English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Comhaontaíonn an Rialtas straitéis chuimsitheach nua um lóistín d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta

  • Mar gheall ar na hathchóirithe déanfar bogadh ar shiúl ó bheith ag brath ar sholáthraithe príobháideacha, ag seachadadh 14,000 leaba faoi úinéireacht an Stáit faoi 2028.
  • Cur chuige ilshnáithe chun dul i ngleic leis an nganntanas lóistin reatha, agus an córas a athchóiriú san fhadtéarma.
  • Tá an straitéis dírithe i gcónaí ar threoirphrionsabail an Pháipéir Bháin a choinneáil chun deireadh a chur le Soláthar Díreach agus Tacaíocht a thabhairt do Sheirbhís Tacaíochta um Chosaint Idirnáisiúnta nua.

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman inniu (an 27 Márta 2024) Straitéis Chuimsitheach nua um Lóistín d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta.

Lorgaítear sa straitéis dul i ngleic leis an easnamh lóistín atá ann faoi láthair, agus an córas a athchóiriú san fhadtéarma lena chinntiú go mbeidh an Stát in ann a ghealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh i gcónaí.

Leis na hathchóirithe beifear ag bogadh ar shiúl ó bheith ag brath go hiomlán ar sholáthraithe príobháideacha agus i dtreo croílár lóistín faoi úinéireacht an Stáit, ag seachadadh 14,000 leaba faoi úinéireacht an Stáit faoi 2028 – faoi cheathair an ghealltanais roimhe seo faoin bPáipéar Bán. Cuirfidh soláthraithe tráchtála ardchaighdeáin leis seo, de réir mar is gá. Tá sé ar intinn ag an straitéis nua seo deireadh a chur le húsáid roghanna lóistín mí-oiriúnacha a mbítear ag brath orthu faoi láthair, mar an t-aon óstán atá fágtha i mbaile ar leith.

Déanfar lóistín sa straitéis nua a sheachadadh tríd an gcur chuige ilshnáithe seo a leanas:

  • Úsáid talún Stáit le haghaidh aonad réamhdhéanta agus modúlach
  • Athoiriúnú foirgneamh tráchtála
  • Ceannach spriocdhírithe ar réadmhaoin lándéanta meánmhéide agus níos mó
  • Ionaid Fáiltithe agus Imeasctha nua a dhearadh agus a thógáil
  • Uasghrádú ar ionaid IPAS.

Aithníodh roinnt láithreán faoi úinéireacht an Stáit, agus tá measúnuithe ar siúl lena n-úsáid. Tá sé mar rún ag an Roinn na chéad láithreáin a úsáid laistigh de mhíonna. Ina theannta sin, eiseofar Léiriú Suime le haghaidh lóistín a d’fhéadfaí a cheannach sna seachtainí atá romhainn.

Agus sócmhainní faoi úinéireacht an Stáit á seachadadh trí thalamh an Stáit a cheannach, a thógáil agus a úsáid, forlíonfaidh soláthar soláthraithe tráchtála leapacha faoi úinéireacht an Stáit, agus lorgófar caighdeán foriomlán an lóistín laistigh den chóras a ardú.

Ina theannta sin, ceadóidh an cur chuige céimnithe agus pleanáilte maidir le lóistín do rannpháirtíocht fheabhsaithe pobail chun pleanáil do sholáthar seirbhísí poiblí riachtanacha a chinntiú agus chun cuidiú le comhtháthú agus fáilte a chur roimh dhaoine nua.

Ag seoladh na straitéise, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tabharfaidh an Straitéis Chuimsitheach Lóistín a d’aontaigh an Rialtas inniu aghaidh ar an ngéarchéim lóistín láithreach i gCosaint Idirnáisiúnta, agus soláthrófar cosán, thar na cúig bliana amach romhainn, chun múnla cothrom, éifeachtach agus inbhuanaithe a sholáthar le freastal ar iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta.

“Tabharfaidh an straitéis deis dúinn córas a fhorbairt ina mbeidh an Stát i gceannas ar lóistín, a shuíomh agus a chaighdeáin. Trí dheireadh a chur leis an spleáchas ar sholáthraithe príobháideacha, agus an céatadán de lóistín faoi úinéireacht an Stáit a mhéadú, is féidir linn cinnteacht agus cobhsaíocht a thabhairt isteach sa chóras.”


Nótaí d’Eagarthóirí

Thug an Clár don Rialtas gealltanas go gcuirfí in ionad an chórais reatha lóistín agus tacaíochtaí d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta (CI). Mar chuid den phróiseas seo, d’fhaomh an Rialtas an Páipéar Bán chun Deireadh a chur le Soláthar Díreach agus Seirbhís Tacaíochta um Chosaint Idirnáisiúnta a Bhunú i mí Feabhra 2021. Leagtar amach sa Pháipéar Bán beartas nua maidir le lóistín a thabhairt d’iarratasóirí CI agus cinntíonn sé go gcabhraítear leo comhtháthú isteach in Éirinn ón gcéad lá, le tacaíochtaí sláinte, tithíochta, oideachais agus fostaíochta ag croílár an chórais nua.

Ó foilsíodh an Páipéar Bán tháinig fás an-sciobtha ar iarratais ar Chosaint Idirnáisiúnta le breis agus 30,000 daoine nua ag teacht isteach ó Eanáir 2022 i leith. Chuir an méadú seo brú suntasach ar chumas na Roinne lóistín inmharthana a aimsiú do dhaoine nua atá a tháinig isteach i 2023.

Sa chomhthéacs seo aithnítear gur ghá na boinn tuisceana ar a raibh an Páipéar Bán bunaithe a athscrúdú mar go raibh sé bunaithe ar dtús ar 3,500 daoine nua ag teacht isteach gach bliain. Chuige sin cuireadh tús le hathbhreithniú ar an gcur chuige forfheidhmithe don Pháipéar Bán a chuimsigh ionchuir ó Bhord Chlár an Pháipéir Bháin agus ón nGrúpa Comhairleach Seachtrach.

Mar thoradh ar an athbhreithniú forbraíodh Straitéis Chuimsitheach Lóistín nua d’iarratasóirí CI atá le fáil anseo. Lorgaítear sa straitéis dul i ngleic leis an easnamh lóistín atá ann faoi láthair, agus an córas a athchóiriú san fhadtéarma lena chinntiú go mbeidh an Stát in ann a ghealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh i gcónaí.

Trí ghlacadh leis an bplean lóistín measctha, thosódh an Rialtas ag bogadh de réir a chéile ó fhreagairt fhrithghníomhach, ghéarchéime, rud a cheadódh don Stát sa deireadh:

• Cinnteacht fhadtéarmach a fháil ar ais maidir le hinfhaighteacht lóistín trí shócmhainn lárnach, statach faoi úinéireacht an Stáit a chruthú agus coigilteas an-suntasach a thabhú thar an gcaiteachas reatha a dháiltear ar sholáthraithe tráchtála.

• A stoc lóistín tráchtála a choigeartú de réir mar is gá chun freastal ar éilimh na rátaí teacht isteach agus athruithe féideartha ar fhad fanachta iarratasóirí laistigh den chóras.

• Réim i bhfad níos mó smachta a fháil ar dháileadh, ar leithdháileadh agus ar scaipeadh na n-iarratasóirí.

• Deireadh a chuir le bheith ag brath ar réadmhaoin nua a oscailt i láithreacha mí-oiriúnacha agus/nó réadmhaoin a mbeadh drochthionchar suntasach ag baint léi i bpobail áitiúla (i.e. úsáid an t-aon óstán i mbaile ar leith)

• Níos mó ama sula gcuirtear tús le hoscailt na n-ionad nua, ag ligean do chumarsáid áitiúil fheabhsaithe agus éifeachtach, agus comhtháthú a fhorbairt.

• Pleanáil níos éifeachtaí chun níos mó seirbhísí poiblí a sholáthar.

• Seachadadh caighdeáin go haonfhoirmeach a chinntiú agus deireadh a chur le brath ar lóistín atá faoi bhun an chaighdeáin.

• A chinntiú go gcomhlíontar oibleagáidí dlí an AE agus Idirnáisiúnta, agus cosaint ar chinntí dlíthiúla díobhálacha.

Díríonn an cur chuige ilshnáithe ar acmhainn bhuan faoi úinéireacht an Stáit a mhéadú, agus uasghrádú ar lóistín teagmhasach breise, a forbraíodh go caighdeáin náisiúnta ar leith, córas éifeachtach a thógáil chun freastal ar fhírinne nua an ghá atá ag méadú agus ag an am céanna ag cur le cumas an Stáit a dhualgas a chomhlíonadh maidir le coinníollacha glactha ábhartha Iarratasóirí CI a chomhlíonadh, de réir threoirphrionsabail an Pháipéir Bháin.

Chun déileáil le cineál éileamh-threoraithe an chórais, leanfaidh coimisiúnú lóistín tráchtála éigeandála mar ghné sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Déanfar conradh leis an lóistín seo ar bhonn ghearrthréimhseach agus má thiteann líon na n-iarratas is féidir é a dhíchoimisiúnú de réir mar a théann conarthaí in éag. Tá sé beartaithe go laghdófar úsáid an lóistín éigeandála seo de réir mar a thagann lóistín nua faoi úinéireacht an Stáit agus lóistín buan tráchtála i bhfeidhm.

Nuair a bheidh dóthain lóistín faoi úinéireacht an Stáit curtha ar fáil sna blianta atá le teacht, agus lóistín éigeandála laghdaithe go mór, féadfaidh an Rialtas, ag an bpointe sin, iarracht a dhéanamh laghdú breise a dhéanamh ar an sciar den lóistín buan curtha ar fáil ag soláthraithe tráchtála agus bogadh chuig córas faoi úinéireacht an Stáit go hiomlán nó go príomha.

Briseadh síos ar an tairiscint lóistín faoi 2028

Cineál Lóistín Toilleadh Leaba Úinéireacht
Ionaid Fáiltithe agus Imeasctha agus Ionaid Lóistín, ag caighdeáin náisiúnta nó os a chionn Suas le 13,000 Faoi úinéireacht an Stáit
Lóistín laistigh den Chomhphobal do dhaoine leochaileacha, ag caighdeáin náisiúnta nó os a chionn Suas le 1,000 Faoi úinéireacht an Stáit, á oibriú i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhrialtasacha.
Lóistín Theagmhas, de réir caighdeán náisiúnta Suas le 11,000 Soláthraithe Tráchtála
Lóistín Éigeandála Suas le 10,000 Soláthraithe Tráchtála