English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fáiltíonn an tAire O'Gorman roimh 90% de Sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige chuig a dara bliain de Chroímhaoiniú

  • Chuir os cionn 4,000 seirbhís iarratas isteach ar an dara bliain de Chroímhaoiniú, rud a chiallaíonn go ngeallann siad go mbeidh siad ag obair i gcomhar leis an Stát ar leas an phobail, agus go ndéanfar táillí do thuismitheoirí a reo.
  • Tá líon na rannpháirtithe ag méadú, le hiarratais ar oscailt don scéim ar fiú €287 milliún don earnáil í.

D'fhógair an tAire Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige Roderic O'Gorman inniu go bhfuil 90 % de sheirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige (ELC) agus Chúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC) tar éis clárú do Chroímhaoiniú.

Soláthraíonn Croímhaoiniú bliain a dó, a bheidh ar siúl ó Mheán Fómhair 2023 go Lúnasa 2024, infheistíocht dhíreach €287 milliún ón Stát i seirbhísí mar chúiteamh ar reo ar tháillí, is méadú €28 milliún (méadú 11 %) é sin ar a chéad bhliain.

Leanfaidh an scéim lena cuid tacaíochta chun acmhainneacht agus rochtain do thuismitheoirí a mhéadú, agus caighdeán agus inbhuanaitheacht fheabhsaithe do Sheirbhísí Comhpháirtithe a chinntiú. Dáileadh €7.22 milliún de spriocbhearta ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do Sheirbhísí seisiúin agus Seirbhísí Comhpháirtithe beaga go háirithe.

Leithdháilfear Croímhaoiniú bunaithe ar acmhainn na seirbhíse, agus tabharfar níos mó maoinithe do na seirbhísí sin a bhfuil uaireanta oscailte níos faide agus níos mó spásanna acu. Mar sin féin, tiocfaidh méadú suntasach ar thacaíocht airgeadais a mhaoinítear go poiblí le seirbhísí níos lú.

Léiríonn sonraí Tusla le déanaí, tar éis Croímhaoiniú a thabhairt isteach, go bhfuil líon na seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige atá ag dúnadh íslithe go híosphointe cúig bliana, agus ag an am céanna go bhfuil méadú ag teacht ar líon foriomlán na seirbhísí Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus seirbhísí gur díreach seirbhísí Chúram Leanaí ar Aois Scoile iad.

Agus é ag fáiltiú roimh na sonraí faoi iarratais Chroímhaoinithe, dúirt an tAire O'Gorman:

“Tá ríméad orm go ndearna 90% de sheirbhísí an cinneadh chun obair i gcomhar leis an Stát trí chlárú leis an dara bliain de Chroímhaoiniú, agus údar dóchais dom é go bhfuil an figiúr seo ag fás de shíor. Cuirfidh an maoiniú suntasach seo leas na bpáistí agus a dtuismitheoirí agus a dteaghlach chun cinn, chomh maith le hoidí agus cleachtóirí, agus ag an am céanna, cinnteofar go leanfar le hinbhuanaitheacht do sholáthraithe, agus go dtabharfar tacaíocht chun acmhainneacht a mhéadú.

Táim ag súil le bheith ag obair i gcomhar leis na seirbhísí seo agus le tógáil ar an rath a bhí ar an tsamhail chistithe nua, Together for Better, sa bhliain amach romhainn.”

Ag déanamh trácht ar thionchar an mhaoinithe, deir Leila Murphy Ó Ionad Cúraim Leanaí Chromghlinne:

“Mar gheall ar an gcinnteacht a thug Croímhaoiniú do mo sheirbhís, is féidir linn pá agus coinníollacha na foirne a fheabhsú agus machnamh a dhéanamh faoin tseirbhís a leathnú.

Feicim ar Chroímhaoiniú mar bhealach chun tacú le gairmiúlacht na hearnála, trí phá agus coinníollacha a fheabhsú agus deiseanna oiliúna na foirne, chabhraigh sé chun léiriú don fhoireann iad féin, agus do thuismitheoirí chomh maith, tábhacht na luathfhoghlama agus an chúraim agus gur céim ríthábhachtach de shaol an linbh iad na chéad chúpla bliain.”

Deir Mick Kenny, Ionad Cúraim Leanaí Pobail Áth na nUrlainn,

“Do mo sheirbhís pobail, chuir Croímhaoiniú ar ár gcumas buiséad a dhéanamh don bhliain atá amach romhainn, rud a chiallaíonn gur féidir linn ardú pá atá tuillte go maith a thabhairt don fhoireann. Mar sheirbhís a bhí ag titim amach i gceann de na háiteanna is mó faoi mhíbhuntáiste i gCill Chainnigh, tá an fhoireann ríthábhachtach chun cúram leanbh-lárnach a sholáthar agus ba thógáil croí é buntáistí an Chroímhaoinithe a chur ar aghaidh chucu.

Cé go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh, go háirithe an tSamhail Chomhionann Rannpháirtíochta agus soláthar béilí te a leathadh amach, is í Croímhaoiniú an chéad chéim shuntasach sa treo ceart dár n-earnáil agus dár ngairm.”

Tionscnamh eile é an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí (SNCL) sa raon beart chun a áirithiú go bhfuil luathfhoghlaim agus cúram leanaí ar ardchaighdeán inacmhainne agus inrochtana do gach leanbh. Soláthraíonn an NCS tacaíocht airgeadais do theaghlaigh as a gcostais luathfhoghlama agus cúram leanaí do leanaí ó 24 seachtaine gó 15 bliana.

Beidh an NCS ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i Rathineska, Co. Lú i mbliana ag Sráidbhaile Rialtas na hÉireann, Bloc 3, Sraith 23, Ardán 360. Beidh Sainchomhairleoirí ar fáil ag an ócáid ón 19-21 Meán Fómhair chun cabhrú le ceisteanna faoi chúram leanaí agus chun an raon tacaíochtaí luathfhoghlama agus cúram leanaí atá ar fáil do theaghlaigh a phlé. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.ncs.gov.ie/ie/

Tá tuilleadh eolais maidir le Croímhaoiniú, liosta de Sheirbhísí Comhpháirtithe don chlárbhliain 2023/2024 a fhoilseofar go luath san áireamh, ar fáil ag https://first5fundingmodel.gov.ie/core-funding/. ]

DEIREADH//


Nótaí d'Eagarthóirí:

Is Samhail Chistithe nua don earnáil fhoghlaim agus chúram na luath-óige é Together for Better a thacaíonn le luathfhoghlaim agus cúram leanaí a sholáthar ar leas an phobail. Cuimsíonn sé trí mhórchlár, an Clár um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige, an tSamhail um Rochtain agus Cuimsiú (AIM) san áireamh, an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí agus an Scéim Chroímhaoinithe nua. Tá an ceathrú clár – an tSamhail Rannpháirtíochta Chothrom á forbairt.

Fuair an earnáil Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige méadú suntasach ar mhaoiniú, le dáileadh €259 milliún ar an scéim le linn na chéad bliana oibríochta. I mBuiséad 2023, d'éirigh leis an Aire €28 milliún breise do bhliain 2 den scéim Chroímhaoinithe a shocrú, arb ionann é agus méadú 11%, rud a ardaíonn an buiséad iomlán go €287 milliún. Dáileadh an maoiniú nua mar seo a leanas:

  • 8.47m chun maoiniú a chur ar fáil d'fhás nádúrtha na hearnála.
  • €6.11m d'fhorchostais neamhfhoirne, chun tacú le Seirbhísí Comhpháirtithe, le méadú ar chostais neamhfhoirne agus an córas bainistíochta táillí a reáchtáil.
  • €2.2m d'am na foirne riaracháin.
  • €4m chun an riachtanas bliain 3 de Phréimheanna Iarchéimithe a bhaint, le tacaíocht ó EROnna. €7.22m do spriocbhearta atá dírithe ar inbhuanaitheacht Seirbhísí Comhpháirtithe agus seisiúin a fheabhsú.

Tá sraith nua de mhaoiniú inbhuanaitheachta fós ar fáil do Sheirbhísí Comhpháirtithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, le cinntiú gur féidir leis na seirbhísí fanacht inbhuanaithe laistigh den tsamhail chistithe nua. Mar aon le sraitheanna eile den Chiste Inbhuanaitheachta, díríonn sé ar thacaíocht oibríochta chomh maith le tacaíocht ghearrthéarmach a sholáthar san áit atá cuí, agus tacóidh sé le seirbhísí bainistíocht a dhéanamh ar a gcuid deacrachtaí, agus cuirfidh sé comhairle ar fáil chun a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chinntiú, agus iad ag dul i dtreo samhail soláthair seirbhísí atá níos inbhuanaithe.

Moltar do sheirbhísí a dhéanann an cinneadh tarraingt amach as Croímhaoiniú agus na buntáistí inacmhainneachta do thuismitheoirí a chailliúint trí tháillí a ardú dul i dteagmháil lena CCC áitiúil chun leas a bhaint as na tacaíochtaí seo.