Cuireann an tAire Zappone fáilte roimh an dul chun cinn atá déanta ag Tusla maidir le moltaí HIQA a chur i bhfeidhm
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 9 Aibreán 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Zappone roimh fhoilsiú an dara tuarascáil ar dhul chun cinn ón Sainghrúpa Dearbhaithe (nó an Expert Assurance Group[EAG]) maidir leis na céimeanna atá tógtha ag Tusla chun moltaí HIQA a chur i bhfeidhm. Eascraíodh na moltaí sin ón imscrúdú reachtúil de chuid HIQA.
Tuigeann an EAG go gcaithfidh Tusla formhór na hoibre a dhéanamh chun tabhairt faoi na moltaí agus go bhfuil coiste feidhmiúcháin Tusla ag cur go leor acmhainní ar fáil agus ag díriú ar na ceisteanna is tábhachtaí.
Dúirt an tAire Zappone:
"Tá cur síos ar dul chun cinn le fáil sa dara tuarascáil ráithiúil de chuid an Sainghrúpa Dearbhaithe. Tá cur síos faoi leith inti maidir le cur i bhfeidhm an chleachtais cosanta leanaí, 'Signs of Safety'. Tá tuilleadh le déanamh ach is dearfach an scéal é go dtí seo."
Tá go leor dul chun cinn á dhéanamh maidir le bainistíocht atreoruithe. Mar gheall ar 'Signs of Safety', tá athrú suntasach ar siúl sa réimse sin agus tá fianaise shoiléir ann go bhfuil an cleachtas sin á chur i bhfeidhm. Chuir baill fhoirne fáilte roimh an tionscnamh, mar ceapann siad gur bealach níos dearfaí agus níos rathúla is ea é chun obair le teaghlaigh nuair atá imní tromchúiseacha ann maidir le cosaint leanaí.
Aithnítear sa tuarascáil go bhfuil dúshlán mór ann go fóill maidir le hearcaíocht agus tá an EAG ag súil go mór le straitéis agus plean cur i bhfeidhm don fhórsa oibre Tusla a chur i gcrích.
Deirtear sa Tuarascáil EAG go bhfuil athrú mór á éileamh ar Tusla sna seirbhísí go léir atá ag an eagraíocht agus caithfear é sin a bhainistiú go cúramach. Tá sé ríthábhachtach go ndéantar polasaithe Tusla a dhaingniú agus a neadú.
Dúirt an tAire:
"Bhí cruinniú agam le Cathaoirleach an EAG, Dr Moling Ryan, agus thug sé achoimre dom ar na gnímh atá curtha chun cinn go dtí seo agus na gnímh a gcuirfear chun cinn sna míonna atá amach romhainn. Bhí na cruinnithe idir EAG agus Tusla thar a bheith díreach agus dearfach."
Tá an dara tuarascáil ráithiúil ón Sainghrúpa Dearbhaithe ar shuíomh gréasáin na Roinne Leanaí.
CRÍOCH