English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Físeáin Leabhair Scéalta Gaeilge á seoladh mar chuid de Thionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2023

  • Seoladh Léamh Le Chéile ar líne chun tacú le tuismitheoirí agus iad a spreagadh chun dul i ngleic le leabhair Ghaeilge le páistí óga agus chun iad a léamh.

Sheol Roderic O’ Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, mar aon le Heather Humphreys, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Léamh Le Chéile inniu mar chuid de Thionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2023.

Is acmhainn físe ar líne é Léamh Le Chéile, atá maoinithe faoin tionscnamh Éire Ildánach, a léiríonn léamh leabhair scéalta Gaeilge ag aithriseoir. Tá 6 fhíseán ann, léiríonn gach ceann acu leabhar scéalta ardchaighdeáin do pháistí a roghnaíodh as na cinn atá sna málaí leabhar Gaeilge Mo Leabharlann Bheag i mbliana. Tá na málaí seo saor in aisce do gach páiste atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair óna leabharlann áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an acmhainn seo tacú le tuismitheoirí agus iad a spreagadh chun málaí leabhar Gaeilge a roghnú agus na leabhair a léamh lena bpáistí.

Tá sé i gceist gur féidir na físeáin a thaispeáint do pháistí agus iad a phlé leo, agus gur féidir le tuismitheoirí, teaghlaigh agus oideachasóirí luathbhlianta iad a úsáid chun scéalta léitheoireachta a mhúnlú os ard as Ghaeilge.

Ag labhairt dó inniu faoin seoladh, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá an-áthas orm an borradh iontach seo a fhógairt do thionscnamh rathúil Mo Leabharlann Bheag. Tá a fhios agam go spreagfaidh na físeáin seo tuismitheoirí na leabhair Ghaeilge a léamh lena bpáistí agus go dtacóidh an acmhainn seo le tuismitheoirí, teaghlaigh agus oideachasóirí taitneamh a bhaint as ár dteanga dhúchais lenár nglúin is óige.

“Bhí Léamh Le Chéile thar a bheith comhoibritheach, le buíochas ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil, Leabharlanna Éireann, Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus buíochas ar leith le hÉire Ildánach as an togra a stiúradh agus as na físeáin a mhaoiniú.”

Dúirt an tAire Humphreys:

Is iontach an rud é go bhfoilsítear na hacmhainní seo agus go mbeidh siad an-chabhrach chun tacú le gach duine a úsáideann málaí leabhar Gaeilge Mo Leabharlann Bheag. Mholfainn do thuismitheoirí a bhfuil páistí acu atá ag tosú ar scoil cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil agus mála leabhar Gaeilge mo Leabharlann Bheag a phiocadh suas, nó aon tuismitheoir nó oideachasóir chun na teidil roghnaithe a fháil ar iasacht óna leabharlann áitiúil, féachaint ar na físeáin agus taitneamh a bhaint as léitheoireacht as Gaeilge le chéile.”

Ag labhairt di faoi mhaoiniú Léamh Le Chéile, faoi thionscnamh Éire Ildánach, dúirt Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Tá an-áthas orm go mbeidh tuilleadh tacaíochtaí ar fáil do thuismitheoirí agus iad ag spreagadh a bpáistí óga ina dturas Gaeilge. Trí shainchúram Gaeltachta na Roinne, tá an-suim agam agus aithníonn mé an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chothú ó aois óg. Tríd an scéim seo, is féidir linn a chur ar chumas tuismitheoirí ár dteanga dhúchais a chomhtháthú gan uaim i saol a bpáistí ar bhealach cruthaitheach.”


Nótaí d'Eagarthóirí

  • Is féidir teacht ar acmhainní físe Léamh Le Chéile anseo.
  • Tá tuilleadh eolais ar mo Thionscnamh Leabharlann Beag le fáil anseo.