English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Chuir Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, fáilte roimh dul chun cinn Tusla i gcásanna drochúsáide gnéasach

Chuir an tAire Zappone fáilte roimh thuarascáil ar dhul chun cinn ón Sainghrúpa Dearbhaithe. Déantar cur síos sa tuarascáil ar chéimeanna atá tógtha ag Tusla chun feabhas a chur ar an gcaoi a bpléann siad le cásanna a bhaineann le drochúsáid ghnéasach leanaí.

Dúirt an tAire Zappone,

"Fáiltím roimh fhoilsiú na chéad tuarascála ráithiúla ón Sainghrúpa Dearbhaithe. Is mór agam an fhaisnéis shoiléir atá curtha ar fáil. Tá cur síos le fáil ann faoin obair atá á déanamh chun treoir a thabhairt do Tusla agus moltaí HIQA á gcur i bhfeidhm."

Dúirt an tAire,

"Tá áthas orm gur cuireadh an tríú tuarascáil eatramhach ón mBinse um Nochtuithe san áireamh. Táim ag tnúth leis an dara tuarascáil ráithiúil."

Tá maoirseacht déanta ag an Sainghrúpa Dearbhaithe ar an dul chun cinn maidir le comhstruchtúir oibre idir Tusla agus An Garda Síochána agus ar bhunú foirne oibre sóisialta i ngach réigiún. Tá na foirne nua sin dírithe ar dhrochúsáid chúlghabhálach. Beidh an Grúpa ag tacú le Tusla go fóill chun moltaí HIQA a chur i bhfeidhm, agus beidh aird faoi leith ar rialachas agus straitéis d'fhórsa oibre.

I Márta 2017, d'iarr an tAire Zappone ar HIQA imscrúdú reachtúla a dhéanamh ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Thug foireann an imscrúdaithe cuairt ar 6 cheantar Tusla, Cabhán/Muineachán san áireamh. D'ullmhaigh HIQA tuarascáil, a foilsíodh i Meitheamh 2018, agus aithníodh baoil i gcórais Tusla a bhaineann le bainistiú atreoruithe, le pleanáil sábháilteachta agus le bainistiú cásanna cúlghabhálacha. Rinne HIQA ceithre phríomh-mholtaí, agus baineann ceann amháin acu le bunú an sainghrúpa um dearbhaithe cáilíochta chun tacaíocht agus comhairle a thabhairt do Tusla agus na moltaí á gcur i bhfeidhm.

Tugann an Sainghrúpa Dearbhaithe tuarascáil don Aire gach ráithe.

Tá an chéad tuarascáil ar fáil anseo: 1st Quarterly Report of the Expert Assurance Group on the HIQA Investigation into Tusla's Management of Referrals

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí

Ar 29 Meitheamh 2018, rinne an tAire Zappone Cathaoirleach an tSainghrúpa um Dhearbhú Cáilíochta agus um Maoirseacht, ar a dtugtar an Sainghrúpa Dearbhaithe, a cheapadh. Ceapadh na baill eile an mhí ina dhiaidh agus tá réimse leathan de shaineolas acu:

  • Dr Moling Ryan, Cathaoirleach;
  • Dr Helen Buckley, Comhalta Emeritus den Scoil um Obair Shóisialta agus um Pholasaí Sóisialta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath;
  • Michele Clarke Uasal, Príomhoibrí Sóisialta, An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige;
  • Andrew Lowe Uasal, Sainchomhairleoir Polasaí Poiblí;
  • Dr Conor O'Mahony, Léachtóir i nDlí, Colaiste na hOllscoile Corcaigh;
  • Gerry Verschoyle Uasal, Sainchomhairleoir Acmhainní Daonna.

Ghlac an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige le moltaí na tuarascála HIQA , mar a foilsíodh ar 14 Meitheamh 2018, go háirithe moladh 4 a bhaineann le bunú an tSainghrúpa um Dhearbhú Cáilíochta agus um Maoirseacht, chun tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil agus moltaí na tuarascála á gcur i bhfeidhm:

  • Moladh 1: Plean Gnímh Tusla.
  • Moladh 2: Cosán Oideachais d'Oibrí Sóisialta agus Athbhreithniú Oibriúcháin (Plean d'Fhórsa Oibre).
  • Moladh 3: Athbhreithniú Idirnáisiúnta ar Dhea-Chleachtas i Rialachán Seirbhísí Sóisialta Leanaí.

D'aontaigh an Sainghrúpa Dearbhaithe ag staid luath go gcuirfí an Tríú Tuarascáil Eatramhach ón mBinse um Nochtuithe san áireamh. Foilsíodh an tuarascáil sin i nDeireadh Fómhair 2018.