English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman 113 tionscadal atá le maoiniú faoin gCiste um Chomhtháthú Pobail 2024

  • Cuirfear €509,791 ar fáil do thionscadail phobalbhunaithe áitiúla ar fud na tíre chun tacú le lánpháirtíocht na n-imirceach.
  • Leithdháilfear deontais suas le €5,000 ar eagraíochtaí rathúla chun tacú le tionscnaimh chomhtháthaithe.

D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, inniu na 113 tionscadal pobail atá le maoiniú a fháil faoin gCiste um Chomhtháthú Pobail 2024. Tríd an gCiste seo, cuirfear €509,791 san iomlán ar fáil chun tacú le heagraíochtaí pobalbhunaithe áitiúla ar fud na hÉireann ról níos mó a bheith acu maidir le fáilte a chur roimh imircigh agus dídeanaithe agus iad a chomhtháthú.

Tá an Ciste um Chomhtháthú Pobail i bhfeidhm ó 2017 agus eascraíonn sé as Gníomh 51 den Straitéis um Chomhtháthú Imirceach, a éilíonn go gcuirfí maoiniú ar fáil do phobail áitiúla ar fud na hÉireann chun lánpháirtiú imirceach agus dídeanaithe a chur chun cinn. Ó cuireadh tús leis, tá tacaíocht tugtha anois ag an gCiste um Chomhtháthú Pobail do bhreis is 930 tionscadal, le maoiniú deontais de €4.32 milliún san iomlán.

Ag fáiltiú roimh an bhfógra, dúirt an tAire O’Gorman:

“Tá lúcháir orm a fhógairt inniu go ndéanfar 113 tionscadal áitiúil um lánpháirtiú imirceach a mhaoiniú faoin gCiste um Chomhtháthú Pobail. Le blianta beaga anuas, bhí ról ríthábhachtach ag pobail ar fud na hÉireann maidir le tacú leo siúd a tháinig agus a bhfuil a saol bainte amach acu anseo. Táim muiníneach go gcabhróidh an ciste seo leis na hiarrachtaí sin”.

DEIREADH//


Nóta d’Eagarthóirí:

Bhí glao oscailte ar thograí ó Chiste Comhtháthaithe na gComhphobal 2024 ar siúl ón 8 Aibreán go dtí an 8 Bealtaine 2024. Tá díreach os cionn €500,000 curtha ar fáil in 2024 chun tacú le tionscadail áitiúla trí mhaoiniú deontais de €1,000 - €5,000 in aghaidh an tionscadail rathúil.

Mar a tharla sna blianta roimhe seo, rinneadh glaonna ar thograí a ghrúpáil faoi dheich dtéama a raibh sé mar aidhm acu cuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn:

• Feasacht Idirchultúrtha;

• Ag Dul i nGleic leis an gCiníochas agus leis an tSeineafóibe;

• Spórt agus Cluichí Pobail;

• Na hEalaíona;

• Bia/Cócaireacht;

• Imeachtaí Pobail;

• Forbairt Acmhainne;

• Fostaíocht;

• Tionscadail don Aos Scoile;

• Imirceach Ban.

Ós rud é go bhfuil sé i gceist leis an gCiste seo tacú le comhtháthú pobal imirceach agus pobail óstacha, tá sé léirithe ag gach iarratasóir rathúil go bhfuil sé ar a gcumas pobail imirceacha agus óstacha araon a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí atá beartaithe. Is é €5,000 an t-uasdheontas atá ar fáil, agus is é €1,000 an t-íosdeontas.

Is féidir liosta de na hiarratasóirí rathúla a fháil anseo.