English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Ó Ghormáin an ceapúchán de Ms Caoilfhionn Gallachóir KC mar Rapporteur speisialta ar Chosaint Leanaí

D'fhógair an tAire Leanaí, Eolaíochta, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman inniu ceapúchán an rialtais de Ms Caoilfhionn Gallagher KC mar Rapporteur speisialta de Chosaint leanaí thar thréimhse trí-bliana.

D'fhógair an tAire Leanaí, Eolaíochta, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman inniu ceapúchán an rialtais de Ms Caoilfhionn Gallagher KC mar Rapporteur speisialta de Chosaint leanaí thar thréimhse trí-bliana.

Chuir an tAire fáilte roimh Ms Gallagher chuig an bpost agus dúirt sé,

“Is dlíodóir agus abhchóide cearta daonna idirnáisiúnta í Caoilfhionn, agus tá saibhreas saineolais aici i réimsí a bhaineann le cearta, leasa agus cosaint leanaí. Táim ag súil go mór le bheith ag obair léi le linn an tréimhse”.

Leanann an ceapúchan comórtas oscailte a chuir an tSeirbhís um cheapacháin phoiblí (PAS) ar siúl. Dúirt Ms Gallagher inniu,

“Is am criticiúil é le haghaidh cearta agus cosaint leanaí in Éirinn. Tá roinnt dúshlán tábhachtacha atá práinneach, roinnt dóibh a bhí aibhsithe ag Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Pháiste sna laethanta roimh mo cheapúchán. Tá an ról neamhspleách fíorthábhachtach, agus táim ag súil go mór bheith ag obair leis an Rialtas, eagraíochtaí speisialta, páistí agus daoine óga le linn mo théarma chun an sainordú a chomhlíonadh.”

Oibríonn Ms Gallagher mar dhlíodóir agus abhchóide chearta daonna idirnáisiúnta, bunaithe i Doughty Street Chambers, Londain. Ghníomhaigh sí i roinnt de na príomhchásanna de chearta daonna tugtha roimh eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus cúirteanna sa Ríocht Aontaithe agus dlínsí eile. Oibríonn sí ar bhonn páirtaimseartha mar chróinéir nuair a bhí sé freagrach as tabhairt faoi imscrúduithe mar gheall ar bhásanna leanaí a bhí amhrasach, agus bhí sí ceaptha mar athbhreithneoir le haghaidh an Painéal athbhreithnithe slánchumhdaithe le haghaidh Sasana agus An Bhreatain Bheag idir 2019-2021, ról a bhfuil ó dhaoine imscrúdú a dhéanamh de cheisteanna cosaint leanaí agus foghlaim rialtais ó bhásanna leanaí agus cásanna eile a bhaineann le mórdhochar do pháistí.

Mhol an tAire O'Gorman an obair a rinne an Rapporteur Speisialta is déanaí an tOllamh Conor O' Mahony. Dúirt an tAire,

“Ba bhreá liom mo bhuíochas a thabhairt don Ollamh Ó Mahony as a chuid oibre mar Rapporteur Speisialta de Chosaint leanaí thar na trí bliana deireanacha. Is ábhar spéise iad do mo Roinnse agus do roinnt Ranna agus gníomhaireachtaí eile na tuarascála cuimsitheacha bliantúla chomh maith le tuairiscí eile a fuarthas le linn a thionachta. Bhí an-tionchar ag a obair ar fhorbairt agus athbhreithniú an pholasaí agus reachtaíochta cosaint leanaí chomh maith leis an córas níos leithne”.

CRÍOCH //


Nóta an eagarthóra:

Is iad téarmaí tagartha an Rapporteur Speisialta a leanas:

1. Mar gheall ar chosaint leanaí agus ar iarrtas an Aire Cosaint leanaí, Eolaíochta, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, déanfaidh an Rapporteur:

a) Athbhreithniú ar an ndul chun cinn de dhlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta faoi leith mar gheall ar chosaint leanaí;

b) Cíoradh ar scóip agus cur chun feidhme d'fhorálacha reachtaíochta atá ann nó atá beartaithe, agus barúla/moltaí a chur in iúl nuair is iomchuí; agus

c) Tuairisciú ar cad tá ag tarlú i ndlínsí ábhartha mar gheall ar reachtaíocht nó dlíthíocht faoi leith.

2. Déanfaidh an Rapporteur tuairisciú ar dhlíthíocht ábhartha atá sna cúirteanna náisiúnta agus déanaidh measúnú ar an tionchar, má tá cuid ar bith de, a d'fhéadfadh a leithéid de dhlíthíocht a bheith ar chosaint leanaí.

3. Ullmhóidh an Rapporteur gach bliain tuarascáil ina leagtar amach torthaí na hoibre a bhí déanta sa bhliain roimhe maidir leis na pointí 1) agus a 2).

4. Sa chás go n-iarrfadh an tAire uirthi, cuirfidh an Rapporteur ar fáil tógraí leasaithe atá scoite sula gcuirtear an tuarascáil bhliantúil a chur isteach.

5. Cuirfear isteach tuarascáil bhliantúil an Rapporteur chuig an Rialtas chun an cead foilsithe a fháil, leagfar amach iad don Oireachtas agus foilseófar iad.

Is é an Rapporteur an té atá freagrach don Oireachtas agus is féidir léi dul i gcomhairle le Ranna an Rialtais agus an t-Ombudóir Leanaí maidir le haon tograí reachtaíochta atá deartha chun cosaint leanaí a threisiú.

Taispeánfar tuarascálacha an Rapporteur go léir don Oireachtas agus foilsítear iad ar shuíomh idirlíon na Roinne um Chosaint leanaí, Eolaíochta, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Réamheolas faoi Ms Caoilfhionn Gallalgher KC

Oideachas agus cáilíochtaí

  • Gaireadh í chuig Comhairle Bharra na hÉireann (2001), Comhairle Bharra Shasana agus na Breataine Bige (2005) agus Comhairle Bharra inmheánach Shasana (ceaptha sa Chomhairle na Banríona) (2017).
  • LLM, University of Cambridge, 2002.
  • Bl, Cumann Ónórach Óstaí na Rí, Baile Átha Cliath, 2001.
  • BCL, Ollscoil na hÉireann Baile Átha Cliath, 1999.

Cleachtadh

Is dlíodóir agus abhchóide cearta daonna idirnáisiúnta í Caoilfhionn Gallagher KC FRSA, agus is saineolaí í i ndlí na gcearta daonna, sa dlí phoiblí, ionchoisní, cúram an phobail, dlí an phriosúin agus dlí na meán. Tá saineolas faoi leith ag Ms Gallaghar maidir le cearta leanaí, coinneáil dhírialta agus freagracht an rialtais mar gheall ar bhásanna atá éagórach, agus is duine de na príomhsaineolaithe idirnáisiúnta i sábháilteacht iriseoirí agus básanna iriseoirí í freisin. Ó 2005 ar aghaidh ghníomhaigh sí in an-chuid cásanna ar díol súntais iad, lena n-áirítear ghníomaigh sí ar son theaghlaigh agus marthanóirí na n-ionsaithe 7/7 a tharla i Londain agus an tubaiste Hillsborough; agus ghníomhaigh i roinnt cásanna a d'athraigh an dlí mar gheall ar an tslí a chaitear le páistí faoi chúram na bpóilíní sa RA, agus i ndúshláin dlí maidir leis an tionchar diúltach de chiorruithe leasaithe sóisialta a bhíonn ar thuismitheoirí singil, páistí faoi mhíchumas, cúramóirí agus marthanóirí d'fhoréigean teaghlaigh. Ghníomhaigh sí chomh maith ar son íospartaigh ag dul i ngleic le ceisteanna casta de theipeanna idir-ghníomhaireachta cosúil leis na póilíní agus seirbhísí linbh, agus ar son níos mó ná 100 rannpháirtithe lárnacha (marthanóirí agus eagraíochtaí) d'fhiosrúchán neamhspeách an RA sa dhrochúsáid ghnéasach leanaí (IICSA).

Sa réimse chearta leanaí, ghníomhaigh Ms Gallagher i roinnt príomhchásanna ar leibhéal idirnáisiúnta, roimh an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, roimh Coiste bhreithiúnach an Chomhairle Ríoga agus eagraíochtaí NA. Go rialta tugann sí comhairle do rialtais, NGOanna agus daoine mar gheall ar cheisteanna a bhaineann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta Leanaí. Áirítear leis seo comhairle don Oifig NA ar Dhrugaí agus Coireacht maidir le caighdeáin idirnáisiúnta de chosaint chearta leanaí mar gheall ar saighdiúirí linbh agus Boko Haram. Tá sí tar éis roinnt foilsiúchán a bhaineann le cearta daonna agus ceisteanna cearta leanaí a chur amach.

Is í Ms Gallagher comhbhunaitheoir agus comhcheannaire an ghrúpa Doughty Street Chambers Children's Rights Group, eagraíocht a bhailíonn cleachtóirí, scoláirí agus dlíodóirí speisialta idirnáisiúnta eile chun forálacha dlí atá ann nó atá beartaithe a mheas agus a mholadh mar gheall ar pháistí agus chun athrú a mholadh nuair is gá leis.

D'oibrigh Ms Gallagher ag Liberty (An Chomhairle Náisiúnta um Chearta an Duine), Londain idir 2003 – 2005; agus mhúin sí mic léinn a bhí ag déanamh bunchéim sa dlí ag Coláiste na hÉireann Bhaile Átha Cliath (1999-2001), Coláiste na Trionóide Baile Átha Cliath (2000-2001) agus sa London School of Economics (2004-2005).

I 2017 Bhí Ms Gallagher ceapthamar Comhalta de Chumann Ríoga na healaíona (FRSA), de bharr “an t-ionchur sármhaith a rinne sí ar son chosaint na gcearta daonna.”