D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Comhtháthú, Roderic O’Gorman T.D., inniu go mbeidh Lá Náisiúnta Súgartha 2020 ar siúl Dé Sathairn, an 4 Iúil
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 1 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Leanaí, Míchumas, Comhionannas agus Comhtháthú, Roderic O’Gorman T.D., inniu go mbeidh Lá Náisiúnta Súgartha 2020 ar siúl Dé Sathairn, an 4 Iúil, agus gur Playful Communities, Playful Homes [Pobail Súgartha, Tithe Súgartha] a bheidh mar théama aige.
Dúirt an tAire, agus é ag tabhairt na fógartha:
‘Tá an súgradh ríthábhachtach d’fholláine an linbh, agus dá fhoghlaim agus dá fhorbairt. Anois, níos mó ná aon uair eile go dtí seo, tá gá ann go gcuirfimid go léir am ar leataobh don súgradh, sa bhaile agus amach sa phobal, araon. Cuirim fáilte roimh Lá Náisiúnta Súgartha 2020 agus iarraim ar dhaoine páirt a ghlacadh ann, bíodh sé i do bhaile féin nó amuigh sa phobal.
Tá saol na leanaí iompaithe bunoscionn le linn na tréimhse dúshlánaí seo agus tá súil againn go mbeidh an Lá Náisiúnta Súgartha mar chéad chéim dóibh aireachtáil go bhfuil an saol tar éis teacht ar ais mar a bhí sé.
Is éard is aidhm le Lá Náisiúnta an tSúgartha ná deiseanna súgartha a chur chun cinn do leanaí ar fud na tíre. Gach uile bhliain, oibríonn an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla chun clár gníomhaíochta a chur i gcrích chun tacú le Lá Náisiúnta an tSúgartha. Lá Náisiúnta Súgartha i mbliana, leis an téama Playful Homes: Playful Communities, á sheachadadh faoin bhfeachtas Let’s Play Ireland atá níos leithne. Tá Let’s Play Ireland ar siúl ó bhí mhí Aibreáin ann mar chuid den fhreagra atá tugtha ag an Rialtas chun tacú le leanaí agus teaghlaigh le linn na srianta COVID-19 a bheith i bhfeidhm. Tá béim curtha ar theachtaireachtaí atá simplí bunúsach faoi thábhacht an tsúgartha san fheachtas Let’s Play Ireland: Bí ag Súgradh chun Nasctha; Bí ag Súgradh ar mhaithe leis an Spraoi; Bí ag Súgradh Uair Amháin sa Lá, ar a Laghad.
Tá maoiniú faighte ag na hÚdaráis Áitiúla ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun tionscnaimh a óstáil chun Lá Náisiúnta an tSúgartha a chur chun cinn agus a cheiliúradh trí dheiseanna spraíúla a chur ar fáil do leanaí i ngach cearn den tír.
I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl chun Lá Náisiúnta an tSúgartha a cheiliúradh tá, i measc a lán beart eile: dioscó agus seó draíochta a bheidh ar siúl i ngairdíní Mhúsaem Chontae an Chabháin; ranganna fíorúla ar scileanna sorcais agus pacáistí súgartha atá curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, pacáistí súgartha a bheith leithdháilte ar Ionaid Soláthar Díreach agus ar spriocghrúpaí atá lonnaithe ar fud na tíre.
Ba chóir do theaghlaigh seiceáil a dhéanamh lena nÚdarás Áitiúil le fáil amach cad iad na smaointe iontacha spraíúla atá acu ar imeachtaí le bheith curtha ar siúl ina gceantar féin le haghaidh Lá Náisiúnta Súgartha 2020, agus ar Item was unpublished or removed freisin, chun teacht ar fhíseán Lá Náisiúnta an tSúgartha agus tuilleadh smaointe súgartha a fháil.
Nóta an Eagarthóra
Is éard is aidhm le Lá Náisiúnta an tSúgartha ná deiseanna súgartha a chur chun cinn do leanaí ar fud na tíre. Déanfaidh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige clár gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla, chun tacú le Lá Náisiúnta an tSúgartha agus tá maoiniú curtha ar fáil do gach aon Údarás Áitiúil chuige sin, chun tacú leo leis an méid atá á dhéanamh acu le Lá Náisiúnta an tSúgartha.
Iarrtar ar na hÚdaráis Áitiúla deiseanna súgartha a chruthú i ngairdíní cónaithe nó i limistéir phobail trí threalamh súgartha a cheannach nó trí imeacht pobail a óstáil, m.sh. gníomhaíocht shóisialta amuigh faoin aer don phobal, cluiche pobail, cóisir dioscó nó aon ghníomhaíocht shóisialta i spás amuigh faoin spéir, ach amháin go comhlíontar srianta an scartha shóisialta.
Is féidir leis na hÚdaráis Áitiúla pacáistí súgartha a chur ar fáil do leanaí chomh maith, agus uirlisí súgartha iniata iontu. Tá béim láidir leagtha ar thús áite a thabhairt do leanaí, do theaghlaigh agus do phobail a bhfuil níos mó seans ann go mbeidh siad thíos leis an díothacht súgartha, do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu nó do leanaí atá mar chuid de ghrúpaí gur bheag an ionadaíocht atá acu. I measc na míreanna a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i bPacáiste Súgartha, tá leithéidí rópaí scipeála, liathróidí boga, ábhair don cheardaíocht nó don líníocht, bréagáin le haghaidh na cumarsáide, bréagáin le haghaidh an tsóisialaithe, bréagáin le haghaidh na gcéadfaí, bréagáin le haghaidh an láimhsithe, bréagáin le haghaidh na gluaiseachta: agus an rud is tábhachtaí ar fad, thar aon ní eile, BRÉAGÁIN DON SPRAOI!!