English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Childcare providers urged to participate in an online survey as part of the Independent Review of Costs of Providing Quality Childcare ga

Tá soláthróirí chúram leanaí á spreagadh inniu chun páirt a ghlacadh i suirbhé ar líne mar chuid den Athbhreithniú Neamhspleách ar na Costais a bhaineann le Cúram Leanaí ar Ardchaighdeán a Sholáthar.

Is gealltanas faoi Chlár an Rialtais é an tAthbhreithniú Neamhspleách seo a d'fhógair an tAire Zappone an fómhar seo caite.

Tá Crowe Horwath ag glacadh leis an Athbhreithniú mar chúram thar ceann na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige agus tá sé i gceist leis an Athbhreithniú an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • anailís a dhéanamh ar na costais reatha a bhaineann le cúram leanaí a chur ar fáil in Éirinn agus na gnéithe a imríonn tionchar ar na costais sin
  • múnla a fhorbairt maidir leis an gcostas/na costais aonaid a bhaineann le cúram leanaí a sholáthar agus go mbeifear in ann anailís a dhéanamh de réir an mhúnla sin ar athruithe polasaí agus ar athruithe i spreagaithe costais, lena n-áirítear an tionchar a d'fhéadfadh an méadú i bproifisiúnú a imirt
  • anailís mhargaidh atá oibiachtúil agus ar ardleibhéil a sholáthar maidir leis an earnáil chúram leanaí in Éirinn, lena n-áirítear anailís ar leibhéil na dtáillí a íocann tuismitheoirí

Cuirfidh torthaí an tsuirbhé sin le samhail chostais agus áireamhán costais a fhorbairt le haghaidh sholáthar chúram leanaí. Cuirfidh na torthaí bonn eolais faoi Phróiseas Meastacháin le haghaidh Bhuiséad 2019 agus le haghaidh Buiséad dá éis, rud atá an-tábhachtach.

Agus í ag labhairt faoin Athbhreithniú, spreag an tAire Zappone soláthróirí chúram leanaí le páirt a ghlacadh:

"Is cloch mhíle ríthábhachtach é an tAthbhreithniú sin den leasú leanúnach atá á dhéanamh ar chúram leanaí in Éirinn."

"Cabhraíonn torthaí an Athbhreithnithe sin leis an aidhm atá agam a chur chun cinn agus córas chúram leanaí atá inrochtana, ar phraghas réasúnta agus ar ardchaighdeán a fhorbairt, a mhairfidh ar feadh i bhfad."

"Chun an aidhm sin a bhaint amach, tá córas maoinithe chúram leanaí de dhíth orainn faoina dhéantar soláthróirí chúram leanaí a mhaoiniú ar bhonn cothrom agus inbhuanaithe agus faoina bhfuil muid in ann dul i ngleic leis na himní dáiríre maidir le pá agus coinníollacha san earnáil."

"Mar gheall ar an Athbhreithniú Neamhspleách ar Chostais, tá deis ar leith againn chun ár gcur chuige maidir le maoiniú chúram leanaí a athrú, chomh maith le hathrú a dhéanamh ar na leibhéil maoinithe."

"Táim ag impí ar sholáthróirí chúram leanaí dul i ngleic leis an suirbhé rúnda seo go macánta agus go hoscailte."

"Beidh ráta maith freagartha ríthábhachtach chun creidiúnacht thorthaí an tsuirbhé a chinntiú agus chun athrú riachtanach a bhaint amach."

Rithfear an suirbhé seo ó 27 Márta go 12 Aibreán.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Crowe Horwath ar (01) 448 2200.

CRÍOCH