English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Coimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán: An Cúigiú Tuarascáil Eatramhach

  • An Cúigiú Tuarascáil Eatramhach ón gCoimisiún foilsithe ag an Aire Zappone
  • Díríonn an tuarascáil ar shocruithe adhlactha sna hinstitiúidí máithreacha agus naíonán atá á imscrúdú ag an gCoimisiún

Tá an Cúigiú Tuarascáil Eatramhach ón gCoimisiún Imscrúdúcháin Árais Máithreacha agus Naíonán foilsithe ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Dr Katherine Zappone TD.

Sa Chúigiú Tuarascáil Eatramhach, scrúdaítear na socruithe adhlactha sna hinstitiúidí atá á imscrúdú ag an gCoimisiún. Chomh maith leis sin, sa tuarascáil scrúdaítear aistriú iarsmaí go hinstitiúidí oideachasúla fá choinne scrúdú anatamaíoch. Thóg an tAire Zappone an tuarascáil don Rialtas ar 16 Aibreán 2019 agus faomhadh le foilsiú na tuarascála. Thug an Rialtas an méid atá sa tuarascáil faoi deara agus cuirfear é chuig na gníomhaireachtaí ábhartha le haghaidh tuilleadh machnaimh.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire faoin tuarascáil:

"Is píosa suntasach oibre ón gCoimisiún é seo agus téann sé i ngleic le ceisteanna tábhachtacha maidir leis na socruithe adhlactha sna hinstitiúidí seo. Tá an t-uafás ábhar á chur i dtoll a chéile ag an gCoimisiún agus tá na ceisteanna á scrúdú ar bhealach nárbh fhéidir a dhéanamh riamh roimhe. Tá sé soiléir ón tuarascáil go bhfuil obair thar a bheith domhain agus casta ar siúl ag an gCoimisiún. Tuigim go raibh go leor iar-chónaitheoirí agus a dteaghlaigh ag fanacht go foighneach ar an tuarascáil seo agus creidim go gcabhróidh sé chun an cheist seo a shoiléiriú".

Dúirt an Coimisiún go mbeidh anailís ar údair bhásanna agus clárú básanna ina tuarascáil deireanach atá le foilsiú i mí Feabhra 2020.

Tá an tuarascáil eatramhach seo curtha ar fáil ag an gCoimisiún chun cabhair a thabhairt don Rialtas chun go mbeidís in ann a chur chuige aontaithe a chur i bhfeidhm maidir le hiarsmaí ógánach atá adhlactha sa suíomh i dTuaim, Co. na Gaillimhe. Tuarascáil eatramhach is ea é, a cuireadh le chéile bunaithe ar an eolas atá le fáil faoi láthair. Tá sraith de thuairiscí teicniúla atá mionsonraithe agus casta le fáil sa tuarascáil. Fuair an Coimisiún na tuairiscí sin ó shaineolaí ábhartha chun bonn eolas a chur faoina imscrúdaithe i suíomh an iar-Árais.

Tá go leor eolais nua le fáil sa tuarascáil maidir leis na hadhlacthaí i dTuaim. Dúirt an Coimisiún go bhfuil sé soiléir gur cuireadh go leor de na leanaí a fuair bás san Áras i dTuaim i seomraí faoin talamh. Deirtear sa tuarascáil nár aithníodh na seomraí sin mar ionad adhlactha agus nár tógadh na seomraí chun na críche sin. Ní raibh na seomraí sin oiriúnach chun iarsmaí daonna a adhlacadh le dínit agus le meas.

Is é tátal an Choimisiúin nach bhfuil bunús leis an teoiric, in ionad gur cailleadh na leanaí, gur 'díoladh' iad i Meiriceá.

Níl moltaí faoi leith sa tuarascáil ach iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu maidir le Tuaim labhairt leis an gCoimisiún. Ar an ábhar seo dúirt an tAire Zappone:

"Ba mhaith liom iarratas an Choimisiúin a mholadh agus ba chóir go dtiocfaidh duine ar bith a bhfuil eolas acu maidir le téarmaí tagartha an Choimisiúin teagmháil a dhéanamh leo go láithreach".

Déantar scrúdú ar chleachtais adhlactha i roinnt institiúidí eile lena n-áirítear Bessborough, Áras Bethany, Baile na gCros agus Mainistir Sean Ross. I gcás Bessborough, níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise fhisiciúil nó dhoiciméadach faoi adhlacthaí córasacha ar na tailte, ach measann an Coimisiún gur dócha go ndearnadh adhlacthaí ansin. Níor mheas an Coimisiún go raibh sé indéanta na 60 acra ar fad a thochailt, gan trácht ar an gcuid eile den eastát, atá 200 acra ina iomlán agus ar a ndearnadh go leor oibre tógálacha ó dúnadh an institiúid.

I Mainistir Sean Ross, tá reilig leanaí i dtailte na hinstitiúide. Rinne an Coimisiún staidéar geoifisiceach agus, ina dhiaidh sin, tochailt tástála ar an suíomh agus tá scrúdú á dhéanamh anois ar thorthaí na tochailte. Beidh faisnéis mar gheall air sin i dtuarascáil dheireanach an Choimisiúin.

Beidh am de dhíth chun teacht i dtuiscint ar an tuarascáil ach cuireann an tuarascáil seo lenár n-eolas faoi chleachtais adhlactha sna hinstitiúidí seo.

Dúirt an tAire Zappone:

"Céim thábhachtach is ea foilsiú na tuarascála seo in obair an Choimisiúin. Tá muinín agam as an gCoimisiún agus tá sé cruthaithe acu arís nach bhfuil aon drogall orthu na ceisteanna riachtanacha a chur gan chamadh gan chlaonadh agus an tréimhse dhorcha seo a thabhairt chun solais".

CRÍOCH


Nótaí do na hEagarthóirí:

Mother and Baby Homes Burials report: Additional information
Amharc amharc
Commission of Investigation into Mother and Baby Homes and Certain Related Matters | Fifth Interim Report (March 2019)
Amharc amharc
Commission of Investigation into Mother and Baby Homes and Certain Related Matters | Fifth Interim Report with Technical Appendices - Part 1
Amharc amharc
Commission of Investigation into Mother and Baby Homes and Certain Related Matters | Fifth Interim Report with Technical Appendices - Part 2
Amharc amharc