Fógra maidir le Dul Chun Cinn ar Sheirbhís Náisiúnta GAL a Bhunú
-
Ó: An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
- Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, sásta fáilte a chur roimh an Uasal Anthony Douglas CBE chun oibriú leis an Roinn chun ullmhúcháin don tseirbhís náisiúnta um Chaomhnóir ad litem (CAL) atá pleanáilte a chur chun cinn. Is céim thábhachtach í an obair atá le déanamh ag an Uasal Douglas chun tiomantas an Rialtais maidir le guth an linbh a neartú in imeachtaí cúirte a chomhlíonadh.
Is tiomantas seanbhunaithe an Rialtais é tús áite a thabhairt do chearta agus do shárleasanna an linbh in imeachtaí cúram leanaí a chinntiú. Tá sé mar aidhm ag leasú an mhúnla reatha de sholáthar CAL foráil rochtain uilíoch a thabhairt ar CAL do gach leanbh a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte cúram leanaí.
Is iar-Phríomhfheidhmeannach Cafcass é an tUasal Douglas, an tSeirbhís Chomhairleach agus Tacaíochta Cúirte um Leanaí agus Teaghlaigh, a dhéanann ionadaíocht do leanaí i gcásanna cúirte teaghlaigh i Sasana. Bronnadh CBE air in 2008 as a chuid oibre i gcúrsaí ceartais teaghlaigh agus uchtaithe.
Ag cur fáilte roimh an Uasal Douglas chuig an ról, dúirt an tAire Roderic O'Gorman:
“Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh an Uasal Douglas chun oibriú le mo Roinn. Tá an-mheas air ina réimse agus tugann sé an t-uafás taithí ábhartha leis chuig an tionscadal seo. Níl aon amhras orm ach go mbeidh a ionchur ina bhuntáiste ollmhór maidir le hoifig ad litem caomhnóra den chaighdeán is airde a chinntiú amach anseo. Tá Éire chun tosaigh maidir lena chinntiú go n-áirítear guth an linbh sna cinntí a bhaineann lena gcuid saolta thar go leor réimsí den saol poiblí agus príobháideach. Cinnteofar go n-éistfear le guth leanaí sa chóras cúirte um chúram leanaí agus tá sé sin ceart agus cóir"
Dúirt Anthony Douglas freisin:
“Tá an-áthas orm a bheith ag obair leis an Roinn ar an tionscadal seo. Tá ról ríthábhachtach ag CALanna lena chinntiú go bhfuil an deis is fearr is féidir ag gach leanbh atá faoi chúram an todhchaí is fearr is féidir a bhaint amach. Oibreoidh mé go cuimsitheach agus i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ar fad lena chinntiú gur féidir liom cabhrú le coinníollacha a bhaineann le rath na seirbhíse nua amach anseo a chruthú.”
Nótaí don Eagarthóir:
Cuireann caomhnóirí ad litem (CALanna) feabhas ar chumas cinnteoireachta na cúirte maidir le himeachtaí cúram leanaí trí chomhairle a thabhairt ar leas an linbh agus tuairimí an linbh a chur in iúl don chúirt.
Cuireann an tAcht um Chúram Leanaí 2022, a dhéanann foráil d'athchóiriú an chórais CAL, an tAire ar chumas an Aire seirbhís CAL náisiúnta nua a bhunú.
Nuair a chuirfear tús leis, rialóidh agus leathnóidh an tAcht seo an córas GAL, rud a chruthóidh toimhde ar son GAL a cheapadh in imeachtaí cúram leanaí os comhair na Cúirte Dúiche agus ar son ceapachán éigeantach i gcásanna um chúram speisialta os comhair na hArd-Chúirte. Cinnteoidh sé go gcomhlíonfar leas leanaí agus daoine óga in imeachtaí cúram leanaí trína chinntiú go n-éistfear leo.