Fáiltíonn an tAire Zappone roimh cheapadh an Dr Conor O’Mahony mar Rapóirtéir Speisialta um Chosaint Leanaí
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 29 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, inniu gur cheap an Rialtas an Dr Conor O’Mahony mar Rapóirtéir Speisialta um Chosaint Leanaí do théarma trí bliana.
Chuir an tAire fáilte roimh an Dr O’Mahony leis an bpost agus dúirt sí:
“Tá gairm bheatha ar leith ag Conor i limistéar an Dlí Leanaí, Cearta Leanaí agus Dlí Bhunreachtúil agus táim ag tnúth le hoibriú leis i rith a théarma.”
Chuir an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (an SCP) comórtas oscailte ar siúl sula ndearnadh an ceapachán. Dúirt an tAire:
“Cinntíonn an próiseas nua roghnaithe a chuir mé i bhfeidhm nós imeachta trédhearcach agus oscailte chun an Rapóirtéir Speisialta a roghnú agus a cheapadh.”
Stiúrthóir é an Dr O’Mahony ar an gClinic um Dhlí Cúram Leanaí ag UCC, áit ar thacaigh sé le dlíthíocht a bhain le leanaí agus áit a ndearna sé abhcóideacht d’athchóiriú an dlí i limistéar an dlí leanaí. Tá go leor foilsithe aige ar a limistéir shaineolais agus cuireann sé go rialta le hanailís sna meáin náisiúnta. Tá PhD bainte amach aige ó Ollscoil na Breataine Bige, Aberstwyth agus rinne sé léachtóireacht in UCC ó 2005. Tugadh cuireadh dó chun dul i ngleic le seisiúin an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht, Tionól na Saoránach agus roinnt Comhchoistí an Oireachtais.
Ina theannta sin, rinne an tAire Zappone obair an Rapóirtéara Speisialta atá ag dul as oifig, an Dr Geoffrey Shannon, a mholadh. Dúirt an tAire:
“Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Dr Shannon as a thiomantas agus dúthracht don obair sa limistéar seo. Sholáthair sé tuarascáil bhliantúil chuimsitheach don Rialtas i ngach ceann de na blianta ó 2007 go 2018. Baineann na ceisteanna leasa agus cosanta leanaí a thugtar chun solais ina thuarascálacha le réimse fairsing Ranna agus gníomhaireachtaí reachtúla. Ceapaim gur sholáthair a thuarascálacha ionchur tábhachtach isteach i bhforbairt agus athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas um chosaint leanaí agus reachtaíocht agus gur sholáthair siad amharc saineolach oibiachtúil agus neamhspleách ar an gcóras um chosaint leanaí in Éirinn.”
CRÍOCH
Nóta d’Eagarthóirí:
Seo a leanas téarmaí tagartha an Rapóirtéara Speisialta:
- Déanfaidh an Rapóirtéir, maidir le cosaint leanaí agus ar iarraidh an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige:
a) Athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar fhorbairtí náisiúnta agus idirnáisiúnta dlíthiúla ar leith chun leanaí a chosaint;
b) Scrúdú a dhéanamh ar scóip agus feidhm forálacha reatha nó beartaithe reachtaíochta agus nótaí tráchta/moltaí a dhéanamh, faoi mar is cuí; agus
c) Tuairisciú a dhéanamh ar fhorbairtí ar leith sa reachtaíocht nó sa dlíthíocht i ndlínsí ábhartha.
- Déanfaidh an Rapóirtéir tuairisciú ar dhlíthíocht ábhartha sna cúirteanna náisiúnta agus déanfaidh sé measúnú ar an tionchar, más ann dó, a imreoidh an dlíthíocht sin ar chosaint leanaí.
- Ullmhóidh an Rapóirtéir tuarascáil gach bliain ina leagtar amach torthaí obair na bliana roimhe sin maidir le 1) agus 2) thuas.
- Cuirfidh an Rapóirtéir tograí discréideacha d’athchóiriú ar fáil, má iarrann an tAire air, sula seoltar an tuarascáil bhliantúil ar aghaidh.
- Seolfar tuarascáil bhliantúil an Rapóirtéara ar aghaidh chuig an Rialtas le faomhadh agus le foilsiú agus cuirfear faoi bhráid an Oireachtais é agus foilseofar é.
Tá an Rapóirtéir cuntasach leis an Oireachtas agus tá sé i dteideal dul i gcomhairle le Ranna an Rialtais agus an tOmbudsman do Leanaí faoi aon tionscnaimh reachtaíochta atá in ainm is feabhas a chur ar chosaint leanaí.
Cuirfear gach ceann de thuarascála an Rapóirtéara Speisialta faoi bhráid an Oireachtais agus foilsítear iad ar láithreán gréasáin na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Faisnéis Chúlra ar an Dr O’Mahony
Oideachas
- 2002 – 2005: PhD, Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth: “A Comparative Study of the Legal Provision for Special Educational Needs in England & Wales and in Ireland” (Dámhachtain, ceartúcháin ar bith ag teastáil; scoláireachtaí PhD faighte ó Chomhairle Ealaíona agus Taighde ar na Daonnachtaí, an RA agus ó Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth).
- 2001 – 2002: Máistir Dlíthe trí Thaighde, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: “The Right to Education in Irish and international Law” (Chéad Onóracha: faighteoir Scoláireacht Ronan).
- 1998 – 2001: Baitsiléir Dlí Shibhialta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (Chéad Onóracha).
Fostaíocht
- Ón mbliain 2014 go dtí an t-am i láthair: Léachtóir Sinsearach sa Dlí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
- 2005 – 2014: Léachtóir sa Dlí, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
- 2002 – 2005: Teagascóir Céimí sa Dlí, Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth.
Freagrachtaí sa Ról Reatha (UCC)
Múinteoireacht
- Dlí Leanaí, Cearta Leanaí agus Dlí Bunreachtúil ar leibhéal fochéime agus leibhéal Máistir Dlíthe; Stiúrthóir ar an gClinic Dlí Leanaí.
Riarachán
- Cathaoirleach Choiste Staidéir Chéimithe na Comhairle Acadúla, 2014 – 2018; Stiúrthóir ar an gclár PhD sa Dlí, 2009-2018 (ráta 5/5 faighte in Athbhreithniú ar Cháilíocht an Taighde, 2015); Stiúrthóir Máistir Dlíthe i gCearta Leanaí agus Dlí Teaghlaigh, 2014 – 2015 agus 2017 – 2018.
Taighde
- Portfóilió forleathan d’aschur foilsithe, taighde cistithe, obair thionchair agus for-rochtana a aithnítear go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta. Monagraf amháin: 33 alt irisleabhair a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu; 12 chaibidil i mbailiúcháin a cuireadh in eagar; tuarascáil fhoilsithe amháin; sé athbhreithniú ar leabhar.
- Arna lua i mbreis agus 280 foinse fhoilsithe, litríocht acadúil; tuarascálacha Rialtais agus sochaí sibhialta; ag Ard-Chúirt na hÉireann; agus sa Dáil agus sa Seanad araon ina measc.
- Rannpháirtíocht shuntasach in athchóiriú beartais agus an dlí, cuirí ina measc chun dul i ngleic le Comhchoiste an Oireachtais um Cheartas agus Comhionannas (2019), Comhchoiste an Oireachtais um Sláinte agus leanaí (2015), an Coinbhinsiún ar an mBunreacht (2013) agus the Tionól na Saoránach (2018), anuas ar róil chomhairleacha saineolaí leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus Tusla.
- Cuireann sé go rialta le díospóireacht agus anailís sna meáin náisiúnta.