English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire maoiniú breise de €3.2 milliúin le haghaidh thacaíochtaí réamhscoile do leanaí atá faoi mhíchumas

Fógraíonn an tAire maoiniú de €3.2 milliúin le haghaidh na coda is déanaí de shraith thacaíochtaí réamhscoile do leanaí atá faoi mhíchumas agus cuireadh an méid sin ar fáil faoin Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM).

Is foireann d’acmhainní é Súgradh Ionchuimsitheach AIM a thacaíonn le cleachtas ionchuimsitheach i soláthraithe réamhscoile. Áirítear trealamh, bréagáin agus ábhair sna hacmhainní sin agus cabhraíonn na hacmhainní go léir le comhordú agus scileanna fuaime, amhairc agus tadhaill a fhorbairt i measc gach leanbh, go háirithe leanaí faoi mhíchumas.

I measc na n-acmhainní a bheidh mar chuid de Shúgradh Ionchuimsitheach AIM, beidh clúid dhorcha, puití teiripe, amadóir gainimh agus gaineamh cinéiteach chomh maith le réimse d’acmhainní eile.

Bronnadh an conradh chun Súgradh Ionchuimsitheach AIM a fhorbairt ar Learning Space (Béal Feirste) Teoranta i mí na Samhna anuraidh tar éis próiseas iomaíoch tairiscintí.

Ó mhí Feabhra 2018 ar aghaidh, dáilfear Súgradh Ionchuimsitheach AIM ar níos mó ná 6,000 seomra réamhscoile ina bhfuil an clár ECCE á soláthar i níos mó ná 4,000 soláthraí réamhscoile timpeall na tíre.

Cuireann Súgradh Ionchuimsitheach AIM an deis ar fáil chun tacaíocht iomlán a thabhairt do chur i bhfeidhm gach Leibhéal AIM.

Is féidir le go leor gnéithe de Síolta agus Aistear a thacú trí úsáid éifeachtach a bhaint as na hAcmhainní sin.

Agus í ag cur fáilte roimh an scéal, dúirt an tAire:

“Tá ríméad orm an chuid thábhachtach nua de shraith thacaíochta réamhscoile do leanaí faoi mhíchumas a fhógairt."

"Neartaíonn Súgradh Ionchuimsitheach AIM teachtaireacht thábhachtach – go cuid ríthábhachtach d’óige é súgradh leanaí, atá riachtanach le haghaidh fáis agus forbartha agus atá ina gné lárnach de sholáthar réamhscoile ar ardchaighdeán."

"Is céim chun cinn tábhachtach eile é an tionscnamh seo chun soláthraithe réamhscoile níos cuimsithí a chruthú ina bhfuil fáilte roimh gach leanbh agus ina bhfuil gach leanbh ar comhchéim agus gur féidir leis nó léi barr a gcumais a bhaint amach.”

CRÍOCH


Nóta d’eagarthóirí:

Is i mBéal Feirste atá an comhlacht Learning Space lonnaithe. Tá punann chuimsitheach de chliaint, tháirgí agus sheirbhísí acu agus tá obair déanta acu ar réimse de thionscadail den chineál céanna ar fud Thuaisceart Éireann agus an Ríocht Aontaithe.

Seoladh an Múnla um Rochtain agus Cuimsitheacht (AIM) i Meitheamh 2016 chun go mbeadh leanaí faoi mhíchumas cuimsithe go hiomlán sa chlár Cúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE) agus go mbeadh páirt fhiúntach á glacadh acu. Tá sé mar aidhm ag AIM a chur ar chumas soláthraithe seirbhíse taithí chuimsitheach réamhscoile a chur ar fáil, agus a chinntiú go mbeadh gach leanbh cáilithe in ann páirt iomlán a ghlacadh sa chlár ECCE agus leas iomlán a bhaint as oideachas agus cúram luathbhlianta ar ardchaighdeán. Múnla leanbhlárnach tacaíochtaí is ea AIM, a bhfuil seacht leibhéal tacaíochta forchéimnithí ag baint leis, ó thacaíocht uilíoch go dtí tacaíocht dhírithe, atá bunaithe ar riachtanais agus láidreachtaí an linbh agus an tsoláthraí sheirbhíse.