English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíodh an chéad chéim de Scoileanna Speisialta atá san áireamh sa treoirscéim tacaíochtaí feabhsaithe teiripe inscoile.

Tar éis fhógairt an 9 Lúnasa gur fhaomhadh an Rialtas an treoirscéim do thacaíochtaí feabhsaithe teiripe inscoile do 16 scoil speisialta, d’fháiltigh an tAire O’Gorman, an tAire Foley, an tAire Rabbitte, an tAire Naughton, oifigigh shinsearacha FSS agus CNOS roimh fhógairt na sé scoil speisialta atá sa chéad chéim den treoirscéim.

I gceantar Chorcaí, seo a leanas na scoileanna speisialta atá san áireamh sa chéad chéim den treoirscéim:

• Pobalscoil Speisialta Charraig Uí Leighin, Carraig Uí Leighin

• Pobalscoil Speisialta Bhaile an Róistigh, Baile an Róistigh

• Scoil Speisialta Naomh Pól, Montenotte

• Scoil Speisialta Our Lady of Good Counsel, Baile an Chollaigh

I gceantar Bhaile Átha Cliath, seo a leanas na scoileanna speisialta atá san áireamh sa chéad chéim den treoirscéim:

• An Cosán, Gráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath 7

• Scoil Speisialta Theach Naomh Mhichíl, Baile Átha Cliath 9

Mar chuid den treoirscéim, beidh deich scoil speisialta bhreise i gceantar Chorcaí agus Bhaile Átha Cliath páirteach ar bhonn céimnithe le linn na scoilbhliana 2024/25. Déanfar breithniú ar scoileanna speisialta nach n-áirítear sa chéad chéim den treoirscéim lena roghnú mar chuid den chéad chéim eile.

Leanfaidh na príomhpháirtithe leasmhara lena n-áirítear an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Oideachais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, gníomhaireachtaí ceannais, an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta agus scoileanna speisialta ag comhoibriú lena chinntiú go gcuirfear an treoirscéim seo ar fáil go héifeachtach. An tráth a dtosóidh na 10 scoil eile ar pháirt a ghlacadh sa treoirscéim, pléifear sin go mion idir na páirtithe leasmhara ábhartha. Táthar ag súil go n-aithneofar deich scoil bhreise faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2024 d’fhonn tús a chur leo siúd atá in ann dul chun cinn a dhéanamh i mí Eanáir 2025.

Agus fáilte á cur aige roimh dhearbhú na chéad 6 scoil a roghnaíodh don treoirscéim, dúirt Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige:

“Tagann fógra an lae inniu tar éis teagmháil mhionsonraithe idir oifigigh ó mo Roinnse agus a gcomhghleacaithe sa Roinn Oideachais, FSS agus CNOS. Táimid ag iarraidh a chinntiú go nglacfaidh an treoirscéim seo cur chuige lán-chomhtháite maidir le teiripí inscoile a sholáthar. Is dea-scéal é do na páistí agus na teaghlaigh a bhaineann leis na scoileanna seo agus beimid ag dúil go mór an treoirscéim a fhorbairt, agus táthar ag súil go gcuirfear 10 scoil speisialta breise leis an treoirscéim le linn na scoilbhliana.

“Táim ag tnúth leis na seirbhísí méadaithe a chuirfidh an treoirscéim ar fáil anois do na leanaí seo, mar chuid d’iarracht fhoriomlán an Rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí míchumais leanaí ar fud na tíre faoin gclár Seirbhísí Míchumais a Chur Chun Cinn.”

Ag trácht di ar an bhfógra, dúirt Anne Rabbitte, an tAire Stáit le freagracht as Míchumais:

“Is lá tábhachtach i bhforbairt na treoirscéime seo é an lá inniu agus tá fonn orm dul chun cinn a fheiceáil leis na chéad 6 scoil seo. Is forbairt bhreise é deimhniú na 6 scoil seo chun na tacaíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta ar an láthair atá ann cheana a athbhunú go hiomlán do scoileanna speisialta.

Agus 10 scoil eile le bheith páirteach le linn na scoilbhliana, is féidir an fhoghlaim ón gcéad chéim de scoileanna sa treoirscéim a chur i bhfeidhm agus níl aon amhras ach go mbeidh tionchar suntasach aige seo ar shaol leanaí laistigh de scoileanna speisialta agus a dteaghlaigh. Fáiltím go háirithe roimh rannpháirtíocht leanúnach na Ranna, na ngníomhaireachtaí stáit agus na príomhghníomhaireachtaí seirbhíse chun plean comhtháite a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an teaghlaigh.

Táim ag tnúth le dul i dteagmháil leis na leanaí agus lena dteaghlaigh, le príomhoidí agus leis an bhfoireann sláinte & oideachais agus muid ag tosú ar na tionchair dhearfacha a bheidh ag an treoirscéim gan dabht a fheiceáil.”

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley:

“Mar Aire Oideachais ba mhaith liom go mbeadh gach bealach atá ar fáil ag gach duine óg chun a lánacmhainneacht a bhaint amach. Fáiltím go mór roimh na teiripeoirí a leithdháileadh chun obair i scoileanna speisialta ar feadh ré iomlán an lae scoile agus na scoilbhliana mar chuid den treoirscéim seo.

Tugann an treoirscéim seo deis do mo Roinn agus do phríomhpháirtithe leasmhara eile tacaíocht chuimsitheach a sholáthar do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil an leibhéal is mó riachtanas acu inár scoileanna.

Táim ag súil go leanfaidh na páirtithe go léir leis an gcomhobair go dtí seo, agus táim muiníneach go rachaidh na tacaíochtaí seo chun tairbhe go leor daltaí agus a gcuid múinteoirí agus teaghlaigh. Níl anseo ach an chéad chéim sa treoirscéim seo agus cuirfear tuilleadh scoileanna leis.”

Dúirt Hildegarde Naughton, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit le freagracht as Oideachas Speisialta agus Cuimsiú:

“Mar Aire Stáit um Oideachas Speisialta, táim dírithe ar na bealaí is fearr is féidir le daltaí a thacú chun a lánacmhainneacht a bhaint amach. Leis an treoirscéim seo, tá samhail chomhtháite seirbhíse forbartha againn, a bheidh curtha ar an eolas ag na páirtithe leasmhara ábhartha go léir. Ligeann an tsamhail seirbhíse seo don Earnáil Sláinte agus Oideachais araon oibriú i gcomhar lena chéile agus a gcuid saineolais a úsáid ar mhaithe leis na leanaí atá ag freastal ar scoileanna speisialta.

Soláthróidh sí na buntáistí a bhaineann le seirbhís chuimsitheach, a threiseoidh tacaíochtaí do leanaí gan cur isteach ar a gcuid seirbhísí reatha. Soláthróidh sí freisin comhsheasmhacht sa chur chuige baile/scoile chun tacú le leanaí, rud a rachaidh chun tairbhe na leanaí, na dteaghlach agus na múinteoirí go mór.”

Dúirt Bernard Gloster, Príomhfheidhmeannach FSS:

“Fáiltíonn FSS roimh an bhfógra seo agus leanann sé ar aghaidh ag plé leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, an Roinn Oideachais, chun comhtháthú idir tacaíochtaí sláinte agus oideachais do scoileanna speisialta a fheabhsú. Tá sé tábhachtach go ndéanaimid machnamh ar an gcaoi a dtéann an obair seo chun cinn agus go bhfoghlaimímid ó eispéiris leanaí agus teaghlaigh agus muid ag déanamh gach iarracht ár bhfreagairt do leanaí faoi mhíchumas a fheabhsú.”

Dúirt John Kearney, Príomhfheidhmeannach CNOS:

“Tá lúcháir ar CNOS a bheith páirteach sa treoirscéim seo ina mbeidh teiripeoirí ar an láthair le linn uaireanta scoile. Mar a tugadh faoi deara i bpolasaí CNOS le déanaí, moltar torthaí na ndaltaí a chumasú trí rochtain níos fearr ar thacaíochtaí teiripeacha laistigh de scoileanna. Tá comhordaitheoir CNOS ar fáil chun tacú leis na scoileanna ina gcaidreamh le páirtithe leasmhara agus cuideoidh sé freisin le comhordú na treoirscéime.”

CRÍOCH