Comhaontú pá ‘stairiúil’ nua chun arduithe pá agus struchtúr pá a sholáthar d’oibrithe san earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí - an tAire English agus an tAire O’Gorman
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Tá Orduithe Rialaithe Fostaíochta déanta chun na chéad íosrátaí pá riamh a sholáthar do róil san earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí
• Tá níos mó ná 70% den fhoireann atá ag obair sa luathfhoghlaim agus i gcúram leanaí i mbun ardú pá tar éis comhaontú a fháil
• Arduithe pá ag fáil tacaíocht ó Scéim Bunmhaoiniú €221 milliún an Rialtais
Ghlac Damien English, an tAire Stáit Ghnó, Fostaíochta agus Miondíola inniu le tograí le haghaidh Orduithe Rialaithe Fostaíochta don Earnáil Seirbhísí Luathbhlianta. Cuirfear tús leis na hOrduithe ar an 15 Meán Fómhair 2022, ag soláthar íosrátaí nua pá in aghaidh na huaire do róil éagsúla in Earnáil na Seirbhísí Luathbhlianta mar a leanas:
• €13.00 d'Oideoirí Luathbhlianta/Cleachtóirí Cúraim Leanaí d'Aois Scoile;
• €14.00 do Phríomh-Oideoirí Luathbhlianta / Comhordaitheoirí Cúraim Leanaí d'Aois Scoile;
• €15.50 do Phríomh-oideoirí Iarchéime sna Luathbhlianta / Comhordaitheoirí Cúraim Leanaí d’Aois Scoile;
• €15.70 le haghaidh Leas-Bhainisteoirí;
• €16.50 do Bhainisteoirí; agus
• €17.25 do Bhainisteoirí Iarchéime.
Tá na hOrduithe á dtacú ag Scéim Bunmhaoiniú €221m an Rialtais, a d’fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige mar chuid de Bhuiséad 2022, ina bhfeicfear méaduithe ar mhaoiniú do sheirbhísí luathfhoghlama agus cúraim leanaí le tacú le feabhsuithe ar phá na foirne, mar aon le tiomantas do tháillí tuismitheoirí a choinneáil mar atá siad. Tá dáta tosaithe na nOrduithe - 15 Meán Fómhair - ag an am céanna le seoladh oifigiúil an Bhunmhaoinithe.
Dúirt an tAire English:
“Tá an-áthas orm na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta seo a thosóidh ar an 15 Meán Fómhair 2022 a cheadú. Bainfidh na tograí a chuirtear faoi mo bhráid le thart ar 27,000 ball foirne agus is mór an aitheantas faoi thábhacht na hoibre a dhéanann gach duine atá ag obair san earnáil na luathfhoghlama agus cúraim leanaí”.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le comhaltaí an Chomhchoiste Oibreachais agus leis na páirtithe leasmhara sin a chuir aighneachtaí isteach mar chuid den chomhairliúchán poiblí as ucht an méid a chuir siad leis an bpróiseas seo. Is sampla maith é Comhchoiste Oibreachais na Seirbhísí Luathbhlianta ar cé chomh héifeachtach agus is féidir le córas leasaithe an Chomhchoiste Oibreachais nuair a dhéanann ionadaithe fostaithe agus fostóirí idirbheartaíocht le chéile go deonach chun comhaontú comhthairbheach a aithint”.
Tá fáilte curtha ag an Aire O’Gorman roimh an Aire English a ghlac na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta do Sheirbhísí Luathbhlianta mar go soláthróidh siad pá agus coinníollacha feabhsaithe d’fhormhór na ndaoine atá ag obair san earnáil, tacóidh siad le conairí gairme, agus cinnteoidh siad íosrátaí pá do gach duine atá ag smaoineamh ar dhul isteach san Earnáil.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Dúirt mé i gcónaí go raibh gá ann go mbeadh tábhacht na hoibre a dhéanann oideachasóirí luathbhlianta agus cleachtóirí cúram leanaí in aois scoile le feiceáil sa phá agus sna coinníollacha oibre. Is céim stairiúil le haghaidh an sprioc sin a bhaint amach le fógra an lae inniu.
Ó ceapadh mé mar Aire le freagracht as luathfhoghlaim agus cúram leanaí, tá mé ag díriú ar chostais do thuismitheoirí a laghdú, inbhuanaitheacht a fheabhsú do sholáthróirí agus, rud atá tábhachtach, cáilíocht a fheabhsú do leanaí.
Ach d’fhág coinníollacha agus pá íseal chomh maith le deiseanna teoranta ó thaobh ardú céime go raibh sé deacair foireann a mhealladh agus a choinneáil san earnáil – agus is iad an fhoireann atá ríthábhachtach do cháilíocht eispéiris leanaí.
Tríd na chéad Orduithe Rialaithe Fostaíochta seo don earnáil, tá súil agam gur féidir le hoideachasóirí luathbhlianta agus cleachtóirí cúram leanaí in aois scoile todhchaí cheart a fheiceáil dóibh féin anois i bpost a thugann an oiread sin do leanaí, dá dteaghlaigh agus don tsochaí i gcoitinne.
Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do nádúr neamhspleách phróiseas an Chúirt Oibreachais agus an Chomhchoiste Oibreachais agus an obair chrua a dhéanann a comhaltaí maidir le pá agus coinníollacha a shocrú d’fhostaithe san earnáil luathfhoghlama agus cúraim leanaí”.
Baineann na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta le thart ar 27,000 ball foirne.
Meastar go n-ardóidh pá do 73% díobh siúd atá ag obair san earnáil mar thoradh ar na hOrduithe Rialaithe Fostaíochta agus táthar ag súil go n-ardóidh pá 50% d’fhostaithe san earnáil 10% nó níos mó, agus táthar ag súil go dtiocfaidh ardú 20% nó níos mó ar pá 20% d’fhostaithe.
Nótaí don eagarthóir:
Geallann an Clár do Rialtas Comhpháirtíochta “tacú le bunú Comhchoiste Oibreachais san earnáil cúram leanaí agus le hOrdú Rialaithe Fostaíochta a dhréachtú, a chinnfeadh íosrátaí pá d’oibrithe cúraim leanaí, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta”.
I mí na Nollag 2020, chuir an tAire O’Gorman tús le próiseas gairid chun scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le pá agus coinníollacha fostaíochta oideoirí agus cleachtóirí sa luathfhoghlaim agus sa chúram leanaí a rialáil, agus chun scrúdú a dhéanamh ar oiriúnacht bunú Chomhchoiste Oibreachais.
Mar gheall ar an bpróiseas sin, scríobh an tAire O’Gorman chuig an Aire Stáit do Ghnó, Fostaíochta agus Miondíola, Damien English, i Márta 2021 ag moladh go mbunófaí Comhchoiste Oibreachais don earnáil.
I mBuiséad 2022, fuair an tAire O’Gorman infheistíocht shuntasach trí Bhunmhaoiniú le roinnt cuspóirí lena n-áirítear tacú le haontú íosrátaí pá agus téarmaí agus coinníollacha don earnáil trí struchtúr an Chomhchoiste Oibreachais agus próiseas an Ordú Rialaithe Fostaíochta. Tá €138 milliún curtha san áireamh sa Bhunmhaoiniú chun rátaí pá a fheabhsú thar gach ról san earnáil lena n-áirítear foireann iarchéime agus tacóidh sé seo freisin le bunú struchtúir ghairm bheatha amach anseo. Tá €38 milliún sa bhreis san áireamh sa Bhunmhaoiniú mar bhiseach do chéimithe maidir le Príomhoideachasóirí agus Bainisteoirí céimithe.