English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Katherine Zappone Cathaoirleach nua ar an bhFóram Comhoibritheach d’Iar-Chónaitheoirí Institiúidí a bhaineann le Máithreacha agus Naíonán

D’fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dr Katherine Zappone, gur ceapadh an Dr Gráinne Healy mar Chathaoirleach nua ar an bhFóram Comhoibritheach d’Iar-Chónaitheoirí Institiúidí a bhaineann le Máithreacha agus Naíonán. Mairfidh an ceapachán ar feadh tréimhse 12 mhí.

Nuair a bhí a ceapachán á fhógairt, dúirt an tAire Zappone:

“Is léir gur ceannaire í an Dr Gráinne Healy san earnáil cheartais shóisialta. Cathaoirleach, éascaitheoir, meastóir, oiliúnóir agus bainisteoir tionscadail chuimsithe shóisialta rathúil í.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Gráinne as bheith toiliúil aghaidh a thabhairt ar an tasc uaillmhianach seo. Is eol dom go mbeidh an t-ollmhéid eolais atá aici thar a bheith fiúntach chun Fóram éifeachtach a choimeád ag oibriú agus breis forbartha a dhéanamh air. Oibreoidh mé le Gráinne agus an Fóram le hidirchaidreamh cuimsitheach, cuiditheach agus comhoibritheach a choimeád ar siúl.

“Gúim gach rath uirthi sa ról tábhachtach seo.”

Ar aon dul le freagairt an Rialtais do thuarascáil tosaigh an Fhóraim, leantar le roinnt gníomhartha, anailís chuimsitheach ina measc ar mholtaí uile an Fhóraim ag ranna ábhartha, a fhorbairt.

Mar Chathaoirleach an Fhóraim, oibreoidh an Dr Healy le tacú go héifeachtach le hiarchónaitheoirí lena chur ar a gcumas chun leanúint a chur le breithniúcháin an Rialtais ar shaincheisteanna atá ina n-ábhar buartha dóibh agus a dteaghlaigh.

CRÍOCH


Nótaí d’Eagarthóirí:

Áirítear le limistéir saineolais an Dr Gráinne Healy comhionannas inscne, foréigean in aghaidh ban, cearta LGBT, scileanna ceannaireachta agus straitéis agus cuimsiú sóisialta in Éirinn agus san AE, agus is iomaí gradam a bronnadh uirthi i ngeall ar an obair atá déanta aici sna hearnálacha seo. Saineolaí feachtas, taighdeoir agus údar a d’fhoilsigh ábhair atá inti.

D’oibrigh sí le Sláintecare, agus í ina chathaoirleach ar an ngrúpa straitéise rannpháirtíochta saoránach, agus í ag cur le heolas agus tuiscint foirne agus phoiblí ar phlean athchóirithe sláinte Sláintecare.

Iar-Chathaoirleach í Gráinne de Chomhairle Náisiúnta na mBan, is Comhalta Boird í d’Údarás Comhionannais na hÉireann agus de Chomhairle Sláinte na mBan.

Bhí Gráinne ina Cathaoirleach ar Chomhionannas Pósta, Éire ó 2004. I ndiaidh go raibh baint aici i bhfeachtais thábhachtacha ar son an chomhionannais agus cearta ban le breis agus 30 anuas, leanann Gráinne le bheith tiomanta do chomhionannas do chách.