English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

D’fhógair an tAire O’Gorman go dtabharfar isteach saoire le pá d’íospartaigh an fhoréigean teaghlaigh

D’fhógair an Rialtas inniu (23ú Meán Fómhair) faomhadh foilsiú an Bhille um Chothromaíocht Oibre is Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha 2022, a thabharfaidh isteach raon beart chun cleachtais oibre a thacaíonn le teaghlaigh a fheabhsú agus chun tacú le mná sa fhórsa oibre.

Tabharfar an Bhille isteach saoire le pá d’íospartaigh an fhoréigean teaghlaigh. Nuair a thugtar isteach iad, beidh na daoine sin atá ag fulaingt nó i mbaol foréigean teaghlaigh i dteideal cúig lá de shaoire le pá in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin, cuirfidh an Rialtas tacaíochtaí i bhfeidhm d’fhostóirí chun cabhrú leo polasaithe foréigean baile san áit oibre a fhorbairt agus chun tacú níos fearr le fostaithe a fhulaingíonn foréigean teaghlaigh.

Chomh maith le bearta ar fhoréigean teaghlaigh, tá trí phríomhbheart sa Bhille chun tacú le teaghlaigh agus cúramóirí, is iad sin:

  • An ceart chun socruithe oibre solúbtha a iarraidh chun críocha cúraim, do thuismitheoirí agus cúramóirí
  • An ceart chun saoire chun críocha cúraim leighis, d’fhostaithe le leanaí suas go dtí 12 bliana d’aois agus cúramóirí
  • Síneadh ar an teidlíocht reatha ar bheathú cíche/lachtacht ó sé mhí go dtí dhá bhliain

Ag labhairt faoi an Bille, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá áthas orm faomhadh na Comh-aireachta a fháil chun an Bille um Chothromaíocht Oibre is Saoil a fhoilsiú. Táimid tiomanta a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh an tús is fearr sa saol, agus tá tacaíocht a thabhairt do gach tuismitheoir chun níos mó ama a chaitheamh lena páistí sna luathbhlianta tábhachtacha sin mar chuid mhór de sin.

“Trí raon leathan beairt, soláthróidh sé solúbthacht bhreise lena chinntiú gur féidir tacú le tuismitheoirí agus cúramóirí cothromaíocht a fháil idir a saol oibre agus saol an teaghlaigh.

“Tá sé tábhachtach go soláthróidh an Bille cúnamh suntasach dóibh siúd atá ag fulaingt foréigean teaghlaigh, gnéasach nó dírithe ar inscne. Chuir an Rialtas ceist an fhoréigean teaghlaigh, ghnéasach agus dírithe ar inscne mar thosaíocht i gcónaí, agus beidh Éire anois ar cheann de na chéad tíortha san Eoraip a thabharfaidh isteach ceart chun saoire le pá d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh.”

D’fhormheas an Rialtas freisin an Tuarascáil um Shaoire Fhoréigean Teaghlaigh ina bhfuil moltaí maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le fostaithe a fhulaingíonn drochúsáid teaghlaigh.

Déanann an tuarascáil dhá phríomhmholadh:

1. Go dtabharfar isteach cineál saoire foréigean teaghlaigh; agus

2. Go gcuirfí tacaíochta d’fhostóirí i bhfeidhm chun cabhrú leo polasaithe foréigean teaghlaigh san ionad oibre a fhorbairt chun an tsaoire a chomhlánú agus chun tacú níos fearr le fostaithe a fhulaingíonn foréigean teaghlaigh.

Tá sé beartaithe ag an Aire forálacha reachtacha a thabhairt isteach a fhorálann do shaoire foréigean teaghlaigh mar leasuithe ar an mBille um Chothromaíocht Oibre is Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

Tá sé mar aidhm ag Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí cur le rannpháirtíocht na mban i margadh fostaíochta agus le glacadh comhionann saoire a bhaineann le teaghlaigh agus socruithe oibre solúbtha. Soláthraíonn sé deiseanna freisin d’fhostaithe saoire oifigiúil a fháil chun aire a thabhairt do ghaolta agus dóibh siúd sa teaghlach céanna a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Tá trí bliana ag na Ballstáit chun dlíthe, rialacháin agus socrú riaracháin a ghlacadh is gá chun an Treoir a chomhlíonadh (2 Lúnasa 2022). Áirítear le ceanglais faoin Treoir:

  • Airteagal 4: Saoire Atharthachta - Caithfidh na Ballstáit 10 lá oibre de shaoire atharthachta íoctha a sholáthar – íoctha nach lú ná leibhéal an phá breoiteachta.
  • Airteagal 7: Am saor ón obair ar fhorais force majeure - Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an ceart ag gach oibrí am saor ón obair ar fhorais force majeure ar chúiseanna práinneacha teaghlaigh i gcás breoiteachta nó tionóisce a fhágann go bhfreastalóidh sé láithreach ar an t-oibrí riachtanach.
  • Airteagal 5: Saoire do Thuismitheoirí - Ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh do cheithre mhí de shaoire thuismitheoireachta, dhá mhí (9 seachtaine*) de sin a bheith íoctha agus neamh-inaistrithe (idir thuismitheoirí).

Trasuíonn an Bille um Chothromaíocht Oibre is Saoil agus Forálacha Ilghnéitheacha:

  • Airteagal 6 – Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart cúig lá oibre in aghaidh na bliana ag gach oibrí chun Saoire Cúramóra.
  • Airteagal 9 - Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag oibrithe a bhfuil páistí suas go dtí aois shonraithe acu, agus ag cúramóirí, socruithe solúbtha oibre a iarraidh chun críocha cúraim. Sainmhíníonn an Treoir oibriú solúbtha mar a n-áirítear, nuair is féidir, socruithe ragobair, sceidil oibre solúbtha, nó laghdú ar uaireanta oibre.

Déanfar na leasuithe chun na hAirteagail seo a thrasuí mar leasú ar an Acht um Shaoire Thuismitheoireachta 1998:

1. Cuirfear alt 13B nua “An ceart chun socrú oibre solúbtha a iarraidh chun críocha cúraim” isteach san Acht, chun socrú a dhéanamh maidir leis an gceart d’fhostaithe a bhfuil leanaí suas go dtí 12 bliana d’aois acu, agus cúramóirí mar a shainítear faoin Treoir, a bhfuil an ceart acu a iarraidh socruithe oibre solúbtha chun críocha cúraim.

  • Beidh an ceart chun socruithe oibre solúbtha a iarraidh teoranta do thréimhse cáilíochta oibre 6 mhí.
  • Beidh ar fhostaí iarratas ar shocruithe oibre solúbtha a chur isteach i scríbhinn ar a laghad 8 seachtaine roimh an dáta tosaithe molta.
  • Beidh ar fhostóir iarratas ar obair sholúbtha chun críocha cúraim a bhreithniú agus freagra a thabhairt air tráth nach déanaí ná 4 seachtaine tar éis an t-iarratas a fháil. Déantar socrú chun an tréimhse seo a fhadú nuair a bhíonn deacrachtaí ag an bhfostóir na measúnuithe riachtanacha a dhéanamh.
  • Beidh ar fhostóir cúiseanna a thabhairt le hiarratas ar shocruithe oibre solúbtha chun críocha cúraim a dhiúltú nó a chur siar.
  • Beidh ar fhostóir dul i gcomhairle le fostaí sula gcuirtear iarratas siar.
  • Tabharfar deis d’fhostaí iarratas a chúlghairm roimh an dáta tosaithe atá beartaithe agus féadfaidh an dá pháirtí an socrú a leasú nó a athrú am ar bith nuair a bheidh sé sásta.
  • Forálann an Bille d’imthosca ina n-éiríonn fostaí breoite roimh an dáta tosaithe molta.
  • Déanann an Bille foráil freisin do chásanna ina bhfuil mí-úsáid á baint as an socrú solúbtha.

2. Cuirfear alt 13A nua “Saoire chun críocha cúraim leighis” isteach san Acht, chun foráil a dhéanamh do 5 lá de Shaoire Cúramóra (gan phá) in aghaidh 12 mhí as a chéile, in aghaidh an fhostaí, mar atá leagtha amach sa Treoir.

8Ní bheidh aon tréimhse fógra riachtanach chun Saoire Cúramóra a ghlacadh i gcomhréir leis an Treoir.

  • Déantar foráil d’fhostóir fianaise a iarraidh ar riachtanas leighis na Saoire.
  • Ní féidir an tSaoire a ghlacadh i dtréimhsí níos lú ná lá amháin.

Forálann an Bille freisin do leasuithe ar chearta agus cosaintí fostaíochta éagsúla a bhaineann go díreach leis na leasuithe a tugadh isteach le hAirteagail 6 agus 9 den Treoir.

Moltaí atá sa Tuarascáil um Shaoire Fhoréigean Teaghlaigh:

•Moladh 1:

Ba chóir don Rialtas tacú le fostóirí agus iad ag forbairt Beartais Fhoréigean Teaghlaigh (DVEPanna) trí na nithe seo a leanas a fhorbairt:

  • Teimpléid náisiúnta, treoirlínte agus beartais chun tacú le cur i bhfeidhm saoire foréigean teaghlaigh.
  • Acmhainní d’fhostóirí maidir leis an gcaoi a gcaitear le fostaithe a mbíonn tionchar ag foréigean teaghlaigh orthu faoi threoir ag sárchleachtas i mbeartais san ionad oibre.
  • Sainoiliúint chun cabhrú le fostóirí freagairt d’fhostaithe a d’fhulaing ó fhoréigean teaghlaigh.

•Moladh 2:

Ba chóir don Rialtas reachtaíocht a thabhairt d’fhostaithe a bhfuil tionchar ag foréigean teaghlaigh orthu chun leas a bhaint as teidlíocht reachtúil ar 5 lá saoire in aon tréimhse 12 mhí as a chéile chun freastal ar nithe leanúnacha a eascraíonn as foréigean teaghlaigh. Saoire le pá a bheidh sa tsaoire reachtúil agus beidh sí éagsúil ó theidlíochtaí saoire eile.

  • Níor chóir go mbeadh aon tréimhse fógra i bhfeidhm maidir le leas a bhaint as saoire foréigean teaghlaigh i gcúinsí éigeandála, ach ba cheart fostaithe a spreagadh chun fógra a thabhairt nuair is féidir.
  • Ba chóir go mbeadh an tsaoire ar fáil le glacadh mar bhloc laethanta nó mar laethanta aonair. Ba chóir go gcoimeádfadh fostóirí an ceart chun an tsaoire seo a mhéadú nó solúbthacht bhreise a thairiscint.
  • Ba chóir an reachtaíocht a athbhreithniú laistigh de dhá bhliain ó tugadh isteach í chun a éifeachtúlacht a scrúdú. Mar chuid den athbhreithniú, féadfar breithniú a dhéanamh freisin ar an teidlíocht do 10 lá saoire a mhéadú in aon tréimhse 12 mhí as a chéile.

•Moladh 3:

Ba chóir go gcáileodh fostaithe le haghaidh saoire foréigean teaghlaigh má bhí siad faoi réir gnímh foréigin teaghlaigh agus go dteastaíonn saoire chun freastal ar chúrsaí leanúnacha a eascraíonn as foréigean teaghlaigh.

•Moladh 4:

Ba chóir go gcoimeádfadh fostóirí an ceart cruthúnas réasúnta a iarraidh.

•Moladh 5:

Déanfar foráil do chosaintí fostaíochta faoi aon reachtaíocht agus beidh iontaofa ag fostaithe chuig an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

•Moladh 6:

Ba cheart soláthar na saoire a athbhreithniú tar éis 2 bhliain chun measúnú a dhéanamh ar cheisteanna maidir le glacadh.

Tuarascáil um Shaoire Fhoréigean Teaghlaigh