English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Déanann an tAire O’Gorman Lá Domhanda na Leanaí a cheiliúradh le plean forfheidhmithe nua ‘Na Chéad 5’

Inniu ar Lá Domhanda na Leanaí, nochtfaidh an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, an plean forfheidhmithe is déanaí le haghaidh ‘Na Chéad 5’, straitéis uile-rialtais deich mbliana do leanaí, do pháistí óga agus dá dteaghlaigh.

Seoladh 'Na Chéad 5’ den chéad uair in 2019, agus clúdaítear leis an tréimhse suas go 2028.

Déantar cur síos sa Phlean Forfheidhmithe is déanaí ar na céimeanna uaillmhianacha a ghlacfar thar an tréimhse 2023 go 2025 chun a chinntiú go bhfaigheann leanaí an tús is fearr sa saol.

Le linn na céime seo den chur i bhfeidhm, déanfar 125 gníomh a sheachadadh thar 10 Roinn Rialtais, an FSS agus Tusla chomh maith le 31 comhpháirtí seachadta. Tá aschur ar leith 2025 ag gach gníomh chomh maith le sceideal soiléir de gharspriocanna bliantúla gaolmhara. Déanfaidh Oifig Forfheidhmithe na Chéad 5 monatóireacht ar dhul chun cinn na ngarspriocanna seo agus déanfar tuairisc orthu gach bliain.

I measc na bpríomhghníomhartha faoi Chéim 2 tá:

• Teidlíocht an duine aonair ar Shaoire Thuismitheora agus Sochar Tuismitheora a shíneadh ó 7 seachtaine go 9 seachtaine.

• Bearta a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht bia, go háirithe maoiniú spriocdhírithe a sholáthar chun béilí a chur ar fáil do leanaí i luathfhoghlaim agus i gcúram agus do sheirbhísí cúram leanaí in aois scoile a fhreastalaíonn ar phobail faoi mhíbhuntáiste.

• An tSamhail Chomhionann Rannpháirtíochta (EPM) a thabhairt isteach chun rannpháirtíocht agus cuimsiú leanaí faoi mhíbhuntáiste i suíomhanna luathfhoghlama, cúraim agus cúram leanaí in aois scoile a uasmhéadú.

• Tacaíochtaí a mhéadú faoin tSamhail Rochtana agus Ionchuimsitheachta (AIM) a bhfuil duaiseanna buaite aici taobh amuigh den chlár réamhscoile ECCE.

• Ullmhúcháin a dhéanamh do theidlíocht dlí a thabhairt isteach don chlár réamhscoile ECCE.

• Próiseas pleanála deartha agus forfheidhmithe chun na feidhmeanna a dhéanann Cigireacht Luathbhlianta Tusla agus foireann luathbhlianta Chigireacht na Roinne Oideachais (RO) a thabhairt le chéile in aon chomhlacht amháin a sholáthraíonn cigireachtaí comhtháite cúraim agus oideachais.

• Céim phleanála deartha agus feidhmithe chun gníomhaireacht stáit tiomnaithe a bhunú don luathfhoghlaim agus cúram agus do chúram leanaí in aois scoile.

Agus é ag labhairt roimh fhoilsiú an lae inniu, dúirt an tAire O’Gorman:

“Mar Aire Leanaí, tá lúcháir orm Plean Forfheidhmithe 2023-2025 na Chéad 5 a fhoilsiú.”

“Tógann an plean trí bliana seo ar an dul chun cinn suntasach atá déanta chun gealltanas na Chéad 5 a bhaint amach idir 2019-2022 agus leagann sé amach na chéad chéimeanna eile a thógfaimid chun a chinntiú go mbeidh na tacaíochtaí riachtanacha ag leanaí ina saol chun barr a gcumas a bhaint amach ó thaobh a bhfás de.”

“Le roinnt blianta anuas, tá costais do thuismitheoirí laghdaithe go mór againn agus tá rochtain ar chúram luathfhoghlama agus ar chúram leanaí in aois scoile sínithe againn agus teidlíochtaí saoire do thuismitheoirí á méadú againn ag an am céanna. Leagann an plean forfheidhmithe nua seo amach conas a leanfaimid leis an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas.”

"Táim ag tnúth le comhoibriú leanúnach le comhghleacaithe ar fud Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit, na hearnála pobail agus deonaí agus na gcomhpháirtithe seachadta níos leithne chun torthaí níos fearr a bhaint amach do leanaí, do pháistí óga agus dá dteaghlaigh."


Nótaí d'eagarthóirí

Spriocanna ‘Na Chéad 5’:

1. Faoi 2028, trí mheascán de scéimeanna saoire teaghlaigh íoctha, tabharfar tacaíocht do thuismitheoirí aire a thabhairt dá leanaí sa bhaile ar feadh na chéad bhliana ar fad.

2. Méadú 2% in aghaidh na bliana ar rátaí maidir le fad beathú cíche (de réir na sprice atá leagtha síos sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chothú Cíche).

3. Faoi 2028, beidh íosriachtanas oiliúna bainte amach ag gach feighlí leanaí rialáilte, agus tabharfar isteach íosriachtanas cáilíochta do chúram leanaí in aois scoile le ham tosaigh cuí. Beidh an lucht saothair luathfhoghlama agus cúraim faoi stiúir céimithe, agus beidh cáilíocht chuí ag leibhéal na céime ag ar a laghad 50% den fhoireann ag obair go díreach le leanaí i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim bunaithe in ionaid.

4. Idir 2023 agus 2028, oibreoidh Éire chun an bhearna reatha san infheistíocht phoiblí sa luathfhoghlaim agus sa chúram a dhúnadh i gcomparáid le meán an AE.

5. Faoi 2028, beidh 60,000 áit luathfhoghlama agus cúraim do leanaí faoi 3 bliana d’aois maoinithe ag an stát.

6. Idir 2023 agus 2028, oibreoidh Éire chun an bhearna atá ann i nglanchostais luathfhoghlama agus chúraim a dhúnadh, mar chéatadán d’ioncam indiúscartha teaghlaigh, i gcomparáid le meán an AE.

7. Faoi 2028, beidh na rátaí glactha chuig an gclár ECCE nó clár réamh-bhunscoile coibhéisí ag leanaí den Lucht Taistil agus Romaigh ailínithe níos dlúithe leis an meán náisiúnta.