Fógraíonn an tAire Zappone ceapachán Bord Bainistíochta nua do Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 12 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Athcheapachán an Ollaimh Ursula Kilkelly mar Chathaoirleach Bhord Bainistíochta Bhaile an Oibricigh deimhnithe.
Róil fágtha ar an mBord líonta i gcomhréir le hAcht na Leanaí 2001 agus Treoirlínte maidir le Ceapacháin le Boird Stáit.
D’fhógair an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dochtúir Katherine Zappone TD, ceapachán Bord Bainistíochta nua do Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh.
Deimhníonn an tAire athcheapachán an Ollaimh Ursula Kilkelly ón Scoil Dlí, Colláiste na hOllscoile Corcaigh don ról mar chathaoirleach de Bhord Bhaile an Oibricigh le haghaidh tréimhse ceithre bliana. Is saineolaí lárnach í Professor Kilkelly in Éirinn agus go hidirnáisiúnta ar shaincheisteanna bainteach le coinneáil leanaí.
Agus an fógra á dhéanamh aici, dúirt an tAire Zappone:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabáil leis na baill ón mBord roimhe seo agus leis an gCathaoirleach, an tOllamh Ursula Kilkelly as an obair ar fad a rinne siad maidir le tréimhse athraithe suntasach a mhaoirsiú i mBaile an Oibricigh ó Mheitheamh 2016. Le linn na tréimhse seo, cuireadh deireadh leis an gcleachtas maidir le hógánaigh a choinneáil i saoráid phríosúin aosaigh agus aistriú d’fhir 17 mbliana d’aois, daortha i gcóir tréimhse coinneála, chuig Campas Bhaile an Oibricigh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo freisin as a dtiomantas i leith dea-rialachas agus a n-iarrachtaí chun saoráid shábháilte agus slán a bhaint amach don ghrúpa leanaí seo atá thar a bheith leochaileach”.
Tá an tAire tar éis dhá bhall déag eile a cheapadh chuig an mBord freisin mar seo leanas;
Ainm | Ceapachán | Téarma |
An tUasal Tadgh Delaney | DCYA (Athcheapachán) | 4 bliana |
An tUasal Eamon Clavin | DES (Athcheapachán) | 4 bliana |
An tUasal Pat Rooney | Cónaitheoir áitiúil (Athcheapachán) | 3 bliana |
Elizabeth Howard | Cónaitheoir áitiúil (Athcheapachán) | 3 bliana |
An tUasal Laoise Manners | Foireann (Athcheapachán) | 2 bliana |
An tUasal Craig Mulligan | Foireann | 2 bliana |
Linda Creamer | Tusla (Athcheapachán) | 4 bliana |
An tUasal Don O’Leary | An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (Athcheapachán) | 3 bliana |
Emer Woodful | An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (Athcheapachán) | 3 bliana |
Jennifer Gargan | An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí | 4 bliana |
Bernadette Costello | An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí | 4 bliana |
An tUasal John McDaid | An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí | bliana |
Dúirt an tAire Zappone freisin:
“Tá mé fíorbhuíoch do na baill ar fad den Bhord nua dá dtiomantas chun cuidiú le rialachas campas coinneála leanaí Bhaile an Oibricigh don chéad téarma oifige eile. Beidh ról tábhachtach ag an mBord nua i mBaile an Oibricigh maidir le deimhniú go leanann an campas ag soláthar coinneáil shábhailte agus slán do leanaí i gcoinneáil, agus anuas ar sin, an timpeallacht oibre is sábháilte agus is féidir don bhfoireann. Tá clár infheistíochta i gcampas Bhaile an Oibricigh, maraon leis na hathchóirithe riachtanacha dleathacha agus feidmhiúcháin, faoi bhealach le blianta beaga anuas agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le lucht oibre Bhaile an Oibricigh dá n-iarrachtaí leanúnacha chun freastal ar riachtanais leanaí i gcoinneáil.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
Soláthraíonn Campas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh iostas do gach leanbh athchurtha le haghaidh tréimhse athchurtha faoi choimeád, nó daortha i gcóir tréimhse choinneála, ag cúirt dlí, faoi bhun aois a 18 in Éirinn. Tá eiseamláir chúraim chuimsitheach de Chúram, Oideachas, Sláinte agus Folláine, Iompar Ciontaithe agus Ullmhúchán le haghaidh filleadh go teaghlaigh agus an pobal (CEHOP) i bhfeidhm ag Baile an Oibricigh leis an aidhm chun na torthaí is fearr a bhaint amach do dhaoine óga i gcoinneáil. D’fhorbair Baile an Oibricigh CEHOP agus eiseamláir shaincheaptha i gcóir seachadadh cláracha cúraim i gcomhréir le roinn 158 d’Acht na Leanaí 2001 a leagann amach príomhchuspóirí scoileanna coinneála leanaí. Is é an príomhchuspóir ná chun cláracha agus saoráidí oiriúnacha oideachais, oiliúna agus eile a sholáthar do leanaí tarchurtha chuchu ag cúirt.
Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as soláthar oideachais i mBaile an Oibricigh agus soláthraítear é seo tríd Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire. Cuimsíonn an curaclam cúrsaí bunscoile agus meánscoile, litearthacht agus uimhearthacht feabhais bunaithe ar Phlean Oideachais Aonair (IEP) maraon le réimse leathan cáilíochtaí gairme agus cáilíochtaí de chuid Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) gradaim chreidiúnaithe trí Shaoráid Oideachais Bhaile an Oibricigh.