English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Gorman cistiú chuig Údaráis Áitiúla chun clóis súgartha agus áiteanna súgartha a athchóiriú agus a fhorbairt.

  • €450,000 leithdháilte ar fud na tíre chuig Údaráis Áitiúla chun clóis súgartha agus áiteanna súgartha a athchóiriú agus a fhorbairt
  • Bronnadh cistiú ar 29 dtionscadal faoin Scéim Deontais Súgartha agus Áineas do 2023
  • I measc na dtionscadal a bronnadh tá trealamh atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, trealamh céadfach, agus gnéithe súgartha oiriúnach do uathachas

Inniu d’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, faighteoirí Scéim Deontais Chaipitil um Shúgradh agus Áineas na bliana seo. Bronnadh €450,000 san iomlán ar 29 Údarás Áitiúil.

Tacaíonn an Scéim Deontais Chaipitil um Shúgradh agus Áineas le hobair na nÚdarás Áitiúil chun feabhas a chur ar rochtain ar áiseanna súgartha agus áineas ar ardchaighdeán laistigh dá bpobail. Is féidir é seo a bheith tríd athchóiriú agus uasghrádú na n-áiseanna reatha nó trí cinn nua a fhorbairt. Cuireann an scéim cistiú suas le €18,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail, infheistíocht a bhainfidh le tionchair dhearfacha do leanaí agus do theaghlaigh ar fud na tíre.

Díríonn go leor de na tionscadail arna cistithe faoi scéim na bliana seo ar chuimsiú agus ar rochtain, agus cabhróidh sé lena chinntiú gur féidir le leanaí a bhfuil raon éagsúil riachtanas acu leas a bhaint as na tairbhí na buntáistí a bhaineann le háiseanna súgartha ardchaighdeáin dteannta a gcuid piaraí. Áirítear roinnt de na tionscadail arna gcistiú seo suiteáil:

  • cúirt mionchispheil inrochtana;
  • maide corrach oiriúnach do chathaoireacha rothaí;
  • aonaid súgartha céadfacha éisteachta agus amhairc m.sh. “Drumaí Plobaireacht”,
  • trealamh ceoil céadfach agus conair súgartha céadfach
  • gnéithe súgartha oiriúnach d'uathachas; agus
  • saintréithe inrochtaineachta uasghrádaithe agus plandú bithéagsúlachta.

Ag fógairt an cistiú a bronnadh, dúirt an tAire Ó Gormáin:

“Táim an-sásta tacú le hÚdaráis Áitiúla chun limistéir súgartha ardchaighdeáin a sholáthar ina bpobail ar féidir le gach leanbh taitneamh a bhaint astu. Trí infheistíocht a dhéanamh in infreastruchtúr súgartha sábháilte, inrochtana agus nuálach, táimid ag infheistiú i bhforbairt fhisiceach agus sóisialta na bpáistí agus ina bhfolláine.”

“Déanaim comhghairdeas le hÚdaráis Áitiúla as a dtionscadail rathúla agus táim ag tnúth leis an tionchar a bheidh ag an gcistiú seo ar fud na tíre a fheiceáil.”


Nótaí don Eagarthóir:

Tugadh isteach an Scéim Chistiú Caipitil Súgartha agus Áineas i 2013 chun tacú le háiseanna súgartha agus áineas nua agus reatha do leanaí agus do dhaoine óga.

Tá sé mar aidhm ag scéim 2023 tacú le

  • háiseanna súgartha agus áineas reatha a athchóiriú agus/nó eilimintí súgartha nádúrtha a ionchorprú nó,
  • áiseanna súgartha agus áineas nua.

Bhí an próiseas iarratais oscailte do gach Údarás Áitiúil, a d'fhéadfadh gach ceann díobh tionscadal amháin a ainmniú le haghaidh cistiú. Cuireadh teorainn de €18,000 in aghaidh an tionscadail ar chistiú. Tá bronnadh an chistiú seo ag brath ar chistiú meaitseála an Údaráis Áitiúil de 25% ar a laghad den mhéid a sholáthraíonn DCEDIY, i dtreo an tionscadail.

Rinneadh measúnú ar iarratais incháilithe ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige trí chóras scórála ualaithe; rinneadh measúnú agus scóráil ar gach ceann de na 5 chritéar cáilitheach ina n-aonar agus bhí an scór iomlán tionscadail ina chomhiomlán de scóir na gcritéar.

Áiríodh leis na critéir seo breisluach an tionscadail do dhaoine óga, a rochtain agus a uileghabhálacht, nádúr an chomhairliúcháin le leanaí agus daoine óga áitiúla, an fhianaise a cuireadh ar fáil don chumas an tionscadal a chríochnú, agus comhthacaíocht an riachtanais a chuirtear ar fáil chun tacú leis an iarratas.

Liosta de na tionscadail rathúil, agus an cistiú a bronnadh:

(Ár leithscéal níl an íoslódáil seo Scéim Deontais Súgartha agus Áineas do Ghradaim 2023 ar fáil i nGaeilge)

Play and Recreation Grant Scheme for 2023 Awards
Amharc amharc