English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Joe O’Brien ceapachán an Rapóirtéara Speisialta don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais.

Fógraíodh bunú an Ghrúpa Chomhairligh um Chiníochas agus Comhionannas Ciníochais agus seoladh Chiste na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais 2024 freisin.

• Thug Coiste Neamhspleách Frithchiníochais an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh an Chiníochais (NAPAR) chun críche in 2023.

• Ba iad príomhghníomhartha an NAPAR ná Coiste Comhairleach neamhspleách a chruthú ar Chiníochas agus ar Chomhionannas Ciníoch, Rapóirtéir Speisialta NAPAR a cheapadh agus Ciste na hÉireann in aghaidh an Chiníochais a bhunú.

D’fhógair an tAire Stáit um Fhorbairt Pobail, Lánpháirtíocht agus Carthanas, Joe O’Brien, inniu gur ceapadh an Dr Ebun Joseph mar Rapóirtéir Speisialta don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais. Is comhairleoir Éagsúlachta agus Caidrimh Cine é an Dr Ebun Joseph, chomh maith le bheith ina POF agus Bunaitheoir na hInstitiúide Frithchiníochais agus an Léinn na nDaoine Dubha (IABS), Comhordaitheoir Modúil agus Léachtóir, Léann na nDaoine Dubha, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), agus bunaitheoir & Cathaoirleach, Cumann Scoláirí Afracacha na hÉireann, AFSAI (2018-2022

Ina ról mar Rapóirtéir Speisialta, déanfaidh an Dr Joseph monatóireacht ar dhul chun cinn i dtreo chuspóirí NAPAR. D’fhéadfadh an Rapóirtéir Speisialta breithniú níos leithne a dhéanamh freisin ar ábhair a bhaineann le comhionannas ciníoch, agus beidh an t-údarás aige faisnéis agus sonraí a iarraidh ó chomhlachtaí poiblí chun tacú leo an ról a chomhlíonadh. Déanfaidh an Rapóirtéir Speisialta tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Aire; cuirfear an tuarascáil seo faoi bhráid an Choiste Oireachtais ábhartha freisin.

I gcomhar le ceapachán an Rapóirtéara Speisialta a fhógairt, d’fhógair an tAire O’Brien freisin bunú an Choiste Chomhairligh um Chiníochas agus Comhionannas Ciníoch le ballraíocht ó thrasghearradh den tsochaí. Molann an NAPAR gníomhaíochtaí chun cabhrú le hÉirinn a bheith mar áit ina n-aithnítear tionchair iomláin an chiníochais agus ina dtugtar aghaidh orthu ar bhonn gníomhach. Tá sé de chúram ar an gCoiste seo monatóireacht agus cuidiú le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais (NAPAR) 2023-2027 a chur chun cinn. Beidh an Rapóirtéir Speisialta, an Dr Ebun Joseph, ina chathaoirleach ar an gCoiste Comhairleach um Chomhionannas Ciníoch agus Ciníochas.

Dúirt an tAire Joe O’Brien:

“Tá áthas orm cloch mhíle lárnach eile a fhógairt inniu i gcur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais. Is céimeanna fíorthábhachtacha iad ceapachán an Dr Ebun Joseph mar Rapóirtéir Speisialta agus bunú Coiste Comhairleach neamhspleách ar Chiníochas agus Comhionannas Ciníoch i dtiomantas an rialtais chun dul i ngleic le ciníochas ar fud na sochaí. Tá na ceapacháin seo lárnach do na córais tacaíochta a bunaíodh faoi NAPAR agus beidh siad ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an phlean”

D’fhógair an tAire Joe O’Brien freisin gur féidir iarratais a dhéanamh anois ar mhaoiniú ó Chiste na hÉireann in aghaidh an Chiníochais.

Is gné thábhachtach é an glao maoinithe na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais chun tacú le cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta in aghaidh an Chiníochais. Eascraíonn an glao maoinithe as Gníomh 2.14 den phlean ina luaitear:

‘‘Maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh náisiúnta agus áitiúla a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic le ciníochas agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú, d’fhonn tacú le cur i bhfeidhm an phlean sin agus a chuspóirí a bhaint amach’’.

Ag fógairt an chiste dó, dúirt an tAire Joe O’Brien:

“Is ionann fógra an lae inniu agus seoladh an dara babhta maoinithe de Chiste na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais. Bunaíodh Ciste na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais (IARF) in 2023 mar fhreagra ar Ghníomh 2.14 de NAPAR, is é sin le rá, ‘‘Maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh náisiúnta agus áitiúla a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic le ciníochas agus comhionannas ciníoch agus comhtháthú pobail a chothú, d’fhonn tacú le cur i bhfeidhm an phlean seo agus lena chuspóirí a bhaint amach.’’ Tá áthas orm a fhógairt go bhfuil babhta 2024 de Chiste na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais á sheoladh inniu agus €1m á chur ar fáil do thionscadail áitiúla agus náisiúnta chun dul i ngleic le ciníochas in Éirinn.’’

Tá dhá shruth maoinithe ann;

•Cuirfidh Scéim A deontais idir € 50,000 agus € 100,000 ar fáil d’eagraíochtaí do thionscadail náisiúnta agus réigiúnacha.

•Cuirfidh Scéim B deontais idir € 5,000 agus € 10,000 ar fáil d’eagraíochtaí do thionscadail áitiúla.

Ní mór gach iarratas a chur isteach go leictreonach.

Fanfaidh iarratais ar mhaoiniú ar oscailt go dtí meán lae ar an 7ú Lúnasa. Is féidir le grúpaí rochtain a fháil ar dhoiciméad treorach mionsonraithe agus foirm iarratais ar líne a chomhlánú ag na naisc seo a leanas:

Scéim A

Scéim B

CRÍOCH


Nóta d’Eagarthóirí:

Ó bunaíodh é in 2023, tá tacaíocht tugtha ag Ciste na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais do 24 tionscadal le maoiniú deontais de €1.3m san iomlán.

Conas a dhéantar measúnú ar Iarratais ar Mhaoiniú?

Déanfar iarratais ar Mhaoiniú a mheas de réir na gcritéar seo a leanas:

• Oiriúnú straitéiseach agus spriocanna na Scéime a bhaint amach

• Neart an togra

• Cumas na heagraíochta iarratasóra, clár oibre a sheachadadh

• Bainistíocht airgeadais agus luach ar airgead

Cad é comhdhéanamh an Choiste Comhairleach um Chiníochas agus Comhionannas Ciníoch?

Is iad seo a leanas comhaltaí an Choiste Chomhairligh:

An Dr Niloufar Omidi (Oifigeach Beartais & Forbartha Tionscadail EDI, Ollscoil Luimnigh)

An tUasal Mohammad Naeem (Toscaire Óige na Náisiún Aontaithe)

Rachel Coffey Uasal (Comhairle Náisiúnta na nÓg na hÉireann)

An Comhairleoir Hazel Chu (Comhairleoir Cathrach, Abhcóide)

An tUasal Martin Collins (Comhstiúrthóir Pavee Point)

An tUasal Shane O’Curry (Stiúrthóir, Líonra na hÉireann in Aghaidh an Chiníochais (INAR))

An Dr James Carr (Ollamh Comhlach sa tSocheolaíocht, Ollscoil Luimnigh)

Patricia Munatsi Uasal (Dlíodóir um Chearta an Duine)

An tUasal David Joyce (Comhdháil na gCeardchumann)

Gina Miyagewa Uasal (Comhordaitheoir Sláinte na Romach, FSS)

Cad é an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais?

Is é atá i gceist leis an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta in Aghaidh an Chiníochais ná cur chuige comhordaithe ar bhonn náisiúnta, faoi stiúir an Stáit, chun deireadh a chur le ciníochas d’aon chineál in Éirinn. Foilsíodh NAPAR ar an 21 Márta 2023.

Tabhair faoi deara le do thoil go n-eiseoidh Maxwells grianghraif an lá sin