English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Zappone fáilte roimh Rialacháin um Chúram Leanaí ar Aois Scoile

Inniu, 18ú Feabhra 2019, cuireadh rialacháin nua i bhfeidhm maidir le seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile a chlárú.

Ní mór do sheirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile clárú anois le Tusla, An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Ní raibh seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile faoi réir clárúcháin go dtí seo, agus is céim mhór chun cinn í seo chun cúram leanaí ar aois scoile atá ar ardchaighdeán a chinntiú.

Ní mór do sheirbhísí a chuireann cúram leanaí ar fáil do leanaí ar aois scoile amháin cur isteach i gcomhair clárúcháin faoi 18ú Bealtaine 2019. Moltar dóibh an próiseas a thosú go láithreach. Na seirbhísí aois scoile atá cláraithe mar sheirbhísí réamhscoile le Tusla cheana féin, ní mór dóibh cur isteach i gcomhair clárúcháin faoi 18ú Lúnasa 2019. Ní mór do sheirbhísí nua cur isteach i gcomhair clárúcháin 3 mhí ar a laghad roimh oscailt.

Nuair a bheidh siad cláraithe, beidh seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile in ann páirt a ghlacadh sa Scéim Inacmhainne Cúraim Leanaí, a seolfar go deireanach in 2019. Ciallaíonn sé sin go mbeidh teaghlaigh atá ag baint leasa as na seirbhísí sin in ann teacht ar na sochair airgeadais a chuirfidh an scéim ar fáil.

Dúirt an tAire Zappone:

"Lá tábhachtach é inniu chun luathfhoghlaim agus cúram agus cúram leanaí ar aois scoile a fhorbairt in Éirinn, atá ar ardchaighdeán, ar phraghas réasúnta agus so-aimsithe. Tá lúcháir orm go bhfuil tús curtha leis na Rialacháin nua um Chúram Leanaí ar Aois Scoile. Faoi na Rialacháin nua, caithfidh gach seirbhís cúraim leanaí ar aois scoile a bheith cláraithe le Tusla, agus cabhraíonn sé sin chun a chinntiú go bhfuil leanaí ag freastal ar sheirbhísí atá oiriúnach, ar ardchaighdeán agus sábháilte".

Na Rialacháin a tháinig i bhfeidhm inniu, réamh-rialacháin is ea iad. Níos déanaí i mbliana, cuirfidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige tús le próiseas comhairliúcháin poiblí maidir le rialacháin chuimsitheacha a fhorbairt agus caighdeáin náisiúnta cáilíochta do chúram leanaí ar aois scoile.

Tá na Rialacháin agus Treoir Mhínitheach ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Is féidir le seirbhísí cúraim leanaí ar aois scoile cur isteach i gcomhair clárúcháin ag www.tusla.ie

Má tá tacaíocht ag teastáil ó sheirbhís cúraim leanaí ar aois scoile maidir leis an bpróiseas clárúcháin, ba chóir dóibh dul i dteagmháil lena coiste contae/cathrach i gcúram leanaí ag www.myccc.ie.

CRÍOCH