D’fhógair an tAire O’Gorman Deontas Caipitil €18 milliún don Earnáil Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 22 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- €18 milliún fógartha faoin Scéim Deontais um Méadú na mBloicíní Tógála
- Deontais in 2024 do sheirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí chun a gcumas a mhéadú trí bhíthin athchóirithe inmheánacha agus athchumraithe
- Soláthróidh an scéim na mílte áiteanna Luathfhoghlama agus Cúram Leanaí i limistéir tearcsholáthair
- Bainfidh an scéim úsáid as anailís nua chun maoiniú a dhíriú ar na ceantair ina bhfuil an bhearna soláthair is mó
- Beidh uas-thairseach na dtáillí i bhfeidhm lena chinntiú nach mbeidh áiteanna a sheachadtar tríd an maoiniú seo neamh-inacmhainneachta
D’fhógair Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Scéim Deontais Chaipitil €18 milliún don Earnáil Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí inniu.
Tá an Scéim Deontais um Meadú Acmhainne na mBloicíní Tógála mar chuid den Scéim Deontais Acmhainne na mBloicíní Tógála níos leithne don Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030 (PFN) athbhreithnithe.
Is é príomhfhócas na Scéime Deontais Leathnaithe ná cumas a mhéadú sa raon aoise 1-3 bliana d’aois (roimh COLÓ) le haghaidh cúram lae nó cúram páirtaimseartha. Bainfear é seo amach trí mhaoiniú a dhéanamh ar thionscadail a athchumraíonn nó a dhéanann athnuachan inmheánach ar na seirbhísí Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí chun freastal ar leanaí breise sa chatagóir aoise seo.
Beidh an Scéim Deontais Mhéadaithe ar oscailt do sheirbhísí comhpháirtíochta Croímhaoinithe.
Tá scrúdú déanta ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ar leibhéil an tsoláthair agus an éilimh ar an Luathfhoghlaim agus ar Chúram Leanaí trí úsáid a bhaint as na sonraí daonáirimh is déanaí agus faisnéis ar sholáthar agus ar rolluithe reatha, chomh maith le sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh ar phatrúin chomaitéireachta, chun léargais a ghiniúint ar an méid a shásaíonn na leibhéil reatha soláthair éileamh áitiúil ar fud na tíre. Tá an anailís seo á húsáid chun réimsí tearcsholáthair ar fud na tíre a aithint, rud a fhágann gur féidir an maoiniú a dhíriú ar na ceantair is mó a bhfuil gá acu leis.
Gné eile den scéim seo is ea cur i bhfeidhm na tairsí uasta táillí d’áiteanna Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí a sheachadtar tríd an maoiniú seo. Ar aon dul le cuspóirí an Aire rochtain ar luathfhoghlaim agus cúram ar ardchaighdeán inacmhainne a fheabhsú, ní chuirfear maoiniú le haghaidh leathnú acmhainne ar fáil ach do sheirbhísí a ghearrann táillí faoi bhun na tairsí táille uasta.
Agus an tAire O’Gorman ag cur fáilte roimh an bhfógra, dúirt sé
“Is é príomhthosaíocht don Rialtas ná Luathfhoghlaim agus Cúram Leanaí ar ardchaighdeán a chinntiú atá inacmhainne agus inrochtana do chách. Le blianta beaga anuas, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Rialtas chun costais a laghdú do thuismitheoirí, ach tá a fhios againn go bhféadfadh sé a bheith deacair teacht ar luathfhoghlaim agus cúram leanaí i gceantair áirithe den tír. Déanfaidh an Scéim Deontais Mhéadaithe soláthar do mhéadú láithreach ar áiteanna inacmhainne Luathfhoghlama agus Cúram Leanaí in 2024, agus díreofar go sonrach ar na ceantair is mó a bhfuil gá leo. Beidh sé ar an gcéad cheann de dhá scéim infheistíochta caipitil shuntasacha, a sholáthrófar in 2024 agus 2025.”
Dúirt sé freisin
“Tá súil agam go gcuirfidh sé seo tacaíocht ollmhór ar fáil do sheirbhísí atá réidh le hacmhainn a mhéadú trí athchóirithe agus uasghráduithe ar scála níos lú. Ó d’fhógair mé an Scéim Acmhainne na mBloicíní Tógála i mí na Nollag, d’oibrigh mo Roinn go dlúth le Pobal agus le líonra na gCoistí Cúraim Leanaí Cathrach agus Contae chun ullmhú chun an scéim a sheachadadh.”
Chomh maith leis an Deontas Acmhainne na mBloicíní Tógála, leanann an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige le raon gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun a chinntiú go bhfuil an soláthar Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí ar aon dul leis an éileamh lena n-áirítear:
- Bunú Aonad Bainistíochta Soláthair nua i mí Eanáir. Déanfaidh an tAonad bainistiú ar dhearadh agus ar sheachadadh an Deontais Acmhainne na mBloicíní Tógála. Díreoidh an tAonad freisin ar chumas pleanála chun cinn na rannóige a fhorbairt chun soláthar agus éileamh a mheas níos fearr agus chun freagraí éifeachtacha a fhorbairt chun bearnaí soláthair a chomhlíonadh.
- Teagmháil leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Nuashonrú ar Threoirlínte Pleanála 2001 d’Údaráis Áitiúla ar Shuímh Luathfhoghlama agus Cúraim Leanaí.
- Rialáil feighlithe leanaí faoin bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fheighlíocht Leanaí, a cheadóidh an Scéim Náisiúnta um Chúram Leanaí a oscailt do thuismitheoirí a úsáideann feighlithe leanaí ó fhómhar 2024 ar aghaidh.
CRÍOCH/
Nóta d’Eagarthóirí:
Príomhghnéithe na Scéime Deontais Leathnaithe:
Maoineofar tionscadail idir €50,000 agus €100,000 chun acmhainn bhreise a sheachadadh, e.g. áit ar féidir le seirbhísí an spás atá ann cheana a athchóiriú nó a uasghrádú chun freastal ar níos mó leanaí. Beidh an deontas seo oscailte do sheirbhísí príobháideacha agus pobalbhunaithe araon, faoi na coinníollacha seo a leanas:
- Is féidir le Soláthraithe Príobháideacha cur isteach ar mhaoiniú idir €25,000 agus €50,000.
- Is féidir le Soláthraithe Pobail cur isteach ar mhaoiniú idir €50,000 agus €100,000.
- Beidh maoiniú meaitseála ag teastáil le haghaidh seirbhísí faoi úinéireacht phríobháideach, le ranníocaíocht uasta ón Roinn de 50% de chostais iomlána an tionscadail. Ní bheidh maoiniú meaitseála ag teastáil ó sheirbhísí faoi stiúir an phobail.
Chun a bheith incháilithe le haghaidh deontas, ní mór do sheirbhísí gealltanas a thabhairt go méadóidh siad a soláthar seirbhíse faoi chúig áit ar a laghad do leanaí 1-2 bhliain d’aois nó ar a laghad sé áit do leanaí 2-3 bliana d’aois (roimh an COLÓ), nó toilleadh thar an dá aoisghrúpa a mhéadú go dtí 6 ar a laghad. Féadfaidh áiteanna do leanaí in aoisghrúpaí eile a bheith incháilithe freisin do mhaoiniú a luaithe a chomhlíontar na híosriachtanais.
Beidh íosriachtanais maidir le líon na n-uaireanta soláthair in aghaidh na seachtaine agus seachtainí in aghaidh na bliana i bhfeidhm freisin.
Príomhghné den scéim is ea seiceáil chun a chinntiú nach sáraíonn na táillí a ghearrann na seirbhísí a dhéanann iarratas ná uasteorainn na dtáillí. Déantar é seo lena chinntiú nach n-eascródh soláthar áiteanna nach bhfuil inacmhainne do thuismitheoirí mar thoradh ar infheistíocht chaipitil.
Socraíodh an tairseach uasta táillí trí úsáid a bhaint as sonraí ar tháillí ó Phróifíl Earnála Luathbhlianta Pobal agus trí theicníc staitistiúil, ‘Tukey’s Fence’, a chur i bhfeidhm chun asluiteacha a aithint ón ngnáthréimse táillí. Agus éagsúlacht á tabhairt san áireamh sa raon táillí a ghearrtar, bunaítear ‘fál’. Rangaítear aon luachanna táillí os cionn an fháil mar asluiteacha. Cuireadh an modh i bhfeidhm ar na sonraí don tír ina hiomláine maidir le táillí lánaimseartha agus páirtaimseartha.
- Is é an tairseach uasta táille le haghaidh cúram lánaimseartha ná €295 in aghaidh na seachtaine.
- Is é an tairseach uasta táille le haghaidh cúram páirtaimseartha ná €190 in aghaidh na seachtaine.
Tá Samhail Éileamh Coibhneasta forbartha ag an Roinn agus ag Pobal i gcomhpháirt trí úsáid a bhaint as na sonraí daonáirimh is déanaí agus faisnéis ar sholáthar agus rolluithe reatha, chomh maith le sonraí an Phríomh-Oifig Staidrimh ar phatrúin chomaitéireachta, chun léargais a ghiniúint ar a mhéid a fhreastalaíonn na leibhéil reatha soláthair ar éileamh áitiúil ar fud na tíre. Leis an anailís seo beifear in ann an maoiniú a dhíriú ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leis.
Tá na hiarratais réidh le hoscailt i mí Feabhra agus is é an 3 Aibreán an dáta deiridh. Cuirfear toradh a n-iarratas in iúl do sheirbhísí i mí an Mheithimh.