais a dháileadh amach.

I mbliana, bhí béim ar thacaíocht a thabhairt do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí a chuireann fáilte roimh chlanna atá díreach tagtha go hÉireann, ach go háirithe clanna ón Úcráin.

Ar chuairt go dtí Grúpa Tuismitheoirí agus Leanaí agus Grúpa Siúlóide Bugaí Mhullach Eadrad le déanaí chun na buntáistí den thionscnamh deontais a fheiceáil i bhfeidhm, dúirt an tAire O'Gorman:

"Soláthraíonn Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí eolas riachtanach do thuismitheoirí, seantuismitheoirí agus feighlithe leanaí, chomh maith le leanaí óga. Is foine teagmhála sóisialta tábhachtach iad na grúpaí seo, ach go háitithe do thuismitheoirí agus clanna nua i gceantar".

Dúirt an t-eagraí ar Ghrúpa Tuismitheoirí agus Leanaí agus Grúpa Siúlóide Bugaí Mhullach Eadrad, Maria Gomez, nach bhféadfadh na grúpaí feidhmiú gan an maoiniú faighte ón tionscnamh iontach.

"Is ceantar míbhuntáitithe é seo, ní ghearraimid ach €2 ar na seisiúin ghrúpa ach uaireanta ní bhíonn sé sinn ag tuismitheoirí fiú," a duírt Iníon Gomez.

"Gan an deontas - fuaireamar €1,100 i mbliana - ní bheimís in ann an cíos a íoc agus na bréagáin nó trealamh nua a cheannach."

Freastalaíonn thart ar 35 tuismitheoir ó Bhaile Átha Cliath 15, go léir ó chúlraí éagsúil agus mórán acu nua in Éirinn, ar Ghrúpa Tuismitheoirí agus Leanaí agus Grúpa Siúlóide Bugaí Mhullach Eadrad go seachtainiúil nó anois is arís.

Dúirt roinnt tuismitheoirí gur bhraith siad an t-aonrú de bheith ina n-aonair, nua sa tír, sa phobal agus gan é aon chlann nó cairde, sular fhreastail siad ar an ngrúpa. Tá sé tar éis a bheith 'dochreidte agus tá cor curtha sa saol' ag glacadh páirt sa ghrúpa.

"Níl aon teaghlach agam anseo in Éirinn, mar sin tá sé go ar fheabhas do mo mheabhairshláinte a bheith mar pháirt de phobal sa ghrúpa le máithreacha eile. Deis iontach atá ann dul amach agus bualadh le daoine, " a dúirt Pia Krumme.

"Ní raibh m'iníon ach ceithre mhí nuair a chuaigh mé isteach sa ghrúpa agus tá sé tar éis a bheith an-mhaith di chomh maith mar is leanbh sóisialta í cheanna féin trí bheith le leanaí eile. Mar mháthair don chéad uair, braithim go bhfuil máithreacha eile sa ghrúpa seo ina dea-shamplaí dom ag cabhrú liom mo leanbh a thógáil. "

Ag súil lena dara leanbh go luath, tá Libbie Doyle ag súil le tús a chur leis na Grúpaí Siúlóide Bugaí arís i mí Mheán Fómhair.

"Táim ag súil go n-éireoidh go maith le gach rud chun go mbeidh mé in ann dul amach ag siúl leis na máithreacha eile agus mo leanbh nua. Déanann an líonrú, an ghnéith sóisialta agus an aclaíocht maitheas duit agus tá sé go maith do do mheabhairshláinte. "

CRÍOCH


Nótaí do na heagarthóirí

Sholáthair an Tionscnamh um Dheontais Grúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2023 trí shruth maoinithe:

1. Maoiniú de €800 do ghrúpaí atá ann cheanna agus €1,100 as grúpaí nua a bhunú.

2. Maoiniú suas le €300 chun Grúpaí Siúlóide Bugaí a bhunú agus a reachtáil. Is siúlóidí eagraithe sóisialta iad na Grúpaí Siúlóide Bugaí do thuismitheoirí/caomhnóirí agus leanaí óga. Bhí an maoiniú ar fáil d'aon ghrúpaí ann cheanna nó grúpaí nua a bhí ag iarraidh íosmhéid de sé shiúlóid eagraithe a eagrú laistigh dá bpobal.

3. Maoiniú suas le €300 do ghrúpaí ann cheanna chun an dara seisiún a sholáthar chun dul i ngleic leis an éileamh. Léiríonn an tábla thíos miondealú ar an Maoiniú Deontais do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí ceadaithe agus leithroinnte sa bhliain 2023 de réir limistéar údaráis áitiúil.

Breakdown of Parent and Toddler Group Grant Funding approved and allocated in 2023 by local authority area
Amharc amharc
Breakdown of Parent and Toddler Group Grant Funding allocated within each County
Amharc amharc