Cearta oibrithe nua, saoire foréigean teaghlaigh san áireamh, a tugadh isteach faoin mBille Cothromaíocht Oibre is Saoil arna rith ag an Oireachtas
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 30 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fháiltigh an tAire Roderic O’Gorman roimh an mBille Cothromaíocht Oibre is Saoil 2022 ag dul thar gach Céim den Oireachtas inniu. Forálann an Bille do chearta nua a thabhairt isteach d’fhostaithe chun tacú le cothromaíocht níos fearr idir saol an teaghlaigh, an saol oibre agus freagrachtaí cúraim. Tá sé mar aidhm ag an Bille freisin tacú leo siúd atá ina n-íospartaigh foréigean teaghlaigh trí theidlíocht reachtúil saoire le pá de chúig lá a thabhairt isteach.
Tugtar isteach sa Bhille um Chomhardú Saoil agus Saothair agus Forálacha Ilghnéitheacha 2022:
- 5 lá saoire gan phá chun críocha cúram leighis do thuismitheoirí leanaí faoi 12, agus cúramóirí
- 5 lá saoire le pá d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh
- An ceart chun obair sholúbtha a iarraidh ar thuismitheoirí agus ar chúramóirí
- An ceart chun cianobair a iarraidh do gach fostaí
- Sosanna beathú cíche 2 bhliain
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Is dul chun cinn suntasach é an Bille Cothromaíocht Oibre is Saoil i gcearta oibrithe in Éirinn. Aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le saol an teaghlaigh agus le caighdeán saoil feabhsaithe do gach oibrí, trí thacú le fostaithe cothromaíocht níos fearr a bhaint amach idir a saolta baile agus a saol oibre. Tugann an Bille seo teidlíocht reachtúil ar shaoire cúramóra isteach, chomh maith leis an gceart chun obair sholúbtha agus chianoibrithe a iarraidh, agus cruthaítear sosanna beathú cíche do mhná atá ag filleadh ar an obair ó shaoire mháithreachais.”
Lean an tAire O’Gorman ar aghaidh ag rá:
“Tá tábhacht ar leith ag baint le saoire foréigean teaghlaigh a thabhairt isteach faoin mBille seo. Tá Éire ar cheann de na chéad tíortha a thug isteach saoire reachtúil foréigean teaghlaigh agus creidim go ndéanfaidh sé seo difríocht dáiríre agus bhríoch d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh. Tá sé ríthábhachtach go dtacóidh sé leo siúd atá ina n-íospartaigh foréigin teaghlaigh caidreamh maslach a fhágáil. Ba ghealltanas tábhachtach é an tsaoire seo sa Chlár an Rialtais agus tá súil agam go dtiocfaidh feasacht níos fearr ar fhoréigean baile de gach cineál dá bharr.”
Rachaidh an Bille faoi bhráid an Uachtaráin anois chun é a shíniú ina dhlí.
Nótaí don eagarthóir:
Áirítear sa Bhille freisin leasuithe ar na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais a chinntiú gur féidir le fir trasinscne a raibh babaí acu saoire mháithreachais a fháil; leasuithe ar an Acht Uchtála chun athruithe a dhéanamh ar na ceanglais chóram don Bhord Uchtála agus leasuithe ar an Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014 chun na socruithe íocaíochta pinsin d’iarfhostaithe de chuid Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine a leasú.
Déanann an Bille Cothromaíocht Oibre is Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, Airteagail 6 agus 9 de Threoir an AE um Chomhardú Saoil agus Saothair 2022 a thrasuí i ndlí na hÉireann.