Fógraíonn an tAire Zappone láinseáil Tionscnamh Tógála Acmhainne LGBTI+
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 12 Iúil 2019
- An t-eolas is déanaí: 19 Samhain 2019
Cuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh forbairt agus seachadadh tionscnaimh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach bunaithe ar fhianaise bainteach go speiceasach le hoibriú le agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga LGBTI+.
Tar éis láinseáil Straitéis Óige Náisiúnta LGBTI+ le linn Bród 2018, tá áthas an domhain ar an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Dochtúir Katherine Zappone TD, a fhógairt go bhfuiltear ag leanúint agus ag leathnú an Deontas Tógála Acmhainne rathúil a sholáthraigh maoiniú d’eagraíochtaí ag obair le daoine óga LGBTI+ i seirbhísí ar fud na tíre anuraidh.
Tá an tógáil acmhainne ina príomhghníomh faoi Sprioc 1 den Straitéis, is é sin "Timpeallacht shábhailte, thacúil agus cuimsitheach a chruthú do dhaoine óga LGBTI+". Oibreoidh na cuspóirí agus gnímh bainteach leis an sprioc seo i dtreo feabhsúchán leanúnach de spásanna sábháilte, tacúla agus cuimsitheacha do dhaoine óga LGBTI+. Tá se mar aidhm ag an tionscnamh seo maoiniú a sholáthar chun oiliúint, meantóireacht, cóitseáil LGBTQI+ bunaithe ar fhianaise a chur i bhfeidhm maraon le tionscnaimh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) agus forbairt ar threoirlínte dírithe ar sholáthraithe seirbhíse gairmiúla agus seirbhísí óige. Ba cheart go gcuimseodh oiliúint agus treoir fócas ach go háirithe ar shaincheisteanna trasghnéasacha agus saincheisteanna bainteach le hinscne.
Dúirt an tAire:
“Bhí an-bhród orm an chéad Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+ ar domhan a láinseáil anuraidh mar léirigh sé go soiléir cé chomh dáiríre is atáimid inár misean chun deimhniú gurb í Éire an tír bheag is fearr ar domhan chun fás aníos inti. Leanaimid orainn ag obair go dian chun an Straitéis a chur i bhfeidhm agus chun ár dtiomantais a bhaint amach. Deis iontach is ea an maoiniú seo d’eagraíochtaí le saineolas go háirithe ag obair le daoine óga LGBTI+ chun an t-eolas sin a roinnt thar earnálacha eile ar nós sláinte, cúrsaí sóisialta, oideachas agus seirbhísí óige.”
Cuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh forbairt agus seachadadh tionscnaimh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD) bunaithe ar fhianaise bainteach go speiceasach le hoibriú le agus tacú le daoine óga LGBTI+. D’fhéadfadh sé seo oiliúint, meantóireacht, cóitseáil, agus forbairt treoirlínte/beartais/cleachtais a chuimsiú chun tacú le soláthraithe seirbhíse gairmiúla, lena n-áirítear seirbhísí óige. Agus iarratas á dhéanamh le haghaidh maoiniú, ní mór don eagraíocht a léiriú conas atá an tionscnamh ag cur leis an soláthar reatha atá á chur ar fáil ag an seirbhís. Ba cheart go léireodh tionscnaimh tionchar le luach ard ar sholáthar seirbhíse do dhaoine óga LGBTI+ thar réimse earnálacha ar nós oideachais, seirbhísí óige, seirbhísí sóisialta, sláinte.
I mbliana, táimid ag tabhairt san áireamh tionscnaimh a phleanáil thar dhá stáitse i 2019 agus 2020, ag ligint scóip chun tionscnaimh níos uallmhianaí a fhorbairt. Tabharfar tús áite do thionscnaimh le huaillmhian agus inniúlacht, mar shampla, acmhainní digiteacha bunaithe ar fhianaise, láithreáin ghréasáin, treoirlínte le haghaidh dáileadh forleathan, sraitheanna straitéisí, cúrsaí ar líne 7rl.
Is é an spriocdháta d’aighneachtaí ná 12 meánlae ar 26ú Lúnasa. Le haghaidh tuilleadh sonraí agus eolais maidir le conas iarratas a dhéanamh, féach..
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí:
Foilsíodh an Straitéis Náisiúnta Óige LGBTI+ ar 29ú Meitheamh 2018 agus is í an chéad cheann dá leithéid ar domhan. Tá sí ina phríomhthiomantas do DCYA mar chuid den Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta 2016 agus cabhróidh sí go suntasach le tiomantas níos leithne an Rialtais chun leanúint ag iarraidh cuimsitheacht iomlán daoine óga LGBTI+ a chinntiú i sochaí na hÉireann. Straitéis 3 bliana atá ann atá dírithe go láidir ar ghníomh leis an misean chun cinntiú go bhfuil gach duine óg LGBTI+ infheicthe, go bhfuil ardmheas orthu agus go bhfuil siad curtha san áireamh.
Tá roinnt athruithe suntasacha tar éis tarlú in Éirinn leis na leathscórtha bliain a spreag dul chun cinn suntasach agus torthaí feabhsuithe do dhaoine LGBTI+. Tá sé mar aidhm ag an Straitéis bearta a chur in ionad chun dul i ngleic le roinnt de na dushláin atá le sárú fós ag daoine óga LGBTI+, d’fhonn a chinntiú gur féidir leo na torthaí dearfacha céanna ar nós gach duine óg eile a bhaint amach.
Tá an Straitéis agus a rialachas amach anseo fréamhaithe i gcreatlach Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile: Creatlach an Pholasaí Náisiúnta do Leanaí agus do Dhaoine Óga agus ar an gcuma sin, cuideoidh sí leis na cúig torthaí náisiúnta a bhaint amach do leanaí agus do dhaoine óga:
1) Gníomhach agus sláintiúil, le folláine dearfach fhisiciúil agus mheabhrach
2) Ag comhlíonadh a bpoitéinseal iomlán i ngach réimse foghlama agus forbartha
3) Sábháilte agus cosanta ó dhíobháil
4) Slándáil agus deiseanna eacnamaíochta
5) Nasctha, meas orthu agus rannpháirteach sa domhan.
Is iad na torthaí ionchasacha sa Straitéis Náisiúnta ÓIGE LGBTI+ ná:
- Timpeallachtaí agus seirbhísí do dhaoine óga LGBTI+ a fheabhsú
- Tacú le hoiliúint níos fearr do phroifisiúnaigh i dteagmháil le daoine óga LGBTI+
- Beartas frithbhulaíochta a chur i bhfeidhm agus dul i ngleic le hidirdhealú frith-LGBTI+
- Dul i ngleic le sláinte agus folláine daoine óga LGBTI+ agus
- Reachtaíocht a leathnú chun daoine óga LGBTI+ a chuimsiú agus a chosaint, eolas a ghiniúint agus léargas a fháil maidir le riachtanais daoine óga LGBTI+ .