Fógraíonn an tAire O’Gorman maoiniú d’Údaráis Áitiúla chun áiteanna súgartha agus láithreacha súgartha a athchóiriú agus a fhorbairt
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 4 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- €450,000 leithdháilte ar fud na tíre ar Údaráis Áitiúla chun áiteanna súgartha agus láithreacha súgartha a athchóiriú agus a fhorbairt
- Maoiniú bronnta ar 30 tionscadal faoin Scéim Deontais le haghaidh Súgartha agus Caitheamh Aimsire do 2024
Rinne an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., faighteoirí Scéim Deontais Caipitil na bliana seo le haghaidh Súgartha agus Caitheamh Aimsire a fhógairt inniu (an 4 Meitheamh). Bronnadh €450,000 ar an iomlán ar 30 Údarás Áitiúil.
Tacaíonn an Scéim Deontais Caipitil le haghaidh Súgartha agus Caitheamh Aimsire le hobair na nÚdarás Áitiúil maidir le feabhas a chur ar rochtain ar áiseanna súgartha agus caithimh aimsire ar ardchaighdeán laistigh dá bpobail. Is féidir é sin a dhéanamh trí áiseanna atá ann cheana féin a athchóiriú agus a uasghrádú nó trí cinn nua a fhorbairt. Cuireann an scéim maoiniú suas le €18,000 ar fáil in aghaidh an tionscadail, infheistíocht a bheidh tionchar dearfach ag baint léi do leanaí agus do theaghlaigh ar fud na tíre.
Dírítear go háirithe ar chuimsiú agus ar rochtain i go leor de na tionscadail a mhaoinítear faoi scéim na bliana seo, agus cabhróidh siad lena chinntiú gur féidir le leanaí a bhfuil raon éagsúil riachtanas acu leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le háiseanna súgartha d’ardchaighdeán in éineacht lena bpiaraí. I measc na dtionscadal maoinithe sin tá suiteáil na rudaí seo a leanas:
- Mionchúirt chispheile inrochtana;
- Crandaí bogadaí atá inrochtana do chathaoireacha rothaí;
- Trealamh Céadfach Uilechuimsitheach don Chlós Súgartha
- Gnéithe súgartha atá oiriúnach don uathachas; agus
- Gnéithe inrochtaineachta agus plandú bithéagsúlachta uasghrádaithe.
Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an tAire O’Gorman:
“Táim an-sásta tacaíocht a thabhairt dár nÚdaráis Áitiúla chun trealamh súgartha den chaighdeán is airde a sholáthar ina bpobail ar féidir le gach leanbh rochtain a fháil air. Trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar súgartha atá sábháilte, inrochtana agus nuálach, táimid ag infheistiú i bhforbairt fhisiciúil agus shóisialta leanaí agus ina bhfolláine.”
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun comhghairdeas a dhéanamh leis na hÚdaráis Áitiúla as a n-aighneachtaí agus táim ag tnúth leis an tionchar a bheidh ag an maoiniú seo ar fud na tíre, a fheiceáil.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Tugadh an Scéim Maoinithe Caipitil le haghaidh Súgartha agus Caitheamh Aimsire isteach in 2013 chun tacú le háiseanna nua agus reatha súgartha agus caithimh aimsire do leanaí agus do dhaoine óga.
Tá sé mar aidhm ag scéim 2024 tacú le:
- áiseanna súgartha agus caithimh aimsire atá ann cheana a athchóiriú agus gnéithe nádúrtha súgartha a ionchorprú nó,
- áiseanna nua súgartha agus caithimh aimsire.
Bhí an próiseas iarratais ar oscailt do gach Údarás Áitiúil agus bhí gach ceann acu in ann tionscadal amháin a ainmniú le haghaidh maoinithe. Cuireadh teorainn de €18,000 in aghaidh an tionscadail ar mhaoiniú. Chun an maoiniú sin a fháil, is gá don Údarás Áitiúil 25% ar a laghad den mhéid a sholáthraíonn an RLCMLÓ a thabhairt don tionscadal.
Rinne an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige measúnú ar iarratais incháilithe agus córas scórála ualaithe in úsáid aici; rinneadh gach ceann de na 5 chritéar cháilitheacha a mheasúnú agus a scóráil ina n-aonar agus bhí scór iomlán an tionscadail mar chomhiomlán de na scóir critéar.
Áiríodh ar na critéir sin luach breise an tionscadail do dhaoine óga, a inrochtaineacht agus a chuimsitheacht, nádúr an chomhairliúcháin le leanaí agus le daoine óga áitiúla, an fhianaise a cuireadh ar fáil faoin gcumas an tionscadal a chríochnú, agus an chomhthacaíocht riachtanas a soláthraíodh chun tacú leis an iarratas.
Liosta de na tionscadail ar éirigh leo, agus an maoiniú a bronnadh:
Údarás Áitiúil | Tionscadal: Teideal/Cur Síos | Maoiniú Faofa |
Ceatharlach | Mionchúirt Chispheile Inrochtana – Páirc Fhoraoise Pháirc na nDarach – Ceatharlach | €16,363.39 |
An Cabhán | Oibreacha athchóirithe – Áit Súgartha Choillidh Mhaonaigh – Baile an Chabháin | €15,184.05 |
An Clár | Uasghradú ar an Áit Súgartha Cairde le Chéile – Inis | €13,120.20 |
Cathair Chorcaí | Uasghrádú ar an Áit Súgartha – Cnoc Grattan | €14,741.79 |
Contae Chorcaí | Athchóiriú ar Áit Súgartha na Léime | €14,152.12 |
Dún na nGall | Athchóiriú ar an Áit Súgartha – Cúil na gCuirridín | €16,510.81 |
Cathair Bhaile Átha Cliath | Leordhóthanacht Súgartha’ Céim 7 – Ceart chun Imeartha – Áit Sábháilte chun Imeartha (Cuid 1) | €17,690.15 |
Fine Gall | Suiteáil trealaimh chuimsithigh súgartha agus chéadfaigh in Áit Súgartha Seabury – Mullach Íde | €16,510.81 |
Comhairle Cathrach na Gaillimhe | Aonad Súgartha Uilechuimsitheach Chaisleán na Lapadán i Ros Cam | €16,953.06 |
Comhairle Chontae na Gaillimhe | Tionscadal athchóirithe 2024 – Áit Súgartha na Páirce Móire – Tuaim | €15,773.72 |
Ciarraí | Uasghrádú Uilechuimsitheach ar Áit Súgartha Pháirc an Bhaile, Trá Lí | €16,881.81 |
Cill Dara | Uasghrádú Trealaimh – Áit Súgartha Mhaoine | €14,152.12 |
Cill Chainnigh | Feabhsuithe ar an Áit Súgartha 2024 – Cill Mhic Bhúith | €16,658.23 |
Laois | Uasghrádú Inrochtaineachta/Bithéagsúlachta ar an Áit Súgartha – Áit Súgartha Dharú | €17,542.74 |
Liatroim | Uasghrádú ar na háiseanna súgartha atá ann cheana féin, suiteáil painéal súgartha le heilimintí céadfacha – Áit Súgartha Ghort na hEorna, Carraig Álainn | €16,215.97 |
Luimneach | Timpeallán Uilechuimsitheach Pháirc Shíol Bhroin agus Deisiúchán ar an Dromchla san Áit Súgartha | €15,773.72 |
An Longfort | Athchóiriú ar Áit Súgartha Dhroim Lis | €17,395.32 |
Lú | Athchóiriú ar an Áit Súgartha – Baile Átha Fhirdhia | €10,761.51 |
Maigh Eo | Athchóiriú Molta ar an Áit Súgartha Pobail atá ann cheana féin ag an bPáirc Thaispeántais – Baile an Róba | €15,478.88 |
An Mhí | Athsholáthar ar Threalamh Cábla/Ziplíne atá ann cheana in Áit Súgartha Swift St – Baile Átha Troim | €9,414.11 |
Muineachán | Deisiúchán ar Áit Súgartha Chorr Leacht, Cnoc an tSalainn | €15,773.72 |
Uíbh Fhailí | An dreapadóir sleamhnáin atá ann cheana féin a bhaint; agus spáslíon agus luascán le haghaidh gach cumas a shuiteáil – Connolly Park – Tulach Mhór | €15,036.63 |
Ros Comáin | Nuamhaisiú ar Áit Súgartha Fhearann na Manach – Baile Átha Luain | €14,671.36 |
Sligeach | Trealamh Céadfach Uilechuimsitheach don Áit Súgartha – Áit Súgartha Pháirc Uí Dhúrthuile | €15,626.30 |
Baile Átha Cliath Theas | Spás Súgartha Pháirc Delaford | 15,200.43 |
Tiobraid Árann | Súgradh Cuimsitheach – Áit Súgartha na Leacht Geal | €15,626.30 |
Port Láirge | Áit Súgartha le Téama Panda – Baile Mhac Cairbre | €16,953.06 |
An Iarmhí | Oibreacha Uasghrádaithe – Áit Súgartha Chill Liúcainne | €16,363.39 |
Loch Garman | Áit Súgartha Min Ryan a fheabhsú | €1,700.55 |
Cill Mhantáin | Tionscadal Uilechuimsitheachta – Áit Súgartha Bhaile Choimín | €15,773.72 |
Iomláin | €450,000 |